Tá tairbhe le baint as suas le €20 milliún in aghaidh na bliana ag pobail chósta agus mhuirí a óstálann tionscadail ghaoithe amach ón gcósta
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá pobail chósta agus mhuirí ar tí tairbhe shuntasach a bhaint as tionscadail leictreachais inathnuaite amach ón gcósta. Faoi chreat nua ar fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, é, ceanglófar ar ghineadóirí gaoithe amach ón gcósta ranníocaíochtaí bliantúla suntasacha a dhéanamh le cistí sochair pobail.
Príomhghné den chreat nua, ar a dtugtar an 'Leabhar Rialacha um Chistí Sochair Pobail do Ghineadóirí agus do Riarthóirí Ciste', is ea nach mór do ghineadóirí tús a chur le ranníocaíochtaí a dhéanamh ó na luathchéimeanna den tionscadal gaoithe amach ón gcósta i leith, is é sin, roimh dóibh dul i mbun oibre. Is é an toradh atá air sin ná go bhféadfadh pobail chósta agus mhuirí tairbhe a bhaint astu den chéad uair ó thráth chomh luath leis an mbliain 2025 agus go bhféadfadh siad a bheith ag súil le sochair a fháil ar feadh 25 bliana san iomlán.
Beidh na ranníocaíochtaí leis na cistí sin ag teacht leis an méid fuinnimh arna ghiniúint, áit ar gá €2 a íoc as gach MWh de leictreachas a ghinfear thar shaolré na tréimhse tacaíochta. Ós rud é go bhfuiltear ag súil le hardleibhéil ghiniúna amach ón gcósta, meastar gur an-mhór a bheidh na suimeanna a bheidh i gceist – thart ar €4 mhilliún in aghaidh na bliana ó ghnáth-thionscadal a ghineann 500 MW d’acmhainn gaoithe amach ón gcósta, agus €20 milliún in aghaidh na bliana, beagnach, ó na tionscadail uile a mheastar a imscarfar tríd an gcéad cheant le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (ORESS 1).*
Forbraíodh an próiseas cistí sochair pobail ar bhealach comhoibríoch tar éis dul i gcomhairle go fairsing le pobail agus leis an tionscal. Tacaíocht mhór ar fud an phróisis sin ba ea rannpháirtíocht Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), a bheidh ag comhlíonadh ról ríthábhachtach i bhfaireachán a dhéanamh ar na cistí agus i gcomhlíonadh na gcistí.
Tagann sé sin sna sála ar sheoladh an chéad chomórtais le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite (ORESS 1) i mí na Samhna 2022. Is é an toradh a bheidh ar cheantanna ORESS sna blianta atá le teacht ná go soláthrófar tuilleadh acmhainne gaoithe amach ón gcósta chun ár sprioc 7 GW don bhliain 2030 a bhaint amach, agus soláthairtí sochair pobail á gcoinneáil ar bun freisin chun a chinntiú go leanfaidh na pobail óstála le tairbhe a bhaint as acmhainneacht ollmhór an fhuinnimh inathnuaite amach ón gcósta.
Dúirt an tAire Ryan:
"Imreoidh pobail chósta agus mhuirí áitiúla ról lárnach i bhforbairt uaillmhianta leictreachais inathnuaite amach ó chósta na hÉireann a éascú agus a chur ar aghaidh mar chuid ríthábhachtach de ghealltanais na hÉireann faoin bPlean Gnímh don Aeráid 2023 a chomhlíonadh. De bhreis ar na poist, na deiseanna agus an gnó a chabhróidh gaoth amach ón gcósta le giniúint ar talamh, cinnteoidh an ciste sochair pobail seo, a bheidh curtha ar áireamh sa chlár amach ón gcósta, go mbeifear in ann saol an phobail agus creatlach an phobail i gcoitinne a bhreisiú agus a chur ar aghaidh.
"Tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí am ar bith riamh úsáid a bhaint as ár n-acmhainn ollmhór gaoithe amach ón gcósta chun fuinneamh inathnuaite a chruthú agus chun slándáil ár soláthair fuinnimh féin a chinntiú. Is é an toradh a bheidh ar fhorbairt ár n-acmhainne fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ná go gcuirfear deireadh, faoi dheoidh, ar ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus go soláthrófar laghdú gan fasach in astaíochtaí CO2 le haghaidh todhchaí aeráidneodrach a chruthú."
