78 n-abhainn ar oscailt le haghaidh Slatiascaireacht Bradán sa bhliain 2025
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, reachtaíocht lena rialófar iascach bradán fiáin agus breac geal fiáin sa bhliain 2024. Tiocfaidh an reachtaíocht sin i bhfeidhm Dé Luain an 1 Eanáir 2025.
Dúirt an tAire Ryan:
"Beidh 78 n-abhainn ar fáil le haghaidh iascaireacht bradán agus breac geal sa bhliain 2025. Cabhróidh sé sin le bainistíocht chúramach a dhéanamh ar an acmhainn nádúrtha thábhachtach sin, a bhfuil ríthábhacht ag baint lena caomhantas agus lena hinbhuanaitheacht. Beidh 40 ceann de na haibhneacha ar oscailt agus beidh na 38 gcinn eile ar oscailt le haghaidh slatiascaireacht ‘gabháil agus scaoileadh’. I gcás na bhfeabhsuithe ar stoic sa bhliain 2024, aisiompaíodh iad beagáinín don bhliain 2025. Beidh iarracht agus dianseasmhacht chomhchoiteann ag teastáil i measc na ngeallsealbhóirí uile, áfach, chun a chinntiú go dtiocfaidh feabhas le himeacht ama ar an riocht atá ar gach stoc abhann aonair. Tá sé tábhachtach go dtuigfimis go léir go bhfuil na stoic féin lánspleách ar iarracht mhéadaithe a bheith á déanamh ag gach duine chun déileáil leis na tionchair chomhshaoil, aeráide agus bhithéagsúlachta a bhíonn ag idirghabhálacha an duine."
Chun tacú leis an reachtaíocht don bhliain 2025, fuair an tAire Ryan comhairle bhainistíochta ó Iascach Intíre Éireann i ndáil le 140 ceann de stoic bradán fiáin atá éagsúil lena chéile ón taobh géiniteach de. Bhí an chomhairle sin bunaithe ar mheasúnuithe eolaíocha aonair. Is é an Sainghrúpa Teicniúil maidir le Bradán – grúpa eolaíoch neamhspleách uile-oileáin a chuimsíonn saineolaithe ó raon comhlachtaí difriúla – a dhéanann na measúnuithe sin gach bliain.
Le tacaíocht ón Sainghrúpa, chinn Iascach Intíre Éireann na nithe seo a leanas: cé na stoic aonair arb airde iad a dhóthain ná a dteorainn chaomhantais ar leith chun go bhféadfaí iad a oscailt le haghaidh iascaireachta; cé na haibhneacha nárbh airde iad a dhóthain ná an teorainn ach a chomhlíon céatadán dóthanach den teorainn chun go bhféadfaí iad a aicmiú le haghaidh slatiascaireacht ‘gabháil agus scaoileadh’; agus cé na haibhneacha a bhí chomh fada sin faoi bhun na teorann chun go bhféadfaí iad a dhúnadh ó aon saothrú. Is ionann an teorainn chaomhantais agus an líon iasc aosach sceite a theastaíonn chun stoc folláin inbhuanaithe a chothabháil i ngach abhainn aonair.
Is é an rud is tábhachtaí maidir le líon méadaithe stoc a chothú ná cáilíocht an uisce a fheabhsú. Níl cáilíocht an uisce i gcuid mhór dár n-aibhneacha sách ard chun stoic inbhuanaithe a chothú. Cé gur minic a bhíonn gníomhaíochtaí talmhaíochta ina gcúis leis sin, bíonn cóireáil neamhdhóthanach fuíolluisce ina cúis eile leis, go pointe níos lú. Cuireadh an chomhairle a tugadh i mbliana ar fáil freisin mar chuid de phróiseas reachtúil comhairliúcháin phoiblí ar lena linn a iarradh aighneachtaí i scríbhinn ó gheallsealbhóirí (an earnáil iascaireachta áineasa, an earnáil iascaireachta tráchtála agus an earnáil chomhshaoil ina measc) maidir leis na dréachtrialacháin.
