2020 – Tugann an Roinn tacaíocht do roinnt de na réimsí is measa buailte ag COVID-19
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann an tAire Martin machnamh ar na sé mhí de bhearta chun dul i ngleic le dúshláin de réir mar a bhuail an phaindéim earnáil na n-ealaíon, an chultúir, na turasóireachta agus an spóirt go dona
- Maoiniú chun tacú le hobair cheoltóirí agus ealaíontóirí
- Tacaíocht chun maireachtáil mhór-imeachtaí spóirt a chinntiú
- Cláir chun earnáil na turasóireachta a choinneáil beo i dtréimhse na géarchéime
- Maoiniú breise chun traidisiúin na Gaeltachta a chosaint
Tá An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, ag féachaint chun cinn ar 2021 le dóchas nua agus tacaíochtaí i bhfeidhm aici do na hearnálacha atá buailte ag COVID-19, faoi choimirce a Roinne chun tacú lena gcuid oibre.
Ag aithint go géar go gcuireann réimsí cosúil leis an Turasóireacht agus leis an gCultúr “ár bhféiniúlacht mar náisiún in iúl” chuir an tAire – a tháinig i seilbh na hoifige i mí an Mheithimh – príomhthacaíochtaí i bhfeidhm i gcomhair na n-earnálacha ríthábhachtacha sin le linn a céad sé mhí san oifig. Áirítear ar na bearta:
Spreagadh Post Mhí Iúil. Bhí deontais agus tacaíochtaí do na hearnálacha i measc na mbeart leathan a socraíodh ag leibhéal na comh-aireachta. I measc na bhfógraí suntasacha, bhí: An Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta; €300m breise don Scéim Deontais Atosaithe do ghnólachtaí turasóireachta; fógairt Scéim Fan agus Caith chun caitheamh turasóireachta a spreagadh; agus maoiniú don earnáil chlosamhairc agus don Chiste Cultúir.
D'fhógair an tAire Martin agus an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers TD, pacáiste láidir tacaíochtaí mar chuid de Bhuiséad 1.08 billiún nach bhfacthas riamh cheana. Chuir an rialtas €50m ar fáil don tsiamsaíocht bheo, an chéad uair riamh gur chuir rialtas tacaíocht ar fáil don réimse. Fuair an dá earnáil nua de chuid an Roinn méadaithe – Spórt agus Turasóireacht – spreagthaí móra, mar shampla, cuireadh ciste tacaíochta €55 milliún ar fáil ar mhaithe le gnólachtaí turasóireachta straitéiseacha agus laghdaíodh CBL go 9% san earnáil. Chuir Scéim Tacaíochta Srianta COVID (STSC), aisíocaíochtaí suas go €5,000 in aghaidh na seachtaine ar fáil do ghnólachtaí fáilteachais, lóistín agus ealaíon atá buailte ag an bpaindéim.
Bearta eile:
• €130m don Chomhairle Ealaíon - an méid is mó riamh;
• Leithroinnt breis is €78m d’earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge - sin ardú €14.8m ar an gcéad leithroinnt a rinneadh in 2020;
• Maoiniú suas go €40.733m do TG4
• €104.5m leithdháilte ar Spórt Éireann - suas €36m
Tá na hEalaíona agus an Cultúr buailte go dona ag COVID-19, rud a thug an tAire aitheantas dó le sraith tacaíochtaí maoiniúcháin le linn na bliana. Mar aon leis an maoiniú ó Phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil, cuireadh maoiniú breise €56m leis an tacaíocht iomlán do na healaíona agus don chultúr go luath san Fhómhar.
Tascfhórsa Geilleagair Oíche . Oibríonn Ranna, Gníomhaireachtaí agus grúpaí éagsúla le chéile sa Tascfhórsa seo, a fógraíodh i mí Iúil, chun cultúr agus geilleagar oíche atá bríomhar agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus a fhorbairt.
