Seoladh Tuarascáil ‘Guthanna na nDídeanaithe ón tSiria- Athlonnaithe in Éirinn’
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Tugann an tuarascáil seo léargas fíorluachmhar ar eispéiris na ndídeanaithe ón tSiria atá athlonnaithe in Éirinn le blianta beaga anuas.
• Déanann sé iniúchadh ar na dúshláin agus na riachtanais a bhí ag dídeanaithe a athlonnaigh in Éirinn, ceachtanna a chur ar fáil chun torthaí comhtháthaithe a fheabhsú sa todhchaí ar mhaithe le dídeanaithe ón tSiria in Éirinn, agus na bpobal ina gcónaíonn siad.
• Baintear de thátal as an tuarascáil go bhfuil go leor le tairiscint ag dídeanaithe ón tSiria don tír, go bhfuil siad tiomanta do thodhchaí a dteaghlach in Éirinn agus tá siad ag tnúth le tacaíochtaí a fhéadfaidh a neamhspleáchas agus a gcumas cur leis an tsochaí i gcoitinne a mhéadú.
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, tuarascáil inniu dar teideal Voice Of Syrians-Resettled Refugees in Ireland. Coimisiúnaíodh an tuarascáil seo thar ceann Chlár Athlonnaithe Dídeanaithe na hÉireann agus thug an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) Éireann faoi. Tá cur síos sa tuarascáil ar thaithí 153 dídeanaí ón tSiria a tháinig go hÉirinn idir 2015 agus 2019 trí Chlár Athlonnaithe Teifeach na hÉireann. Soláthraíonn a gcuid dearcthaí agus eispéiris ar lánpháirtíochta léargas luachmhar ar na bealaí ina socraíonn teifigh isteach i saolta nua agus a n-éiríonn siad mar chuid dá bpobail agus dá gcomharsanachtaí áitiúla.
Faightear sa tuarascáil seo, tá cur síos déanta acu ar a ndóchas agus ar a n-eagla faoin saol i ndiaidh Phoblacht Arabach na Siria a fhágáil, a gcaidreamh le teaghlaigh thar lear agus anseo in Éirinn, a gcaidreamh méadaitheach le comharsana, a n-iarrachtaí cáilíochtaí agus taithí oibre a thiontú do mhargadh saothair na hÉireann, ag tacú leis a bpáistí agus a bpáirtnéirí agus na dúshláin a bhaineann le bheith líofa i dteanga eile.
Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tugann an tuarascáil seo guth do dhídeanaithe agus tugann sí léargas tábhachtach dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí dóibh siúd atá ag súil le teach a dhéanamh in Éirinn. Is léir ón tuarascáil seo go bhfuil saibhreas taithí ag teifigh le cur le Stát na hÉireann”.
Chuir Ms Lalini Veerassamy, Ceann Misean an IOM in Éirinn fáilte roimh an tuarascáil freisin agus ghabh sí buíochas le Clár Cosanta Dídeanaithe na hÉireann (IRPP) chomh maith leis an ngrúpa stiúrtha taighde agus leis an Dr Lucy Michael agus le teifigh as a gcuid oibre. Dúirt Ms. Veerassamy:
“Soláthraíonn an tuarascáil “Guthanna na Siriach” léargais luachmhara ar thaithí na ndídeanaithe ón tSiria atá athlonnaithe in Éirinn agus leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le táscairí comhtháthaithe”.
CRÍOCH
Tugann an tuarascáil ar aird go bhfuil an comhtháthú an-láidir maidir le slándáil stádas inimirce dídeanaithe, muintearas, braistintí sábháilteachta, slándáil tionachta sa tithíocht, agus eispéiris leanaí san oideachas. Fuarthas amach sa tuarascáil gur réimsí iad seo ina bhfuil sé soiléir gur chuir pleanáil agus comhoibriú bonn láidir ar fáil do dhídeanaithe agus iad ag tógáil a saol nua in Éirinn. Chuir slándáil tithíochta muinín ar fáil i measc na ndídeanaithe maidir lena sábháilteacht amach anseo in Éirinn. Chuir forálacha leasa shóisialaigh an t-urrús ar fáil a theastaíonn chun teaghlaigh a shocrú agus chun pleanáil i dtreo deiseanna oibre agus oideachais.
Leag an tuarascáil béim ar roinnt de na réimsí ba thábhachtaí ó thaobh imní de do theifigh agus ina measc siúd ba é teanga an ceann ba mhó. Bhí tionchar an-mhór aige sin ar chúrsaí oibre agus cruthaíonn sé sin bacainní teanga le sárú ag teifigh agus iad ag iarraidh a bheith páirteach sa mhargadh saothair, iarratas a dhéanamh ar phoist agus rochtain a fháil ar chúrsaí ardoideachais nó breisoideachais.
Cuireann Clár Cosanta Dídeanaithe na hÉireann, mar chuid dá sheirbhísí treoshuímh agus comhtháthaithe, tacaíocht shuntasach teanga ar fáil lena n-áirítear oiliúint fhoirmiúil ach is ábhar imní é inniúlacht sa Bhéarla do dhídeanaithe athlonnaithe.