€490,000 bronnta ar thionscadail chun an Geilleagar Ciorclach a chur chun cinn ar fud na hÉireann
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus Cumarsáid, Ossian Smyth TD, maoiniú €490,000 do 10 dtionscadal ar fud na hÉireann faoin gcéad Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (CEIGS).
Is cuid den aistriú i dtreo thodhchaí níos inbhuanaithe é ‘geilleagar ciorclach’ a chruthú, ina leagtar béim ar dhramhaíl a laghdú nó deireadh a chur léi agus acmhainní a choinneáil in úsáid ar feadh an oiread ama agus is féidir. Trí CEIGS, cuideofar le pobail an t-athrú seo a dhéanamh.
Ar dtús, is maoiniú €250,000 a leagadh síos faoin mbabhta seo den CEIGS. Mar gheall ar chaighdeán foriomlán na n-iarrthóirí ar éirigh leo áfach, agus i gcomhréir le tiomantas na Roinne tacú leis an ngeilleagar ciorclach, fuair an tAire Stáit Smyth maoiniú breise €240,000. Mar thoradh air sin, bhíothas in ann tacú le tionscadail ar fud réimse iomlán an gheilleagair chiorclaigh trí CEIGS, idir thógáil ghlas agus ardáin dhigiteacha a bhfuiltear chun úsáid a bhaint astu an athuair.
Agus comhghairdeas á dhéanamh leis na h-iarrthóirí ar éirigh leo, dúirt an tAire Stáit Smyth:
“Mar gheall an dúshlán ollmhór a bhaineann le bheith ciorclach, teastaíonn athrú ag gach leibhéal den tsochaí. Ta ríméad orm a bheith ina ann tacú leis na tionscadail seo atá molta ag daoine atá gníomhach maidir le hathrú a dhéanamh agus a bheith ar a shon. Is féidir linn an t-uafás a fhoghlaim trí ghníomhú. Táim ag súil le huaillmhian na dtionscadal a fhíorú agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an méid a bhainfear amach le linn na scéime seo sna blianta atá amach romhainn."
Trí na tionscadail a roghnaíodh, tacófar leis an bhfeachtas chun an geilleagar ciorclach a fhorbairt i réimsí ar nós faisean inbhuanaithe, plaistigh mhuirí, pacáistiú bia in-athúsáidte agus tógáil. Is iad:
Chuir urlabhraí do Líonra Acmhainní Pobail Éireann (CRNI) – ceann de na hiarrthóirí ar éirigh leo –fáilte roimh an bhfógra, agus dúirt:
“D’fhonn a bheith inár sochaí níos ciorclaí, ní mór dúinn muinín tomhaltóirí in earraí agus seirbhísí athláimhe a fhorbairt. Trí mharc ardchaighdeáin, ar nós ReMark, athraítear meon daoine i ndáil le hearraí agus seirbhísí athláimhe, a spreagann éileamh ina leith agus a laghdaíonn an tionchar carbóin a bhaineann le ceannacháin laethúla.
“Tá ríméad ar CRNI mar gheall ar mhaoiniú CEIGS a bheith bronnta air. Trí seo, beimid in ann ReMark, ár marc ardchaighdeáin, a ullmhú chun é a leathadh amach go náisiúnta, agus creidimid go mbeidh sé ina dheis chinniúnach maidir le haistriú na hÉireann i dtreo an gheilleagair chiorclaigh. Úsáidfear an maoiniú chun tacú lenár mbaill agus ár ngníomhaithe san earnáil phríobháideach teacht a bheith acu ar an marc ardchaighdeáin feabhsaithe seo agus é a reáchtáil ar bhonn píolótach. Trí sin, cuideofar le muinín tomhaltóirí a fhorbairt maidir le caighdeán agus sábháilteacht earraí athláimhe trí thacú le heagraíochtaí athúsáide a bpróisis inmheánacha agus seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú."
Seoladh an scéim i mí Aibreáin na bliana seo chun tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail a fheidhmíonn i spás an gheilleagair chiorclaigh – chun feasacht a ardú ar an ngá atá leis an aistriú a dhéanamh. Trí thionscadail agus fiontair uaillmhianacha a mhaoiniú tríd an scéim seo, cuirtear samplaí den dea-chleachtas i láthair. Go ceann tamaill, tá tairiscintí maoinithe ag brath ar dhícheall cuí agus riachtanais eile a shásamh. Mar sin féin, is féidir leo sin a n-éiríonn leo dámhachtain deiridh a fháil bheith ag súil le tús a chur lena dtionscadal an fómhar seo.
Tá an scéim deontais seo ag teacht le hobair eile maidir leis an ngeilleagar ciorclach atá á cur chun cinn faoin Aire Stáit Smyth. I ndiaidh comhairliúchán poiblí an t-earrach seo, táthar ag súil an chéad Straitéis Uile-Rialtais in Éirinn um Gheilleagar Ciorclach a fhoilsiú i mí Mheán Fómhair, i éineacht leis an mBille um Gheilleagar Ciorclach.
Beidh athrú radacach i ndáil le táirgeadh agus tomhaltas i gceist leis an reachtaíocht nua, ina gcuirfear srian le táirgí aonúsáide agus ina ndíreofar go daingean ar chaitheamh bruscair agus dumpáil, i measc bearta eile. Tríd an mBille, cuirfear cuid mhaith de bhearta Phlean Gnímh Dramhaíola an Rialtais do Gheilleagar Ciorclach i bhfeidhm agus déanfar an Straitéis um Gheilleagar Ciorclach atá ag teacht gan mhoill a chur ar bhonn reachtúil.
CRÍOCH