Fógraíonn an tAire O'Donovan faomhadh maoinithe le haghaidh oibreacha um maolú tuile ag Tobar Naí, Cill Mocheallóg
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan, T.D., gur faomhadh iarratas ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta Oifig na nOibreacha Poiblí. Faoin scéim seo, cheadaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) maoiniú €40,230 um athshuíomh lintéar atá ró-bheag, píobáin agus crosaire cúng le lintéir bhosca ag Tobar Naí, Cill Mocheallóg.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tugann Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta OPW tacú tábhachtach do na húdaráis áitiúla chun oibreacha riachtanacha um maolú tuile agus feabhsuithe a dhéanamh. Tá áthas orm gur féidir na hoibreacha seo ag Tobar Naí, Cill Mocheallóg a chur chun cinn, um chosaint a sholáthar do thrí theach a bhí faoi thuile roimhe seo agus do chúig réadmhaoin eile atá faoi phriacal tuile.”
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan treagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works