Glao ar fhiontraithe mná faoin tuath dul leis an tsraith is déanaí de ACORNS - fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá méadú ar líon na bhfiontraithe mná ag an luathchéim in Éirinn le breis is bliain agus tá glao anois oscailte dóibhsean a bhfuil gnó nua acu nó smaoineamh atá dea-fhorbartha dul le ACORNS 5.
Is tionscnamh forbartha é ACORNS a bhfuil ag éirí thar cion leis atá dírithe ar thacú le fiontraithe mná atá ina gcónaí faoin tír in Éirinn, mná ar mian leo gnólachtaí nua a thosú agus a fhorbairt nó mná a bhfuil gnó nua tosaithe acu le déanaí.
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed TD an clár a sheoladh inniu (Dé Máirt an 13 Lúnasa) agus ina dhiaidh a rinne sé an glao ar iarratais. Déantar ACORNS a mhaoiniú faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe na Roinne.
Tá páirt glactha ag breis is 200 fiontraí mná in ACORNS go dtí seo agus táthar ag lorg 50 rannpháirtí nua do ACORNS 5. Beidh an clár ar siúl ar feadh sé mhí ó Dheireadh Fómhair 2019 go Aibreán 2020. An 20 Meán Fómhair 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do shraith na bliana seo.
Is féidir le bean ar bith a bhfuil gnó nua bunaithe aici faoin tuath in Éirinn - nó a bhfuil smaoineamh aici d'fhiontar nua - tuilleadh eolais a fháil agus an fhoirm iarratais a íoslódáil ag www.acorns.ie. Níl aon táille le híoc le bheith páirteach ann. (Critéir incháilitheachta le fáil sna nótaí thíos)
Ag seoladh an ghlao ar iarratasóirí inniu dúirt an Michael Creed TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara:
"Deis iontach atá sa chlár ACORNS chun cuidiú le fiontraithe mná faoin tuath in Éirinn atá ag an luathchéim dá ngnó chun maith a dhéanamh dá gcuid uaillmhianta. Molaim do dhuine ar bith atá tar éis gnó nua a thosú nó atá ar tí gnó nua a thosú iarratais a dhéanamh a bheith rannpháirteach sa tionscnamh iontach seo. Is deis é nár cheart a chailleadh. Tugann na rannpháirtithe gach bliain moladh mór don ról a d'imir ACORNS chun tacú leo a ngnó a bhunú agus a fhorbairt. Tá ríméad orm leanúint ag tacú leis an tionscnamh seo trí Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe mo Roinne."
Dúirt Paula Fitzsimons, bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta Fitzsimons Consulting, an chuideachta a d'fhorbair ACORNS, gur tháinig méadú ar an ráta gníomhaíochta fiontraíochta i measc na mban in Éirinn in 2018 a bhí ag an luathchéim dá ngnó ach nach raibh aon athrú i measc na bhfear. Tosaíonn 850 bean ar an meán gnó nua gach mí in Éirinn.
Rangaítear Éirinn sa chúigiú háit anois san Eoraip maidir le ráta na bhfiontraithe ar mná iad atá ag teacht chun cinn:
"Sa chuid is mó de thíortha is mó fir ná mná atá ina bhfiontraithe ag an luathchéim. Is fíor sin chomh maith in Éirinn. Ach leanann an cóimheas sin ag laghdú in Éirinn áfach, agus is ionann sin anois agus 1.6:1 (fir le mná ar fiontraithe ag an luathchéim iad) de réir mar a bhíonn níos mó ban ag pleanáil agus ag cur tús le gnóthaí nua. Tá clár ACORNS ríthábhachtach d'fhonn cuidiú leis an bhforas seo de mhná ar fiontraithe iad d'fhonn tús a chur lena gcuid gnóthaí agus chun go n-éireoidh leo. Tá ríméad orm go bhfuil an deis seo á cur ar fáil arís a bhuíochas sin don tacaíocht a fhaightear ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus don chúnamh a chuireann na Ceann-Fhiontraithe deonacha ar fáil."
Tá ACORNS bunaithe a thacaíocht piara agus ar fhoghlaim i gcomhar. Gheobhaidh gach rannpháirtí deis le bheith ag foghlaim ó fhiontraithe mná ar éirigh go maith leo - "Ceann-Fhiontraithe".
Roinnfidh na 'Ceann-Fiontraithe', a bheidh ag gníomhú ar bhonn deonach, a gcuid tuairimí agus taithí leis an ngrúpa agus tabharfaidh cúnamh do na rannpháirtithe dul i ngleic le fadhbanna agus dúshláin atá le sárú acu d'fhonn a ngnóthaí a bhrú chun cinn. Feidhmíonn siad chomh maith ina n-eiseamláirí, ag léiriú gur féidir gnó a bhfuil ag éirí go maith leis a bhunú agus a fhás faoin tuath in Éirinn.
Is iad na Cinn-Fhiontraithe atá i gceist i mbliana ná: Alison Ritchie, Polar Ice, Co. Laoise; Anne Cusack, Critical Healthcare, Co. na hIarmhí; Anne Reilly, Paycheck Plus, Co. Lú; Caroline McEnery, The HR Suite, Co. Chiarraí, Deirdre McGlone, Óstán Harvey’s Point roimhe seo, Co. Dhún na nGall; Eimer Hannon, Eimer Hannon Travel, Co. na Mí; Mary B. Walsh, Ire Wel Pallets, Co. Loch Garman; Triona Mac Giolla Rí, Aró Digital Strategies, Co. na Gaillimhe.