Scéim €6m chun Tacú le Taibhithe Beo. Leithdháileadh €5m faoin “Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo” le cabhrú le hionaid bhrabúsacha, léiritheoirí agus tionscnóirí léirithe beo agus le fostaíocht a chur ar fáil d’oibrithe sna tionscail chruthaitheacha, mar aon le Pacáiste Spreagtha Ceoil €1m. Bronnadh €896,000 ar 184 ceoltóir/banna ar dtús chun cabhrú leo taifead a dhéanamh ar shingile, ceirníní leathfhada agus albaim, agus méadaíodh an Pacáiste Spreagtha Ceoil go €1.7m mar gheall ar líon ollmhór iarratas ó cheoltóirí. Cuireadh 79 campa scríobh amhrán agus 56 albam nua ar fáil leis an maoiniú seo chomh maith.
Bhain 59 eagraíocht tairbhe as an Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo. Fuair ionaid mhóra agus ionaid bheaga, léiritheoirí agus tionscnóirí na deontais a bhí idir €10,000 to €400,000 euro.
Rinne an Roinn a cuid féin chun an dorchadas a shoilsiú trí thacaíocht a thabhairt don chruthaitheacht. Thacaigh an Roinn le Sraith Young & Emerging de chuid Hot Press. Chas 40 ceoltóir óg atá ag teacht chun cinn i saol an cheoil sa tsraith cheolchoirmeacha seo ar líne do leantóirí in Éirinn agus ar fud an domhain.
Cuireann an tacaíocht a sholáthraíonn an Roinn do chlár ceolchoirmeacha agus imeachtaí Other Voices béim ar thiomantas na Roinne do chúrsaí folláine a chur chun cinn trí thionscnaimh éagsúla, ábhar cultúrtha san áireamh.
Léirigh Éire i mBun Taibhithe, a d’eagraigh Cultúr Éireann i gcomhpháirt le Facebook Éireann, scothcheoltóirí na hÉireann trí imeachtaí fíorúla agus seisiúin cheoil fhíorúla. Arís thug sé seo tacaíocht do chúrsaí folláine. Dhírigh Cruinniú na nÓg – a d’eagraigh Éire Ildánach – ar cheann de na hacmhainní is ansa linn, ár n-aos óg, agus thug sé seans dóibh a gcruthaitheacht a léiriú i lá samhraidh lán le samhlaíocht agus bua.
D’fhógair an tAire bunú Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir , eagraíocht trastionscail, a bhfuil cathaoirleacht á déanamh ag Clare Duignan air. Choinnigh an Tascfhórsa seo an tAire ar an eolas faoi chúrsaí san earnáil.
In ainneoin na tábhachta a bhaineann le dul i ngleic leis na deacrachtaí a chruthaigh COVID-19, tá laethanta níos fearr romhainn agus cuireann an tAire béim air seo. Léiriú intinne an-tábhachtach ab ea é ceapadh Oifigigh Chultúrtha i Londain agus i Nua-Eabhrac faoi Stráitéis Éire Dhomhanda 2025 and Rialtais . Beidh ról lárnach ag na hoifigigh i leathnú agus i láidriú láithreacht agus rannpháirtíocht chultúrtha dhomhanda na hÉireann sna míonna agus sna blianta amach romhainn.
Ag féachaint chun cinn ar an todhchaí chomh maith, bhí comhráite ardleibhéil ag an Aire Martin le hAirí Cultúir de chuid an Aontais Eorpaigh agus mhol sí ceolchoirmeacha ar fud na hEorpa a reáchtáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar athoscailt léirithe beo.
Tá an rannpháirtíocht i measc na ngnéithe is tábhachtaí den fhís do réimsí cosúil leis an gcultúr agus leis an spórt. D’fhógair an tAire infheistíocht €500,000 i gclár nua de chuid Éire Ildánach, Clár um Chruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine , a léiríonn gur féidir le gach aoisghrúpa taitneamh a bhaint as na healaíona.
