Tacaíocht do fhreagra an Chláir Dhomhanda Bia maidir le COVID-19 fógartha ag Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu íocaíocht luath iomlán €23 milliún maidir le príomhranníocaíocht 2020 na hÉireann chuig an gClár Domhanda Bia (WFP).
Dúirt an tAire Creed:
"Ó tharla na hiarratais le déanaí ar dheontóirí chun tacú le freagra an WFP maidir le COVID-19 cuideoidh an deonachán €0.7m seo leis an WFP a gcláir rialta cúnaimh a choinneáil ag imeacht do dhaoine a bhfuil said ag tacú leo cheana féin chomh maith lena a bhfreagra i ndáil le géarchéim na paindéime a neartú. Tugann sé seo ranníocaíocht €23m na hÉireann chuig an WFP chun críche."
Dúirt Stiúrthóir an WFP, an tUasal David Beasley:
"Tá an Clár Domhanda Bia fíorbhuíoch do Rialtas na hÉireann as dheimhniú luath a thabhairt maidir lena ranníocaíocht bhliantúil agus táimid buíoch gur maoiniú solúbtha atá i gceist a bheimid ábalta a úsáid san áit is mó a bhfuil gá leis. Baineann an WFP leas as an gcomhpháirtíocht láidir atá aige le hÉirinn agus táimid ag súil leanúint den obair i gcomhar sin le chéile chun troid i gcoinne an ocrais ar fud an domhain i rith na gcúinsí deacra seo."
CRÍOCH
Is eagraíocht Náisiún Aontaithe é WFP atá freagrach as cúnamh bia a chur ar fáil do na daoine is boichte agus is leochailí ar domhan. Oibríonn sé i gcomhar le gníomhaireachtaí eile Náisiún Aontaithe, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, leis an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach d'fhonn a chur ar chumas daoine, pobail agus tíortha a gcuid riachtanas bia féin a shásamh. Is é an WFP an ghníomhaireacht dhaonnúil is mó atá ag troid i gcoinne an ocrais ar fud an domhain agus déantar é a mhaoiniú ó ranníocaíochtaí deonacha amháin.
Faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (2019-2021) idir Éirinn agus an Clár Domhanda Bia gealltar ranníocaíocht €70m ó Éirinn chuig an WFP thar an tréimhse sin, faoi réir leithroinntí buiséid bhliantúla Dháil Éireann. Sa bhreis ar phríomh-mhaoiniú an DAFM ar an WFP, cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maoiniú ar fáil don WFP chomh maith ar mhaithe le cláir ghéarchéime i dtíortha agus i réigiún faoi leith.