Seolann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide comhairliúchán ar chreat beartais stórála leictreachais d’Éirinn
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’oscail an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide comhairliúchán ar stóráil leictreachais. Tá sé mar aidhm leis an gcomhairliúchán tuairimí na bpáirtithe leasmhara uile a bhailiú chun cabhrú le beartas nua stórála leictreachais a fhorbairt d’Éirinn.
Tríd an gcomhairliúchán seo, tá an roinn ag iarraidh sainaithint a dhéanamh ar na dúshláin atá le sárú chun gur féidir teicneolaíochtaí stórála leictreachais a imscaradh go héifeachtach agus scrúdú a dhéanamh ar an ról ar féidir leis na cineálacha éagsúla stórála leictreachais é a imirt maidir le tacú leis an aistriú fuinnimh.
Gealltar i gClár an Rialtais – Ár dTodhchaí Chomhroinnte – an creat beartais a neartú chun stóráil leictreachais a dhreasú. Ar aon dul leis sin, gealltar sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021 ‘Creat beartais stórála a fhorbairt lena dtacófar le spriocanna astaíochtaí leictreachais a bhaint amach’ (Gníomh 124).
Is é atá i gceist le stóráil leictreachais ná raon leathan teicneolaíochtaí lena ngabhtar fuinneamh agus lena stóráiltear é lena úsáid nuair is gá. Beidh ról ríthábhachtach aici maidir leis an earnáil leictreachais a dhícharbónú.
I measc nithe eile, soláthraíonn stóráil leictreachais sainseirbhísí don eangach leictreachais lena gcumasaítear d’oibritheoirí córais córas leictreachas atá sábháilte agus iontaofa a chothabháil. Trí na seirbhísí sin, ar a dtugtar seirbhísí córais nó seirbhísí coimhdeacha freisin, cabhraítear le minicíocht agus voltas a chothabháil ar an eangach de réir mar a mhéadaíonn an méid leictreachais inathnuaite ar an gcóras. Is féidir le stóráil leictreachais cabhrú le slándáil an tsoláthair a chothú freisin trí leictreachas a stóráil le linn tréimhsí rósholáthair agus trí é a scaoileadh ansin nuair a bhíonn an gá is mó ag an eangach leis, mar shampla nuair a bhíonn easnamh ann idir soláthar agus éileamh.
Is féidir mionsonraí iomlána faoin gcomhairliúchán a fháil ar shuíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH
Is féidir le stóráil leictreachais ról lárnach a imirt maidir le hearnáil leictreachais na hÉireann a dhícharbónú ar roinnt bealaí, lena n-áirítear iad seo a leanas:
Má táimid chun na cuspóirí dícharbónaithe atá againn a bhaint amach, beidh gá ann le stóráil ghearrthéarmach agus le stóráil fhadtéarmach araon, mar aon le raon leathan teicneolaíochtaí ar fud an chórais leictreachais ar fad.
Dar leis an bPlean REPowerEU ón gCoimisiún Eorpach, is "chun an leasa phoiblí sháraithigh" atá sé tionscadail stórála leictreachais a fhorbairt. Tá teicneolaíochtaí stórála ag imirt ról tábhachtach maidir le tacú leis an gcóras leictreachais in Éirinn cheana féin. Is cothrom le 792 MW atá an toilleadh comhcheangailte stórála atá nasctha leis an eangach in Éirinn faoi láthair. Sa toilleadh sin, is le ceallraí ian litiam ina bhfuil thart ar 500 MW agus ar lú a meánfhad ná uair an chloig a sholáthraítear seirbhísí córais. Soláthraítear seirbhísí córais don eangach, agus cabhraítear leis an soláthar leictreachais agus an t-éileamh ar leictreachas a chothromú, ón taiscionad pumpála 292 MW atá suite ag Cnoc an Turlaigh, Co. Chill Mhantáin, freisin.
De réir mar a fhorbraíonn an córas leictreachais, beidh ríthábhacht ag baint le leas a bhaint as cineálacha eile stórála, idir stóráil atá taobh thiar den mhéadar, stóráil ceallra feithicle leictrí, stóráil theirmeach agus stóráil hidrigine glaise.
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag obair faoi láthair ar chreat beartais a fhorbairt do stóráil leictreachais, bunaithe ar riachtanais an chórais leictreachais.
Ina theannta sin, ghabh an Coimisiún um Rialáil Fóntais air féin an dóigh a gcaitear leis an stóráil ó thaobh rialála de, lena n-áirítear ceadúnú, luchtú agus dreasachtaí margaidh, a athbhreithniú faoi dheireadh na bliana 2023. Tá obair ar an athbhreithniú sin ar siúl laistigh den Choimisiún um Rialáil Fóntais faoi láthair.