D’ainneoin COVID-19, tá gach earnáil ag obair go dian chun a chinntiú go dtarlaíonn imeachtaí – go fíorúil, ar a laghad. Thug an maoiniú a cuireadh ar fáil do chlár Ghaillimh 2020 ar líne tacaíocht do 28 tionscadal agus 350 ealaíontóir.
Ó thaobh na Turasóireachta de, chuir an Tascfhórsa um Théarnach Turasóireachta Plean Téarnaimh faoi bhráid an Aire ina ndearnadh roinnt moltaí chun tacú le maireachtáil agus téarnamh na hearnála tar éis na paindéime. B’ionchur an-tábhachtach iad na moltaí seo maidir le tosaíochtaí an Aire sa Bhuiséad. Chuir an tAire Martin fáilte roimh bhunú ghrúpa neamhspleách chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i gcrích mholtaí aontaithe an Tascfhórsa agus monatóireacht a dhéanamh ar théarnamh na hearnála tar éis COVID-19.
Bhí an Scéim Fan agus Caith ar cheann de phríomhbhearta an Bhuiséid chun tacaíocht a thabhairt don turasóireacht. Sheol An Taoiseach, Micheál Martin TD, an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, agus an tAire Martin an scéim seo.
Labhair an tAire Martin le hAirí Turasóireachta an Aontais Eorpaigh i mí Mheán Fómhair. Rinne sí plé ar pholasaithe turasóireachta inbhuanaithe a fhorbairt, ar fhilleadh sábháilte ar an taisteal idirnáisiúnta agus ar an tábhacht a bhaineann lena oiread solúbhthachta agus is féidir a chur ar fáil faoi Rialacha Stáit chun a chinntiú gur féidir leis na Ballstáit tacaíochtaí tráthúla agus cuí a chur ar fáil don turasóireacht.
Laghdaigh an tAire Martin CBL san earnáil go 9% sa Bhuiséad tar éis don Tascfhórsa an moladh a dhéanamh.
Tá an spórt ríthábhachtach don tsláinte, don tsláinte fhisiciúil agus don tsláinte mheabhrach araon. Cosúil le réimsí eile na Roinne, tá an rannpháirtíocht agus an comhionannas an-tábhachtach. Chuir cluichí chraobh na hÉireann na bliana seo lúcháir ar a lán daoine. Thug rath Sam Bennett sa Tour de France agus dúthracht foirne cosúil le foireann náisiúnta sacair na mban spreagadh do mhuintir na hÉireann in am na héiginnteachta.
Thug an Rialtas agus an Roinn tacaíocht d’eagraíochtaí spóirt na hÉireann. I mí na Samhna, shocraigh an Rialtas pacáiste nua maoinithe €85 milliún a chur ar fáil chun tacú leis an earnáil spóirt (IRFU, CLG, FAI, Coistí Náisiúnta Rialaithe Spóirt, cumainn agus pobail) . Bhí an Sainghrúpa um Fhilleadh ar Spórt i mbun idirchaidrimh le húdaráis shláinte ó thús deireadh, chun a chinntiú go dtiocfaidh an phríomhghné seo de chreatlach sóisialta na hÉireann ar ais agus go n-osclóidh sé ar bhonn sábháilte agus inbhuanaithe.
Chabhraigh an Clár Caipitil augs Trealaimh Spóirt le clubanna agus cumainn, idir bheag agus mhór, thar na blianta. Tá maoiniú €40m ag clár 2020 chun cabhair a thabhairt do chlubanna leis an obair ríthábhachtach a dhéanann siad.
Tugadh spreagadh don rannpháirtíocht, chomh maith, i mí mheán Fómhair, le fógairt phacáiste infheistíochta €7.3m i maoiniú ó chuntais dhímhaoine i gcomhair réimse leathan bearta spóirt agus gníomhaíochta fisiciúla ar fud na tíre. Díríonn an infheistíocht seo ar dhaoine faoi mhíchumas, ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste oideachasúil agus ar dhaoine ó phobail atá faoi mhíbhuntáiste.
Mar thacaíocht eile don earnáil, d'fhógair an bheirt Airí pacáiste maoinithe €2.5 milliún d’oibritheoirí linn snámha ar fud na tíre.
Mar an gcéanna leis na healaíona agus leis an gcultúr, tá an bheirt Airí ag féachaint chun cinn ar thodhchaí an spóirt agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin atá le sárú acu faoi láthair. Labhair an tAire Chambers le hAirí Spóirt an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag, agus rinne sé plé ar fhilleadh sábháilte an lucht féachana ar imeachtaí spóirt, chomh maith leis na dúshláin a chuireann Covid roimh an earnáil i láthair na huaire.
Tá an Roinn fós ag ullmhú d’Euro 2020 a cuireadh ar athlá a óstáil agus do Chupán Ryder a óstáil sa bhliain 2027. Tá an Roinn ag fiosrú féidearthachtaí chun imeachtaí móra eile a óstáil chomh maith.
Tá cur chun cinn na Gaeilge agus láidriú na teanga mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht ar cheann de phríomhaidhmeanna na Roinne. Sa Bhuiséad, socraíodh leithroinnt breis is €78m a chur ar fáil d'earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge - sin ardú €14.8m ar an gcéad leithroinnt a rinneadh in 2020.
Fógraíodh chomh maith go mbeadh maoiniú €31.8m d’Údarás na Gaeltachta chun cabhrú le comhlachtaí cliaint a chosaint ó thionchar iomlán Brexit agus COVID-19.
Den chéad uair ó 2016, ardaíodh an leibhéal maoinithe cláir don Fhoras Teanga.
Ag tabhairt aitheantais do thábhacht scéalaithe, ceoltóirí agus ealaíontóirí eile, bronnadh €280,000 ar 57 ealaíontóir Gaeltachta
I mí na Nollag, d'fhógair an tAire Chambers faomhadh phlean teanga an Eachréidh, Co. na Gaillimhe, faoin bpróiséas pleanála teanga. Cuirfear liúntas €100,000 ar fáil, ag ligean do Choiste Pleanála Teanga an Eachréidh Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun cabhrú leis an bplean teanga a chur i gcrích sa cheantar.
Tá an gnó laethúil ríthábhachtach don teanga. D'fhógair an tAire Martin agus an tAire Chambers i gcomhpháirt leis an Aire Stáit Malcolm Noonan go mbeadh tacaíochtaí breise d'oibreacha athdheisiúcháin ar aghaidheanna siopaí traidisiúnta i nGaeilge.
I léiriú dá dtiomantais do phobal na Gaeltachta, d'fhógair an tAire Martin agus an tAire Chambers maoiniú €660,000 do thionscadail chaipitil i gceantair Ghaeltachta, maoiniú a bhainfidh clubanna agus cumainn úsáid as chun tacú lena n-iarrachtaí.
Tugadh aitheantas d’fhorbairt na teanga sa ré dhigiteach i dtuairisc an Rialtais a léirigh dul chun cinn an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022. . Rinne an bheirt Airí tagairt don “dul chun cinn suntasach” i dtacaíocht na teanga a léiríodh sa tuairisc.
Céad bliain ó shin, chonacthas roinnt de na leathanta is dorcha i stair na tíre seo. Sa lá atá inniu ann, tá an rialtas ag obair chun dul i ngleic le ceann de na tréimhsí is dúshlánaí ó shin i leith. In ainneoin na ndúshlán suntasach seo, tá am – agus spreagadh – chun machnamh a dhéanamh. D’fhógair an tAire Martin maoiniú €1.75 milliún d’údaráis áitiúla sa bhliain 2021, chun tacú lena ról lárnach i bhforbairt ghníomhaíochtaí pobail do thréimhse dheireanach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachtán.
