Lá Feasachta Sláinte Ainmhithe, an 28 Samhain 2019
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ríméad ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an chéad Lá Feasachta Sláinte Ainmhithe a bheidh ar siúl inniu an 28 Samhain 2019 a sheoladh. Is é an aidhm atá le Lá Feasachta Sláinte Ainmhithe béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le sláinte mhaith beostoic sa gheilleagar agus a mheabhrú do pháirtithe leasmhara éagsúla an pháirt atá acu chun stádas sláinte ár mbeostoic a chothabháil agus a fheabhsú.
Chuir an tAire Creed fáilte roimh an seoladh, agus dúirt “baineann fíorthábhacht le sláinte ainmhithe d'fheirmeoirí na hÉireann maidir le cur le táirgiúlacht, brabúsacht agus leas ainmhithe ar an bhfeirm. Tuigeann feirmeoirí na hÉireann ina gcroí istigh an tábhacht a bhaineann le sláinte mhaith ainmhithe. Bíonn siad bródúil as sláinte a mbeostoic, agus tá na scileanna bainistíochta agus fearachais foghlamtha agus forbartha acu atá riachtanach chun torthaí maithe a bhaint amach ar an bhfeirm i ndáil le sláinte mhaith ainmhithe.
Trí na héifeachtaí a bhaineann leis i ndáil le táirgeacht amhábhair, imríonn sláinte ainmhithe tionchar indíreach ar fheidhmíocht an tionscail agraibhia. Bíonn tionchar níos dírí ag sláinte ainmhithe ar an tionscal sin chomh maith. Déantar go leor táirgí ainmhithe a thrádáil ar an mbunús go bhfuil deimhniú nó léiriú ann go bhfuil galair áirithe in easnamh nó faoi rialú. Gné thábhachtach is ea an stádas dearfach atá ag an tír maidir le sláinte ainmhithe chun margaí reatha a choinneáil agus margaí nua a bhaint amach do na táirgí agraibhia atá againn.
Cuireann sláinte mhaith ainmhithe le brabúsacht feirmeacha aonair mar aon le hinbhuanaitheacht san fheirmeoireacht bheostoic, toisc go laghdaítear na gáis cheaptha teasa a tháirgtear in aghaidh gach aonad táirgeachta dá bharr. Chomh maith leis sin, cuireann sláinte mhaith ainmhithe leis na caighdeáin an-ard atá le fáil ar fheirmeacha in Éirinn maidir le leas ainmhithe. Ní hé nach bhfuil fiúntas ag baint leis na haidhmeanna maidir le hinbhuanaitheacht agus leas maith ainmhithe mar aidhmeanna astu féin, ach tá feidhm leo mar ghné díolta do tháirgí agraibhia na hÉireann sa tír seo agus thar lear.
Baineann tábhacht le sláinte ainmhithe freisin mar gheall ar an gceangal atá aici le sláinte an duine. Tá go leor galar ainmhithe ann a d'fhéadfadh cur isteach ar dhaoine freisin, nó chun breathnú air ón taobh eile, tá go leor galar a chuireann isteach ar dhaoine atá taiscthe sa phobal ainmhithe. Tugtar léiriú éifeachtach ar an nasc idir sláinte ainmhithe, daoine agus an comhshaol sa choincheap “One Health”. Agus gach gné eile ar chomhchéim, is é an toradh atá ar shláinte ainmhithe níos fearr ná sláinte daoine níos fearr, go háirithe i measc dreamanna daoine a oibríonn le hainmhithe ar nós feirmeoirí agus tréidlianna.
Ach mar sin féin, ní féidir talamh slán a dhéanamh den stádas dearfach atá againn i leith sláinte ainmhithe. Mar gheall ar dhomhandú atá ag méadú, tá naisc thrádála agus thaistil againn le háiteanna a mheasamar a bheith thar a bheith scoite nó andúchasach tráth. I gcásanna áirithe, bíonn stádas galair ag tíortha eile nach bhfuil chomh maith linne, agus dá bharr sin, bíonn baol ann ó thaobh ruathar galar ó thíortha coimhthíocha trí thrádáil agus taisteal. Chomh maith leis sin, tá athrú ag teacht ar fheirmeoireacht bheostoic in Éirinn. Mar gheall go bhfuil méadú ag teacht ar mhéid tréada agus go bhfuil athrú ag teacht ar an gcineál cleachtais feirmeoireachta ar roinnt gabháltas tagann dúshláin maidir le sláinte ainmhithe agus ní mór dúinn a bheith réidh chun dul i ngleic leo. Ar deireadh, mar gheall ar an athrú aeráide, tá pataiginí agus veicteoirí nach mbíodh in ann maireachtáil anseo san am atá caite anois in ann iad féin a bhunú sa tír.
Is féidir le feirmeoirí, tréidlianna agus páirtithe leasmhara go leor a dhéanamh a imríonn tionchar ar shláinte an bheostoic atá faoina gcúram, is rud é seo a chuireann isteach ar shláinte an bheostoic ag an leibhéal náisiúnta; trí ghníomhartha áirithe cuidítear chun an stádas sláinte náisiúnta a chosaint agus trí ghníomhartha eile, d'fhéadfaí é a chur i mbaol. Is é ceann de na príomhchuspóirí a bhaineann le Lá Feasachta Sláinte Ainmhithe ná béim a leagan ar na príomhnithe is féidir le páirtithe leasmhara éagsúla a dhéanamh chun páirt a ghlacadh maidir le sláinte beostoic a chosaint.
Ba mhaith leis an Roinn aitheantas a thabhairt don chuidiú agus don rannpháirtíocht a thug réimse leathan páirtithe leasmhara ó ar fud an tionscail agraibhia agus an tionscail oideachais, chun tacú le Lá Feasachta Sláinte Ainmhithe agus cuidiú a thabhairt le go n-éireodh leis.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá táirgeadh beostoic ag croílár an tionscail agraibhia agus cuireann sé go mór le forbairt na Réigiún. Tá sé fíorthábhachtach sláinte ainmhithe bharrmhaith a chothú i ndáil le brabúsacht agus inbhuanaitheacht na dtionscal feirmeoireachta agus próiseála amach anseo agus chun an tsláinte phoiblí agus an comhshaol a chosaint.
Cé na cineálacha imeachtaí a bheidh ar siúl do Lá Feasachta Sláinte Ainmhithe?
Beidh imeachtaí ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud na tíre do Lá Feasachta Sláinte Ainmhithe. Is féidir clár iomlán imeachtaí a fháil ar láithreán gréasáin DAFM, www.agriculture.ie . Seoladh bileoga agus póstaeir lena dtaispeáint i réimse áiteanna a mbíonn príomhpháirtithe leasmhara ag triall orthu d'fhonn próifíl an tionscnaimh thábhachtaigh seo a ardú.
Léirítear clár iomlán imeachtaí sa tábla thíos. Tá an t-imeacht “Animal Health-From Farm to Food Shelf” i marglann an Chairn, Mainistir Fhear Maí, oscailte don phobal, ach iarraimid ar dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu a bheith i láthair clárú roimh ré.
Clár imeachtaí
Áit | Imeacht |
27 Samhain 9.00am Tullamore Court Hotel | Awareness to Action - comhdháil arna heagrú ag DAFM agus Teagasc maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach |
27 Samhain 7.00pm UCD | "Animal Health - perspectives from outside and inside the Department". Caint neamhfhoirmiúil ó thréidlianna atá fostaithe ag DAFM le gairid atá dírithe ar mhic léinn atá ag tabhairt faoi chúrsaí sa talmhaíocht agus sa tréidliacht i UCD |
28 Samhain Áiteanna Éagsúla | Imeachtaí éagsúla, arna reáchtáil sna Saotharlanna Tréidliachta Réigiúnacha i gCorcaigh, Luimneach, Baile Átha Luain, Sligeach, Cill Chainnigh agus Bacastún. |
28 Samhain Saotharlanna DAFM "Open House" | Taispeántas maidir leis an bhfeabhas a chuirfear le seirbhísí do chustaiméirí na saotharlanna sna blianta amach romhainn, le réimse páirtithe leasmhara i láthair. |
28 Samhain, 10am go dtí 12.40pm Marglann an Chairn, Mainistir Fhear Maí | "Animal Health - from farm to food shelf" Seimineár maidir leis an tábhacht a bhaineann le tionscal agraibhia na hÉireann a chur in iúl mar aon leis na bealaí is féidir linn oibriú lena chéile chun é a chosaint. |
28 Samhain 8.00pm Coláistí talmhaíochta agus institiúidí tríú leibhéal éagsúla ina reáchtáiltear cúrsaí tréidliachta | Cainteanna á dtabhairt ag foireann DAFM le mic léinn i roinnt coláistí talmhaíochta agus cúrsaí altranais tréidliachta chun feasacht a ardú ar na príomhshaincheisteanna a bhaineann le sláinte ainmhithe. |
28 Samhain 8.00pm Béal an Átha | Caint maidir le feasacht ar shláinte ainmhithe do thréidlianna áitiúla. |
28 Samhain 7.30pm An Nás | "Animal health - the role of the veterinary practitioner" Cruinniú maidir le feasacht ar shláinte ainmhithe, arna eagrú ag an Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil. |
Cad is “galar andúchasach” ann?
Galar andúchasach is ea galar a chreidtear nach bhfuil i láthair sa tír.
Cad is pataigin ann?
Orgánach is ea pataigin (e.g. víreas, baictéar, fungas, péist) agus is í is cúis le galair.
Cad is veicteoir ann?
Orgánach is ea veicteoir (is minic é a bheith ina fheithid, sceartán nó artrapód) atá in ann galar a scaipeadh ó ainmhí amháin go dtí ainmhí eile (nó ó dhuine go duine, nó ó ainmhí go duine).
Cad a chiallaíonn 'One Health'?
Tá coincheap ‘One Health’ ina straitéis dhomhanda a bhfuil sé mar aidhm léi comhar agus cumarsáid idirdhisciplíneach a mhéadú ar gach gné de chúram sláinte do dhaoine agus d’ainmhithe agus don chomhshaol. Aithnítear le cur chuige ‘One Health’ gur fite fuaite ina chéile atá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais. Mar sin, is é an aidhm atá leis sláinte agus folláine gach speiceas a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar a mhéadú idir lianna, tréidlianna agus gairmithe eile sláinte eolaíche agus comhshaoil agus trí láidreachtaí a chothú i measc ceannairí agus bainisteoirí chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Críoch