Minister for Health Announces Funding to Support the Work of the Vaccine Alliance and Reminds the Public of the Importance of Vaccination ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu (Dé hAoine) gur cuireadh cistiú €500,000 ar fáil chun tacú le hobair an Chomhaontais Vacsaíní.
Úsáidfear an cistiú chun méadú a dhéanamh ar an nglacadh le vacsaíní leanaí agus chun cur leis an muinín atá ag daoine as vacsaíní.
Dúirt an tAire Harris: >“Tá ardrátaí glactha le vacsaíní leanaí againn in Éirinn faoi láthair, áit a roghnaíonn naonúr as gach deichniúr tuismitheoirí chun a leanaí a vacsaíniú.
“Is ábhar imní dúinn, áfach, gur tháinig tinneas agus dochar gan ghá cheana féin as mífhaisnéis a bheith á scaipeadh faoi vacsaíní. Is eol dúinn freisin go bhfuil cuid mhór díobh sin a roghnaíonn chun a leanaí a vacsaíniú faoi láthair éiginnte faoi ghnéithe de vacsaíniú.
“Chun na hábhair imní sin a thuiscint agus a shárú ar bhealach níos fearr, seolfar clár mionsonraithe taighde i gcomhar le tuismitheoirí, ar an gcéad ásc, chun na tuairimí agus na dearcthaí atá acu i leith vacsaíní a bhailiú. An fhoghlaim a ghnóthófar as an gcleachtadh éisteachta sin, úsáidfear í chun forbairt a dhéanamh ar chumarsáidí éifeachtacha spriocdhírithe a mbeidh mar aidhm leo cur leis an muinín atá ann as vacsaíní. Cuirfear an obair ríthábhachtach sin i gcrích le linn na bliana 2020”.
Leag an tAire béim ar an tábhacht a bhaineann leis an obair sin, go háirithe i gcomhthéacs na ráigeanna den bhruitíneach, den leicneach agus den fhliú atá i réim faoi láthair. Mheabhraigh sé don phobal nach bhfuil sé rómhall glacadh le vacsaíniú.
“Tá sé ríthábhachtach a thuiscint go dtarlóidh sé, nuair a ghlacfaidh tú le vacsaíniú, nach gcosnóidh tú tú féin amháin ach go gcosnóidh tú freisin na daoine is soghonta dár sochaí amhail naíonáin atá ró-óg chun vacsaíní a fháil, daoine scothaosta agus daoine atá sochta maidir le himdhíonacht.”
Mhol an tAire don phobal faisnéis faoi vacsaíní a fháil ó fhoinse chreidiúnach. >“Tuigim go bhfuil ábhair imní ag daoine faoi vacsaíní, ach, má tá tú éiginnte, is é an rud is fearr is féidir leat a dhéanamh ná na fíricí a fháil.”
Tá tuilleadh faisnéise faoi vacsaíniú ar fáil ag www.immunisation.ie
1. Gan uisce glan a áireamh, tá vacsaíniú ar an idirghabháil is éifeachtaí le haghaidh beatha daoine a shábháil agus dea-shláinte a chur chun cinn.
2. Sa bhliain 2019, shainaithin an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an drogall roimh vacsaíniú mar cheann amháin de na deich bpríomhbhagairt ar an tsláinte dhomhanda. Tá an drogall roimh vacsaíniú sainmhínithe mar mhoill ar ghlacadh le vacsaíní nó mar dhiúltú do vacsaíní a fháil, beag beann ar an bhfáil ar sheirbhísí vacsaínithe.
3. Faoi láthair, bíonn vacsaíniú ag cosc idir 2 mhilliún bás agus 3 mhilliún bás gach bliain. Beifear in ann 1.5 milliún bás eile a sheachaint, áfach, má chuirtear feabhas ar chlúdach an vacsaínithe ar domhan.
4. Sa bhliain 1950, tuairiscíodh thart ar 5,000 cás rubella in Éirinn agus 500 cás diftéire agus 500 cás póilió. I gcodarsnacht leis sin, níor tuairiscíodh aon chásanna rubella, diftéire ná póilió sa bhliain 2017. Ba sa bhliain 1984 a tuairiscíodh an cás póilió is déanaí.
5. Má thagann ionfhabhtú meiningeacocúil C ar 1,000 duine, gheobhaidh 50 duine díobh bás. Má imdhíonaítear 1,000 duine, is amhlaidh, maidir le 50 duine díobh, go mbeidh míchompord, deirge agus at orthu san áit ar tugadh an t-instealladh dóibh nó go mbeidh fiabhras orthu.
6. Gheobhaidh duine bás i gceann amháin de gach 1000 cás bruitíní. Fuair 72 dhuine, idir leanaí agus aosaigh, bás de dheasca bruitíní i Réigiún na hEorpa sa bhliain 2018.
7. Tá laghdú 72% tagtha ar chásanna ionfhabhtú rótaivíris ón uair sin a tugadh an vacsaín isteach do leanaí sa bhliain 2016 i leith.
8. Bhí 69 gcás treacha ann sa bhliain 2017 i measc leanaí faoi bhun 6 mhí d’aois. Ba cheart do gach bean thorrach an vacsaín treacha a fháil chun an chosaint is fearr a thabhairt dá leanbh sna míonna tosaigh den saol.
9. Gach bliain in Éirinn, buaileann ailse cheirbheacs 300 bean agus faigheann 90 duine díobh bás de dheasca an ghalair. Tugann HPV9, an vacsaín HPV, cosaint ar 9 gcinn as gach 10 n-ailse cheirbheacs.