Tháinig an maoiniú seo mar thoradh ar chistiú méadaithe sa Bhuiséad chun comóradh cuí a dhéanamh ar chuimhneachán céad bliain na n-imeachtaí ba chúis le bunú an Stáit.
Mar gheall ar fheidhmeanna nua na Roinne ó thaobh na meán de, tá an Roinn freagrach anois as an gcreat reachtach agus rialaitheach a fhorbairt don chraoltóireacht agus do mheáin faoi leith in Éirinn. Tá sé freagrach chomh maith as beartas maidir le maoiniú na gcraoltóirí Seirbhíse Poiblí, RTÉ agus TG4, agus as forbairt na hearnála craoltóireachta go ginearálta.
• Cuireadh maoiniú breise €1.9m ar fáil do TG4 sa bhliain 2020 maidir le cláir bhreise COVID-19 a sholáthair, lena n-áirítear Cúla4 ar Scoil.
• Cuireadh maoiniú breise €3.5 do TG4 ar fáil sa bhuiséad chun an maoiniú státchiste ar fad a fuair TG4 sa bhliain 2021 a thabhairt go €40.733m. Cinnteoidh an maoiniú seo go leanann sé le soláthair chláir nuálacha Gaeilge den scoth agus gur féidir le TG4 stráitéis a chur i bhfeidhm go héifeachtach chun lucht féachana níos óige a spreagadh ar gach ardán.
• Cuireadh €2m ar fáil faoi Spreagadh mhí Iúil do Scéim Fhuaim agus Fís an BAI chun tacú le craoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha.
Cuireadh €4.9m ar fáil don BAI i mí na Nollag chun tacú le raidió áitiúil agus léiriú closamhairc a thacaíonn leis an earnáil cheoil bheo.
Ag aithint “go bhfuil sé tábhachtach imeachtaí náisiúnta a bhfuil suim ag muintir na hÉireann iontu a chur ar fáil ar bhonn saorchraolta, le gur féidir linn go léir taitneamh a bhaint astu”, d’oscail an tAire Martin comhairliúchán poiblí ar ainmniú imeachtaí spóirt agus imeachtaí eile mar imeachtaí a bhfuil mórthábhacht leo don tsochaí.
Chuir an tAire Martin ábhar breise i láthair, chomh maith, le cur leis an dlí nua atá beartaithe chun sábhailteacht ar líne agus ar na meáin a rialú.
Cabhróidh an t-ábhar breise le bac a chur ar scaipeadh ábhair a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh trí fhíneálacha i gcoinne comhlachtaí agus ardán a cheadú agus a chinntiú go bhfuil ardbhainistíocht freagrach.
Ina theannta sin, cuirfidh an reachtaíocht treoir an AE i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil caighdeáin ábhar físeáin ar éileamh ag teacht le rialacha craoltóireachta teilifíse.
Is í todhchaí na hearnála ábhar an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán , a réiteoidh bealach i gcomhair chraoltóireacht seirbhíse poiblí agus i gcomhair na meán neamhspleách.
Ag trácht di ar an maoiniú breise dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.: “Tréimhse dheacair don tír seo a bhí sna sé mhí dheireanacha, agus bhí go leor brú ar na hearnála faoi choimirce na Roinne seo. Bhí dúshlán mór romhainn, ach ghlac mé leis an dúshlán seo go fonnmhar.
“Chinntigh na tacaíochtaí atá i bhfeidhm go bhféadfadh pobal na n-ealaíon, pobal na Gaeltachta agus earnáil na turasóireachta maireachtáil agus fás, de réir a chéile. Tríd na meáin, d’éirigh leis an spórt lúcháir a raibh géarghá leis a chur ar mhuintir na tíre seo, gan lucht féachana a bheith i láthair ag na himeachtaí. Tá dóchas nua ann go bhfillfear ar na laethanta a bhí – cuireann an glaoch i gcomhair aicsin a rinne Turasóireacht Éireann an teachtaireacht in iúl go gcuirfidh an tír seo fáilte arís roimh mhuintir an domhain agus go cuirfimid siamsaíocht ar fáil dóibh lenár n-ealaíontóirí agus ambasadóirí nua-aimseartha agus lenár n-oidhreacht shaibhir.
