An tAire Creed ag lorg tograí faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe maidir le Tionscnaimh Turasóireachta Agraibhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., ag lorg tograí faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2020 maidir le Tionscnaimh Turasóireachta Agraibhia. Dúirt an tAire Creed "Tá tábhacht ollmhór ag baint leis an turasóireachta agraibhia i gceantair thuaithe. Tugtar deis leis an turasóireacht agraibhia na daoine, an taobh tíre, an stair agus an cultúr atá faoin tuath in Éirinn a chur i láthair trí na táirgí talmhaíochta, bia agus dí agus bia áitiúil. Cuireann maoiniú faoin scéim seo ar chumas ghnóthaí faoin tuath, lena n-áirítear feirmeoirí, táirgeoirí agus ceardaithe, a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, nascadh leis an bpobal agus le cuairteoirí agus feabhas a chur ar an taithí tuaithe”.
€190,000 an maoiniú iomlán atá ar fáil chun tacú le tionscnaimh turasóireachta agraibhia (ina bhféadfadh margaí tuaithe bia a bheith san áireamh). €25,000 an méid is mó a íocfar i leith aon tionscadail.
Is é atá i gceist le turasóireacht agraibhia ná gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a chur ar fáil chun cuairt a thabhairt ar cheantair a bhfuil cáil táirgí talmhaíochta orthu agus chun bia nó speisialtachtaí áitiúla nó réigiúnacha a bhlaiseadh. Áirítear ar thurasóireacht agraibhia réimse leathan gníomhaíochtaí a bhfuil na naisc idir an talmhaíocht agus an bia a tháirgítear ag leibhéal áitiúil nó réigiúnach ag baint leo. D'fhéadfadh fanacht ar an bhfeirm nó cosáin agus imeachtaí turasóireachta bia, rannpháirtíocht in iarrachtaí talmhaíochta nó táirgí a cheannach díreach ó fheirm nó ó mhargadh a bheith i gceist léi. Cuimsítear chomh maith sa turasóireacht agraibhia bia áitiúil, scéimeanna margaidh feirmeora agus ceardaitheora faoina gcuirtear tacaíocht ar fáil do tháirgeoirí bia agus d'earraí ceardaíochta áitiúla agus séasúracha.
Ní mór iarratais a dhéanamh via an fhoirm iarratais Glao ar Thograí agus is féidir teacht uirthi ar ár láithreán gréasáin anseo.
12:00 (meán lae) an 4 Márta an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Nótaí don Eagarthóir
Cuirtear cúnamh ar fáil do thionscadail turasóireachta agraibhia (d'fhéadfadh margaí bia faoin tuath a bheith san áireamh ansin chomh maith) faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe. Ní mór iarratais a dhéanamh ag úsáid na cáipéise atá faoi iamh. 12:00 meán lae an 4 Márta an dáta deiridh le hiarratais a chur ar aghaidh. Déanfar iarratais a mheas trí phróiseas iomaíochta a bhaineann le tionscadail bheartaithe a mhaoiniú. Is é atá i gceist le turasóireacht agraibhia ná gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí a chur ar fáil chun cuairt a thabhairt ar cheantair a bhfuil cáil táirgí talmhaíochta orthu agus chun táirgí bia áitiúla nó réigiúnacha a bhlaiseadh.
CRÍOCH