Tús curtha ag an Aire Creed le Comhairliúchán maidir le Straitéis Agraibhia amach anseo i Staid Aviva
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Óstálfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD “Díospóireacht Oscailte Beartais” do 400 toscaire ó fud earnáil agraibhia na hÉireann inniu. Déanfar réimse saincheisteanna a phlé ag an imeacht. Saincheisteanna iad seo a bheidh ríthábhachtach i ndáil leis an gcéad straitéis deich mbliana eile don earnáil a fhorbairt.
Dúirt an tAire roimh an gComhdháil; “Cleachtas tábhachtach comhairliúcháin atá sa “Díospóireacht Oscailte Beartais” seo agus lena gcuirtear deis luachmhar ar fáil do pháirtithe leasmhara teacht le chéile chun na dúshláin chasta agus na deiseanna casta atá roimh earnáil agraibhia na hÉireann a mheas. Is fada liom an méid atá le rá ag na páirtithe leasmharana a chloisteáil, go háirithe maidir le smaointeoireacht agus smaointe nua atáthar ábalta a ghiniúint chun treoir agus ábhar don chéad Straitéis Agraibhia go dtí 2030 a mhúnlú.
Cuirfear tús leis an imeacht seo le forbairt an chéad straitéise deich mbliana eile a thiocfaidh in áit Food Wise 2025 i gcomhair leis an gcomhairliúchán poiblí a sheol an tAire Creed le linn an tsamhraidh. Dúirt an tAire Creed; “Ní amháin go gcaithfidh muid na dúshláin reatha agus na dúshláin atá ag teacht chun cinn a mheas ach an lear mór deiseanna atá á n-oscailt don earnáil agraibhia a mheas chomh maith. Le 20 bliain anuas, tá leas bainte ag an earnáil as sraith straitéisí páirtithe leasmhara a thugtar bord ar bhord leis an aimsir gach cúig bliana. Cuireadh fís faoi stiúir páirtithe leasmhara stuama chun cinn de bharr na pleanála straitéisigh seo atá mar bhonn agus taca ag forbairt na hearnála. Fianaise air sin an méadú 73% a tháinig ar luach na n-onnmhairí agraibhia ó 2009, go dtí beagnach €14 billiún anuraidh. Leag gach aon straitéis a tháinig i ndiaidh a chéile níos mó agus níos mó tábhacht ar inbhuanaitheacht comhshaoil, arna aithint i gceart i Food Wise mar ghné a bhí ar chomhchéim le forbairt eacnamaíocht agus a chuireann le forbairt eacnamaíochta.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá an comhairliúchán poiblí ar an gcéad Straitéis Agraibhia eile ag Éirinn go 2030 ar cheann de shraith comhairliúchán atá mar chuid de chur chuige na Roinne i leith beartas cuimsitheach a fhorbairt.
Tiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúchán ag deireadh an lae gnó, Dé Aoine an 18 Deireadh Fómhair 2019.
Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán, mar seo a leanas: