An Bille um Chosaint Tomhaltóirí (Rialáil Gnólachtaí Creidmheasa Miondíola agus Seirbhísithe Creidmheasa) 2021 chun soláthraithe fruilcheannaigh agus PCPanna a thabhairt faoi shainchúram an Bhainc Ceannais - Donohoe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, TD, inniu (Dé Máirt) roimh fhoilsiú an Bhille um Chosaint Tomhaltóirí (Rialáil Gnólachtaí Creidmheasa Miondíola agus Seirbhísithe Creidmheasa) 2021.
Cuireann an Bille an príomh-mholadh i bhfeidhm sa “Tutty Report” (a choimisiúnaigh an tAire Airgeadais agus a foilsíodh i mí na Samhna 2018) ar PCPanna (Pleananna Conartha Pearsanta) chun na forálacha ábhartha de Chód Cosanta Tomhaltóirí an Bhainc Ceannais a leathnú chuig na soláthraithe uile comhaontuithe fruilcheannaigh / PCP do thomhaltóirí.
Déanann an Bille é seo trína cheangal ar gach soláthróir den sórt sin a bheith ina n-aonáin arna rialáil ag an mBanc Ceannais agus tabharfaidh sé seo cumhacht don Bhanc Ceannais an Cód um Chosaint Tomhaltóirí a chur i bhfeidhm, go háirithe an chuid a éilíonn ar ghnólachtaí oiriúnacht an táirge don tomhaltóir a mheas agus freisin cumas an iasachtaí an fiach a aisíoc le linn ré an chomhaontaithe creidmheasa, le gnólachtaí den sórt sin.
Ina theannta sin, éileoidh an Bille freisin ar sholáthraithe creidmheasa indíreacha do thomhaltóirí a bheith ina n-aonáin arna rialáil ag an mBanc Ceannais. Tugtar creidmheas indíreach amhlaidh toisc go soláthraíonn an t-iasachtóir creidmheas don iasachtaí trí mhiondíoltóir a íoc as earra a cheannach.
Forálfaidh an Bille freisin do rialáil eintiteas a fhónann nó a bhfuil úinéireacht acu ar na comhaontuithe seo chomh maith le roinnt leasuithe iarmhartacha agus gaolmhara a dhéanamh ar an Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, lena n-áirítear an caipín rátaí úis atá ann cheana a leathnú ar chomhaontuithe creidmheasa agus fruilcheannaigh a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí (seachas comhaontuithe iasachta airgid a bhfuil a gcreat rialála féin acu) chuig gach eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Achta sin.
Ag fáiltiú dó roimh cheadú an Rialtais don Bhille, dúirt an tAire Donohoe:
“Tabharfaidh an Bille seo gach soláthróir pleananna fruilcheannaigh agus conartha pearsanta faoi shainchúram an Bhainc Ceannais agus a Chód um Chosaint Tomhaltóirí. Cuirfidh sé seo feabhas suntasach ar an leibhéal cosanta atá ar fáil do thomhaltóirí comhaontuithe den sórt sin. Rachaidh an Bille ar aghaidh anois tríd an Oireachtas agus é ar intinn é a achtú níos déanaí i mbliana”.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí