Oibreacha athchóirithe ag Geataí Bhaile an Ásaigh & Chaisleán Cnucha, Páirc an Fhionnuisce, agus dúnadh bóithre
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí go ndúnfar na geataí ag Baile an Ásaigh agus Caisleán Cnucha um athchrochadh na ngeataí stairiúla. Ní féidir a thuilleadh oibre a dhéanamh gan na geataí a dhúnadh chun sábháilteacht an lucht oibre a chinntiú agus chun an obair a chríochnú chomh tapa agus is féidir. Imeasc na n-oibreacha atá le déanamh tá:
• Obair chloiche ar na galláin
• Na mullaird eibhir a shuíomh, laistigh agus lasmuigh de na geataí
• Na geataí stairiúla athchóirithe a athchrochadh
Chun an obair seo a dhéanamh ar bhonn sábháilte, dúnfar na geataí le linn na dtréimhsí seo a leanas:
• Geata Bhaile an Ásaigh – Ó 11.00 pm Dé Máirt 29 Meitheamh go 7.00 am Dé Luain 5 Iúil
• Geata Chaisleán Cnucha – Ó 7.00 am Dé Céadaoin 7 Iúil go 7.00 am Dé Luain 12 Iúil
Féadfaidh coisithe dul trí na geataí i gcónaí le linn na hoibre. Má chríochnaítear na hoibreacha níos túisce, athosclófar na geataí chomh luath agus is féidir.
-CRÍOCH-