Is mar a leanas atá an chomhairle bhainistíochta a fuarthas, a bhí bunaithe ar an measúnú a rinne an Sainghrúpa Teicniúil maidir le Bradán ar aibhneacha/inbhir/cuanta:
Dúirt an tAire Ryan freisin:
"Tá cáil idirnáisiúnta ar Éirinn le blianta fada anuas as an riachtanas comhshaoil a leabú mar chomhpháirt ríthábhachtach den dóigh a mbainistímid an acmhainn lómhar bradán atá againn. Cé gur éirigh leis an mbeartas sin san am atá thart, tá mo roinn ag déanamh meastóireacht ar a éifeachtaí atá an beartas reatha bainistíochta agus ar a chur chun feidhme. Mar chuid den mhór-athbhreithniú ar an mbeartas iascaigh intíre, tá sé beartaithe, agus díriú méadaithe á leagan ar an gcaomhantas, roghanna a leagan amach le haghaidh feabhsuithe a chur ar ár gcóras bainistíochta agus le haghaidh ár gceanglais cheadúnúcháin a nuachóiriú chun a chinntiú go mbeidh rochtain ann ar an acmhainn nuair a chomhlíontar a riachtanais chaomhantais agus bhithéagsúlachta."
Faigh rochtain ar na doiciméid uile a bhaineann leis na Fodhlíthe Iascaigh Intíre, 2024, ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Rinne an tAire ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide na Rialacháin agus na Fodhlíthe seo a leanas:
Foráiltear leis na rialacháin seo do na cuótaí éisc a fhéadfar a shaothrú le hinnill iascaireachta tráchtála agus le slat agus ruaim ó na haibhneacha sin atá sainaitheanta i Sceideal 2 a ghabhann leis na Rialacháin. Foráiltear leis na Rialacháin freisin do chlibeanna donna a úsáid in aibhneacha sonraithe atá sainaitheanta i Sceideal 4.
Foráiltear leis an bhFodhlí seo do theorainn ghabhála bhliantúil de 10 n-iasc is bradán nó breac geal (os cionn 40 cm) in aghaidh an tslatiascaire. Foráiltear leis freisin do theorainn ghabhála séasúir de thrí iasc sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 11 Bealtaine, do theorainn ghabhála laethúil de thrí iasc ón 12 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa, agus do theorainn ghabhála laethúil d’iasc amháin ón 1 Meán Fómhair go deireadh an tséasúir. Leis an bhFodhlí seo freisin, foráiltear do dhuáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte a úsáid agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite a luaithe a ghabhtar an líon sonraithe iasc sna tréimhsí sonraithe.
Foráiltear leis an bhFodhlí seo do 'ghabháil agus scaoileadh' i ndáil le bradán agus breac geal (os cionn 40 cm) sna haibhneacha atá luaite san Fhodhlí. Leis an bhFodhlí seo freisin, foráiltear do dhuáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte a úsáid agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite le linn slatiascaireacht a dhéanamh ar bhradán agus breac geal os cionn 40 cm.
Leis an bhFodhlí seo, foráiltear do ‘ghabháil agus scaoileadh’ i ndáil le slatiascaireacht a dhéanamh ar bhradán (aon mhéid) agus breac geal (os cionn 40 cm) ar an tSiúir (lena n-áirítear uiscí na Clóidí, an Loinneáin agus na hAbhann Duibhe) agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna, cloicheán, séacla nó aon chrústach eile, nó aon chineálacha saorga eile díobh, a úsáid mar bhaoite agus ar dhuáin seachas duáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte a úsáid le linn na tréimhse ón 17 Márta go dtí an 30 Meán Fómhair.
Leis an bhFodhlí seo, foráiltear do theorainn ghabhála laethúil de thrí bhreac gheala (faoi bhun 40 cm ar fad) agus do dhuáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte a úsáid agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite a luaithe a ghabhtar an líon sonraithe breac geal.
Leis an bhFodhlí seo, cuirtear toirmeasc ar aon duáin, seachas duáin loma aonair nó duáin loma dhúbailte, a úsáid agus cuirtear toirmeasc ar phéisteanna a úsáid mar bhaoite le linn slatiascaireacht a dhéanamh ar gach speiceas éisc sna huiscí atá sonraithe san Fhodhlí.
Leis an bhFodhlí seo, cuirtear toirmeasc ar bhradán agus breac geal (os cionn 40 cm) a thógáil, nó ar iarracht a dhéanamh iad a thógáil, le slat agus ruaim sna haibhneacha atá sonraithe san Fhodhlí.
Foráiltear le halt 57(7) den Acht um Iascach Intíre, 2010, go bhféadfaidh aon duine arb éagóir leis nó léi na fodhlíthe seo, laistigh de 28 lá tar éis a bhfoilsithe san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt in aghaidh an chéanna.