Fáiltíonn an tAire roimh iarratais don phátrúnacht ar cheithre bhunscoil nua a bhunófar i 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D. cuireadh inniu d’eagraíochtaí pátrúnachta scoile/ eagraíochtaí pátrúnachta ionchasacha scoile cur isteach ar an bpátrúnacht do bhunscoileanna atá le bunú i 2020.
Leanann cuireadh an lae inniu ón bhfógra ar 13 Aibreán 2018 go mbunófar 42 scoileanna nua thar thréimhse ceithre bliana ó 2019 go 2022. Clúdaíodh sa bhfógra sin ceithre bhunscoil atá le bunú in 2020.
Déantar próiseas pátrúnachta a reachtáil nuair a bhíonn an cinneadh déanta go bhfuil gá le scoil nua. Déanfar próiseas pátrúnachta a reachtáil i gcás na gceithre bhunscoil nua do 2020 a bheidh ag freastal ar na limistéir phleanála scoile seo a leanas:
Limistéar Pleanála Scoile | Méid na Scoile |
Carraig Uí Leighin | 16 seomra ranga |
Domhnach Bat | 16 seomra ranga |
An Caisleán Nua_Ráth Cúil/Teach Sagard-Iarthar na Cathrach | 8 seomra ranga |
An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní | 16 seomra ranga |
Ag eascairt ó na bearta a fógraíodh le déanaí chun an rochtain ar oideachas trí mheán na Gaeilge a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta, ainmníodh dhá scoil nua, i nDomhnach Bat agus i dTeach Sagard/Iarthar na Cathrach, mar scoileanna lán-Ghaeilge.
Ba chóir do phátrúin ionchasacha foirm iarratais a chomhlánú, atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne:
agus í seo a sheoladh chuig an Roinn faoi 11a.m. ar an Aoine, 22 Samhain 2019.
Bíonn rogha tuismitheora go lárnach sna cinntí ar phátrúnacht. Rinneadh Córais um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) a fhorbairt chun eolas oibiachtúil a sholáthar do gach tuismitheoir agus caomhnóir. Cuirfear eolas a sholáthraíonn na pátrúin iarratasóra ar fáil ar an CPPL do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ar mian leo rogha á léiriú maidir le pátrúnacht gach scoile ar leith.
Tabharfaidh sé seo deis dóibh rogha eolasach a dhéanamh faoin samhail phátrúnachta agus an teanga teagaisc d’oideachas a linbh, lena n-áirítear a rogha oideachas a bheith ar fáil dá leanbh trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla, muna mbíonn an scoil ainmnithe cheana féin mar ghaelscoil.
Dúirt an tAire McHugh inniu, agus é tabhairt cuireadh d’iarratasóirí ó phátrúin a bhfuil spéis acu/ó phátrúin ionchasacha:
“Tá áthas orm dul chun cinn a fheiceáil maidir leis na ceithre scoileanna nua a bhunú agus déanaim pátrúin ionchasacha a ghríosadh le páirt a ghlacadh sa phróiseas chomh luath agus is féidir.
“Beidh guthanna thuismitheoirí na leanaí a bheidh ag baint úsáide as na scoileanna seo sna blianta atá le teacht, mar aon le raon na héagsúlachta atá ar fáil cheana féin i ngach ceantar, go lárnach sna cinntí faoi na pátrúin a bheidh i mbun na scoileanna.
“Molaim go láidir do thuismitheoirí a bheith ag faire amach don suirbhé ar líne a osclóidh sna seachtainí atá le teacht, a luaithe agus a dhéantar na pátrúin ionchasacha do gach ceantar a dheimhniú.”
Déanfar na scoileanna a bhunú de réir na riachtanas agus na gcritéar a fógraíodh don chéad uair, i mí an Mheithimh 2011, faoi phátrúnacht scoileanna nua. Tá na riachtanais agus na critéir seo foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne agus cuirfear iad ar fáil freisin d’iarratasóirí ionchasacha. Caithfidh pátrúin iarratasóra a dheimhniú go gcomhlíonfaidh siad gach ceann de na riachtanais agus na critéir ionas gur féidir a gcuid iarratas a phróiseáil.
Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo in 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua tar éis machnamh a dhéanamh ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn faoi na hiarratais a bhíonn faighte.
Taobh le taobh leis sin, tá próiseas ar anailís dheimeagrafach uasdátaithe á chomhlánú ag an Roinn don tréimhse 2020 go 2023. Chun an próiseas a threisiú, beidh tuilleadh rannpháirtíochta ag an Roinn leis na comhlachtaí pátrúnachta chun an t-eolas áitiúil atá acu ar na riachtanais d’áiteanna scoile a chur san áireamh. Tosóidh an teagmháil bhreise seo sna seachtainí atá le teacht, le fócas tosaigh agus láithreach ar an ngá, más ann, bunscoileanna nua a bhunú in 2020. Tá sé i gceist an obair thosaigh seo a chríochnú faoi mhí na Nollag, chun ailíniú leis an amlíne a fógraíodh don phróiseas pátrúnachta.
CRÍOCH
###Sonraí maidir le ceithre bhunscoil nua atá le bunú i 2020 agus faoina dtabharfar faoi phróiseas pátrúnachta
Contae | Limistéar/Limistéir Phleanála Scoile ar a bhfreastalófar | Méid na Scoile | An Bhliain a Osclófar | An Suíomh Teanga |
Corcaigh | Carraig Uí Leighin | 16 seomra ranga | 2020 | Le socrú i ndiaidh CPPL |
Baile Átha Cliath | Domhnach Bat | 16 seomra ranga | 2020 | Ainmnithe mar Ghaelscoil |
Baile Átha Cliath | An Caisleán Nua_Ráth Cúil/Teach Sagard-Iarthar na Cathrach* | 8 seomra ranga | 2020 | Ainmnithe mar Ghaelscoil |
Baile Átha Cliath | An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní** | 16 seomra ranga | 2020 | Le socrú i ndiaidh CPPL |
* Beidh an scoil nua lonnaithe i gceantar Theach Sagaird/Iarthar na Cathrach. Tá sé in aice le Ceantar Pleanála Scoil Thamhlachta, ceantar nach bhfuil aon ghaelscoil ann.
** Tá dhá bhunscoil nua le hoscailt sa Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní – ceann i 2020 agus an dara ceann i 2022. Ainmneofar ceann amháin acu mar ghaelscoil. Déanfar cinneadh faoin ord i ndiaidh phróiseas an CPPL.
Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo in 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua nuair a bhíonn machnamh déanta ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a bhíonn faighte.
Is iad baill an GBSN ná:
Nuair a dheimhnítear na pátrúin iarratasóra, osclóidh an Roinn an Córas um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) do phróiseas pátrúnachta bunscoile 2020. Cuirfidh sé seo eolas oibiachtúil ar fáil do gach tuismitheoir a thabharfaidh deis dóibh rogha eolasach a dhéanamh faoin samhail phátrúnachta agus teanga teagaisc d’oideachas a linbh.
Ina dhiaidh sin cuirfidh an Roinn tuairisc phátrúnachta ar fáil do bhreithmheas an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) agus cuirfidh an GBSN tuairisc mar aon le moltaí ar fáil don Aire dá bhreithmheas.