Leagtar amach sa leabhar rialacha an bonn faoin gcaidreamh oibre idir an gineadóir agus an riarthóir ciste gairmiúil nach mór don ghineadóir a cheapadh chun cur chun feidhme an chiste a ghabháil de láimh le haghaidh a thionscadal faoi seach. Tugtar mionsonraí ann faoi conas nach mór gach ciste a bhunú agus a sheoladh chun go mbeidh sé ionadaíoch don phobal áitiúil, lena n-áirítear iascairí, an cultúr bia mara, an turasóireacht, an mórgheilleagar gorm agus an oidhreacht mhuirí. Gabhfaidh an riarthóir ciste gnáthoibriú laethúil an chiste de láimh thar ceann an phobail áitiúil, agus beidh sé faoin bpobal é féin fós cinntí a dhéanamh ar leithdháileadh na gcistí.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil lena léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
*Meastar go soláthrófar suas le 2,500 MW d’acmhainn gaoithe amach ón gcósta de bharr ORESS 1. Má ghlactar le meánfhachtóir coinneála 45%, ginfidh na tionscadail sin 9,855,000 MWh in aghaidh na bliana agus €19,710,000 i ranníocaíochtaí sochair pobail in aghaidh na bliana.
CRÍOCH
Is ionann limistéar muirí na hÉireann agus seacht n-oiread mhéid a mórchríche. Mar thoradh air sin, ar ár sárdhálaí gaoithe agus ar ár láthair ag imeall an Aigéin Atlantaigh, tá acmhainneacht ollmhór againn le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta. Is féidir le hÉirinn bheith ar cheann amháin de na táirgeoirí is mó fuinnimh gaoithe amach ón gcósta san Eoraip.
I mí na Nollag, rinne an tAire Ryan Toilithe Limistéir Mhuirí a eisiúint inniu chuig an gcéad chéim de sheacht dtionscadal fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta.
Trí Thoilithe Limistéir Mhuirí a bhronnadh, cinnteofar nach féidir ach leis na tionscadail sin a bhfuil an inmharthanacht is mó acu chun spriocanna uaillmhianacha fuinnimh na hÉireann a bhaint amach dul ar aghaidh chuig an gcóras pleanála. Bronntar gach Toiliú Limistéir Mhuirí tar éis don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar inniúlacht airgeadais agus theicniúil gach tionscadail. A bhuí leis an gcur chuige sin, cumasaítear do thionscadail uile Chéim a hAon tús a chur lena gcaidreamh réamhiarratais pleanála leis an mBord Pleanála.
Foráiltear don chóras Toilithe Limistéir Mhuirí faoin Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021. Foráiltear leis an reachtaíocht d’Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a bhunú, agus tá sé mar thosaíocht ag an rialtas an tÚdarás a bhunú mar ghníomhaireacht thiomnaithe limistéir mhuirí. Tá an obair atá ar siúl chun an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí a bhunú á stiúradh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh an tÚdarás i bhfeidhm go luath sa bhliain 2023, mar atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid. Idir an dá linn, tugtar leis an reachtaíocht de chumhacht don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an chéad bhaisc d’iarratais ar Thoiliú Limistéir Mhuirí a mheas as measc seacht dtionscadal cháilithe Fuinnimh Inathnuaite Amach ón gCósta, ar a dtugtar 'tionscadail chéim a haon':
Mar thoradh ar an bhforáil lena gceadaítear don Aire measúnú a dhéanamh ar iarratais ar Thoiliú Limistéir Mhuirí, cinntítear gur féidir dul chun cinn a dhéanamh láithreach chun leas a bhaint as an méid ollmhór acmhainní atá againn fad atá an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí á bhunú. Tar éis an chéad bhaisc a eisiúint, is ar an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a leagfar an fhreagracht as Toilithe Limistéir Mhuirí sa bhliain 2023. Glacfaidh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí freagracht as aon Toilithe Limistéir Mhuirí ar dheonaigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad. Ní dhéanfar aon difear d’aistear na dtionscadal sin tríd an bpróiseas toilithe agus pleanála.
Is gá Toiliú Limistéir Mhuirí a shealbhú chun páirt a ghlacadh in ORESS 1, arb é an chéad cheant le haghaidh gaoth amach ón gcósta faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais Inathnuaite é agus a n-oibreoidh EirGrid é. Cheadaigh an rialtas téarmaí agus coinníollacha ORESS 1 an 9 Samhain 2022.
D’fhoilsigh EirGrid féilire le haghaidh ORESS 1 i mí na Samhna. Tá céim an cháiliúcháin le hoscailt an tseachtain seo, tá céim an cheant le cur ar siúl i mí Aibreáin 2023 agus tá na torthaí deiridh le heisiúint i mí an Mheithimh 2023.