Ina theannta sin, éascóidh Monica Flood, Olas IT roimhe seo - Ceann-Fhiontraí Going for Growth - comhrá comhstádais ACORNS PLUS do rannpháirtithe roimhe seo atá tiomanta a gcuid gnóthaí a fhás.
Thuairiscigh go leor de na mná a bhí páirteach in ACORNS roimhe seo go raibh ardú ar onnmhairí agus ar an líon post a cruthaíodh.
Seo a leanas an toradh a bhí ar an dul chun cinn a rinne 46 rannpháirtí a rinne ACORNS 4 (an tsraith deiridh), a bhí ar siúl ó Dheireadh Fómhair 2018 go dtí Aibreán 2019:
Tugtar cuireadh do mhná a bhí páirteach i gclár ACORNS roimhe seo a bheith páirteach chomh maith i gcéim forbartha bhreise agus a bheith rannpháirteach i bPobal ACORNS, chun go mbeidh siad ábalta a bheith ag cur lena líonra tacaíochtaí de naisc luachmhara.
CRÍOCH
Seasann ACORNS do - Accelerating the Creation of Rural Nascent Start-ups. Ba é ACORNS a bhí sa dara háit ag Gradaim Chur Chun Cinn Fiontraíochta na hEorpa, Ag Infheistiú i Scileanna Fiontraíochta.
Déantar na staitisticí i ndáil le fiontraithe mná in Éirinn atá ag an luathchéim a chur i dtoll a chéile ó Thuarascáil an Mhonatóra Fiontraíochta Dhomhanda (GEM) d'Éirinn, ar féidir teacht uirthi ag an nasc seo a leanas: www.enterprise-ireland.com/en/Publications/Reports-Published-Strategies/GEM-Reports/2018-Global-Entrepreneurship-Monitor-Report.pdf.
Le gur féidir iarratasóirí a bhreithniú le bheith páirteach in ACORNS, ní mór dóibh:
Féach thíos sampla de theistiméireachtaí ó rannpháirtithe in ACORNS cheana.
Caitriona Considine, Moher Cottage, Clare (ACORNS 2 agus ACORNS Plus)
"Ba deis nárbh fhéidir luach a chuir uirthi a bhí i gClár ACORNS domsa chun aithne a chur ar mhná cumasacha iontacha, mná a bhfuil mé ag obair leo anois agus atá fós do mo spreagadh agus mo ghríosadh, agus is dá bharr a bhfuil borradh mór tagtha faoi mo ghnó féin."
Emily Brick, Athena Analytics, Ciarraí (ACORNS 4)
"Ba iontach an deis a bhí in ACORNS chun aithne a chur ar dhaoine a bhfuil an meon céanna acu is atá agamsa agus atá ag iarraidh dul i ngleic le dúshláin den chineál céanna i gcúrsaí gnó."
Mary B Walsh, Ire Wel Pallets, Ceann-Fhiontraí ACORNS, Loch Garman
"Táim thar a bheith sásta leanúint de bheith i mo Cheann-Fhiontraí deonach le haghaidh ACORNS 5, mar go bhfuil an dul chun cinn a rinne rannpháirtithe na ngrúpaí roimhe seo i dtaobh a gcuid pearsantachtaí chomh maith lena gcuid gnóthaí a fhás feicthe agam. Ligeann an struchtúr comhchainteanna do na rannpháirtithe feidhmiú mar bhonn braite faoi rún d'fhonn comhairle, treoir, tacaíocht agus spreagadh a fháil chun go gcuirfear ar chumas gach duine é éirí níos acmhainní, dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile, agus a bheith faoi rath sa deireadh thiar thall. Is mór an sásamh dom é pobal ACORNS a fheiceáil ag fás agus dul i mbun gnó a dhéanamh lena chéile ar fud na tíre."
Is féidir teacht ar tuilleadh teistiméireachtaí ag acorns.ie/testimonials-2.
Tá saineolas ag Fitzsimons Consulting ar réimsí a bhaineann le fiontraíocht agus fás, ina leagtar béim ar leith ar chláir forbartha fiontraíochta a leagan amach agus a chur ar fáil bunaithe ar thacaíocht comhpháirtithe - fiontraithe ag cuidiú le fiontraithe. Aithnítear Paula Fitzsimons, bunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta na cuideachta, ina saineolaí ar chúrsaí fiontraíochta. Is í Paula atá ina comhordaitheoir náisiúnta don Mhonatóir Fiontraíochta Domhanda (GEM) d'Éirinn ón mbliain 2000, agus d'fhorbair sí Going for Growth a bhfuil gradaim buaite aige chomh maith lena chur i bhfeidhm chomh maith leis an tionscnamh Back for Business, faoina gcuirtear tacaíocht ar fáil d'fhiontraithe atá ag an luathchéim atá i measc eisimircigh na hÉireann atá tagtha ar ais chuig an tír seo.