“Cuireann Deich mBliana na gCuimhneachán na himeachtaí stairiúla a tharla céad bliain ó shin i gcuimhe dúinn – imeachtaí ba chúis leis an náisiún láidir agus bródúil a tháinig ar an bhfód. D’éirigh linn ár gcuid deacrachtaí a shárú ag an am sin agus níl aon amhras orm ach go gcasfar an roth arís agus go mbeidh laethanta níos fearr againn go fóill.
Tá tiomantas agam do ról lárnach sa téarnamh a thabhairt do na hearnálacha faoi choimirce mo Roinne. Tá a fhios agam go rachaidh gníomhaireachtaí mo Roinne i ngleic leis an dúshlán le linn na géarchéime seo chun na gnéithe is fearr de mhuintir na hÉireann a léiriú sa bhliain atá amach romhainn.”
Dúirt an tAire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers: “Cuireadh dúshláin ollmhóra roimh mhuintir na Gaeltachta agus roimh lucht spóirt na hÉireann i mbliana, agus molaim iad as an misneach a léirigh siad in aghaidh an mhí-áidh. Thacaíomar leis an teacht aniar seo, agus táim sásta gur éirigh liom cabhrú le haird a dhíriú ar a gcuid riachtanas.
“Níos túisce i mbliana, chuir mo Roinn pacáiste tacaíochta ar fiú €4.7m ar fáil chun earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge a chosaint. I mí Iúil, d’fhógraíomar €8m breise d'Údarás na Gaeltachta chun an leithroinnt iomlán caipitil a thabhairt go €18m. Tá an maoiniú breise seo ag tacú le réimse infheistíochtaí caipitil a chuirfidh le cumas an Údaráis tacú le fiontair áitiúla agus cruthóidh sé 40-50 post nua tógála. Meastar go dtacóidh an infheistíocht le 320 post nua níos fadtéarmaí a chruthú.
“Tháinig méadú ar an maoiniú don phróiséas pleanála teanga agus don Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga i mbliana chomh maith. Ina theannta sin, tá maoiniú breise €250,000 curtha ar fáil d'Ealaín na Gaeltachta chun líon suntasach sparánachtaí a chur ar fáil d'ealaíontóirí ata lonnaithe sa Ghaeltacht.
“Tá an spórt mar dhlúthchuid d’fhéiniúlacht na tíre seo, chomh maith. Tá ríméad orm gur lean craobhacha na hÉireann – d’fhir agus do mhná - le háthas a chur ar mhuintir na tíre seo, agus muid ag caitheamh ár ndathanna faoi seach agus ag tabhairt tacaíochta dár gcuid laochra ó i bhfad i gcéin. Ach níor bhain ár gcuid tacaíochta leis an spórt le tacú phríomheagraíochtaí an CLG, an FAI agus an IRFU amháin. Rinneamar cinnte, chomh maith, go raibh seans ag gach duine páirt a ghlacadh ag cibé leibhéal a roghnaigh siad.
“Tá an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt oscailte do gach club, idir bheag agus mhór, agus tá maoiniú ó chuntais dhíomhaoine dírithe ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste, go sonrach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe i Spórt Éireann as a gcuid oibre i gcur chun cinn ghníomhaíochtaí sláintiúla, cosúil le dul ar shiúlóid agus gníomhaíochtaí laethúla gur féidir le gnáthdhaoine a dhéanamh gach lá. Guím athbhliain faoi mhaise ar gach eagraíocht spóirt agus molaim sibh as an dúthracht a léirigh sibh i mbliana.”