Cén chuma atá ar do chontae? Bealach eile chun amharc ar Dhún na nGall
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann trí léarscáil áille gheoifisiceacha de Chontae Dhún na nGall inniu, ar a dtaispeántar an contae ar bhealach nua ar fad.
Ón mbliain 2011 amach, tá clár Tellus de chuid Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, ar rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í, ag bailiú sonraí geoifisiceacha trí ghléasanna ar bhord aerárthaí íseal-eitilte. Léirítear sna sonraí airíonna maighnéadacha, leictreamaighnéadacha agus radaiméadracha na talún, agus tá siad tiomsaithe anois ina sraith léarscáileanna contae ar a mínítear an fhaisnéis atá léirithe agus ar a dtugtar príomhfhíorais ar na fionnachtana.
Dúirt Koen Verbruggen, Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann:
"Is ar bhealach eile a fhéachann geolaithe agus geoifisiceoirí ar rudaí, ó thaobh ama agus spáis de araon. Úsáideann siad dathanna chun airíonna difriúla carraige nó na milliúin blianta a chur in iúl.”
"Tá seans ann go gcuimhneoidh daoine ar aerárthaí a bheith ag eitilt go híseal os cionn a dtí agus go mbeidh siad ag iarraidh a fháil amach ar aimsíodh aon rud neamhghnách ina gcontae. Leis na léarscáileanna seo, tugtar deis dúinn na torthaí a chur i láthair ar bhealach atá inrochtana do chách agus tugtar deis do dhaoine amharc ar Chontae Dhún na nGall ar bhealach eile."
Is féidir ardfhriotachas shléibhte agus chnoic eibhir Dhún na nGall a fheiceáil sa léarscáil leictreamaighnéadaice. Nochtar sa léarscáil maighnéadaice fabhtanna atá ag dul ón iardheisceart go dtí an t-oirthuaisceart, mar aon le dingeáin atá ag dul ón oirdheisceart go dtí an t-iarthuaisceart. Sa deireadh, léirítear sa léarscáil radaiméadraice eibhear an Bhearnais Mhóir lastoir de Leitir Ceanainn, rud a bhfuil dath bán air sa léarscáil.
Tá geoifisic aerbheirthe ina modh cost-éifeachtúil chun airíonna fisiceacha na hithreach, na carraige agus an uisce faoi bhun na talún a bhrath. Is féidir na sonraí a úsáid chun críocha éagsúla, mar shampla léarscáiliú geolaíoch, taiscéalaíocht mianraí, léarscáiliú riosca radóin, agus taiscéalaíocht fuinnimh gheoiteirmigh tríd an bhfodhromchla a thuiscint. Ba i dTuaisceart Éireann a tosaíodh clár Tellus, agus tá sé beartaithe go gcuirfear na suirbhéanna ar oileán na hÉireann i gcrích faoi dheireadh na bliana 2026.
Tá léarscáileanna Tellus ar Chontae Dhún na nGall ar fáil ar shuíomh gréasáin external-link https://www.gsi.ie/en-ie/programmes-and-projects/tellus/activities/tellus-county-maps/Pages/default.aspx | Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann. ]
CRÍOCH
Is ionann suirbhé Tellus agus clár náisiúnta atá deartha chun sonraí geoiceimiceacha agus geoifisiceacha a bhailiú ar fud na hÉireann. I bhfocail eile, is é atá i gceist leis airíonna ceimiceacha agus fisiceacha ár n-ithreach, ár gcarraigeacha agus ár n-uisce a scrúdú. Is í Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann a sheolann Tellus, agus is í an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a chistíonn é.
Tá dhá chineál suirbhéireachta i gceist le Tellus: suirbhéireacht gheoifisiceach aerbheirthe, ina mbaintear úsáid as aerárthaí íseal-eitilte; agus suirbhéireacht gheoiceimiceach thalamhbhunaithe ar ithir, ar uisce srutháin agus ar dhríodar srutháin. Maidir leis an eitleán de chuid Tellus atá ag seoladh na suirbhéanna, eitlíonn sé 60 méadar os cionn na talún agus tá sé le heitilt i gCorcaigh agus i gCiarraí níos déanaí i mbliana. Tá na sonraí uile ó Tellus ar fáil ar shuíomh gréasáin Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann.