Litir ainmniúcháin do ról an chéad Uachtarán eile ar an nGrúpa Euro seolta ag an Aire Donohoe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Déardaoin) sheol an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D., a litir ainmniúcháin do ról an Uachtaráin ar an nGrúpa Euro.
Is é an Grúpa Euro an comhlacht trína ndéanann Airí Airgeadais 19 mBallstát limistéar an Euro cinntí maidir le saincheisteanna beartais a bhaineann le bainistíocht gheilleagar limistéar an Euro. Freastalaíonn Airí Airgeadais na n-ocht mBallstát AE nach bhfuil páirteach i limistéar an Euro ar chruinnithe go rialta i bhfianaise thábhacht na saincheisteanna a bhíonn á bplé.
Tá ról lárnach ag Uachtarán an Ghrúpa Euro sa chlár oibre agus san fhreagairt beartais do mhórcheisteanna geilleagracha a mhúnlú, lena n-áirítear tionchar geilleagrach phaindéim reatha COVID-19. Tá an tAire Donohoe i measc ceann de na hAirí Airgeadais is faide i mbun a chúraimí san AE agus is faide atá ag feidhmiú mar chomhalta den Ghrúpa Euro.
Le linn dó a bheith ag labhairt i ndiaidh dó a litir ainmniúcháin a sheoladh isteach, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donohoe:
‘Is é an Grúpa Euro croílár Limistéar an Euro agus an t-airgeadra aonair atá in úsáid ag Éire i dteannta leis an 18 gcomhpháirtí AE eile. Tá ról ceannaireachta aige i bhfreagairt an AE do Covid-19. Tá geilleagar láidir Eorpach, a bhfuil an Euro ag a chroílár, riachtanach do théarnamh, forbairt agus cruthú post in Éirinn agus ar fud an AE’.
Má thoghtar é, is guth láidir Éireannach agus Eorpach a bheidh ag an Aire Donohoe ag croílár chinnteoireacht beartais gheilleagraigh an AE, agus oibreoidh sé i ndlúthchomhar le Ballstáit agus leis an gCoimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, agus Parlaimint na hEorpa, ar son leas na hEorpa.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donohoe:
‘Tá caidreamh á chothú ag Éire le fada an lá. Má thoghtar mé, oibreoidh mé chun bealach coiteann a aimsiú chun cur le téarnamh na hEorpa, geilleagar Limistéar an Euro a neartú, agus fás inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur chun cinn le haghaidh na mBallstát agus a saoránach. Tá ceithre bliana taithí agam mar Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus Aire Airgeadais, agus Aire Gnóthaí Eorpacha na hÉireann; Ballstát beag ar tír Cláir í ach a bhfuil a geilleagar agus sochaí athraithe ó bhonn mar thoradh ar bhallraíocht san AE freisin’.
Tá an fhís atá aige le haghaidh Ghrúpa an Euro sonraithe ag an Aire, agus an tionchar a bheadh aige ar obair an ghrúpa dá dtoghfaí é, i litir atá seolta aige chuig a chomh-Airí*. Chomh maith leis sin, labhair an tAire lena chomhghleacaithe maidir lena iarrthóireacht agus déanfaidh sé é seo arís roimh an vóta ag cruinniú an Ghrúpa Euro ar an 9 Iúil.
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
D’fhógair Uachtarán reatha an Ghrúpa Euro, Aire Airgeadais na Portaingéile, Mário Centeno, ar an 11 Meitheamh nach mbeidh an dara mandáid mar Uachtarán á lorg aige, rud a chiallaíonn go dtiocfaidh deireadh lena théarma ar an 12 Iúil.
Is é an spriocdháta le haghaidh ainmniúchán a dhéanamh 17.00 uair CET ar an 25 Meitheamh.
Reáchtálfar an toghchán ag cruinniú an Ghrúpa Euro ar an 9 Iúil, tráth a dtoghfar Uachtarán nua trí thromlach simplí le haghaidh téarma dhá bhliain go leith.