Seolann an tAire an Comhairliúchán Poiblí ar an dréacht-idirghabháil maidir le Plean Straitéiseach an CBT 2023-2027
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu gur cuireadh tús le comhairliúchán poiblí ar an dréacht-idirghabháil a bheartaítear do Phlean Straitéiseach an CBT 2023-2027. Leanfaidh an comhairliúchán ar aghaidh ar feadh tréimhse ceithre seachtaine, ón 30 Iúil go dtí an 27 Lúnasa.
I ndiaidh gur chuir a Roinn an dréacht-idirghabháil faoi bhráid Choiste Comhairliúcháin Páirtithe Leasmhara an CBT ní ba luaithe inniu, dúirt an tAire:
“Is mian liom rannchuidiú sárluachmhar gach páirtí leasmhair trí obair Choiste Comhairliúcháin an CBT go dtí seo a aithint.
Forbraíodh an dréacht-idirghabháil bunaithe go mór ar ionchur páirtithe leasmhara, trí bhreithniú fairsing a dhéanamh ar an gcás san earnáil trí anailís fhoirmiúil SWOT agus próiseas measúnaithe riachtanas. Tá an dréacht-idirghabháil a bheartaítear fadréimseach, agus creidim go dtacóidh siad le feirmeoirí agus le pobail tuaithe chun dul i ngleic leis na dúshláin gheilleagracha, chomhshaoil agus shóisialta atá rompu.”
Luaigh an tAire go leagtar béim an-láidir ar leibhéal níos airde d’uaillmhian aeráide agus chomhshaoil a bhaint amach trí “Ailtireacht Ghlas” nua a oibreofar i measc an dá íocaíochtaí díreacha agus idirghabhála um fhorbairt tuaithe. Leag sé an bhéim air freisin go mbeartaíonn Éire Plean Straitéiseach an CBT (PLCBT) a shuíomh i gcroílár an aistrithe go córais talmhaíochta agus bhia níos inbhuanaithe.
Agus trácht breise á dhéanamh aige air, dúirt an tAire McConalogue:
“Dúirt mé i gcónaí go rachainn i gcomhairle go fairsing chun éisteacht le dearcthaí na bpáirtithe leasmhara go léir chun an t-eolas iomlán a sholáthar do mo chinntí faoi íocaíochtaí díreacha a athdháileadh, íocaíochtaí díreacha a chaidhpeáil agus a choinbhéirsiú, agus faoi conas is fearr cuspóirí geilleagracha, comhshaoil agus sóisialta an CBT a bhaint amach, mar shampla. Táim ag tnúth le páirt a bheith á glacadh ag gach páirtí leasmhar, agus an pobal i gcoitinne, sa phróiseas sna seachtainí amach romhainn.”
Maidir leis an bpróiseas, leag an tAire an bhéim air gur theastaigh uaidh go ndéanfadh sé chomh hinrochtana agus is féidir é i gcomhthéacs srianta leanúnacha COVID-19. Dúirt sé:
“Tabharfar faoi dhá chruinniú fhíorúla halla baile trí Sheimineár Gréasáin ag 7pm an 11 agus an 12 Lúnasa. Beidh deis ar fáil ceisteanna a chur ar an oíche, nó iad a sheoladh ar aghaidh roimh ré. Anuas air sin, is féidir aighneachtaí scríofa a dhéanamh le mo Roinn sa phost nó ar ríomhphost go dtí an 27 Lúnasa.”
Ba cheart aighneachtaí scríofa a sheoladh chuig CAPStrategicPlan@agriculture.gov.ie
nó sa phost chuig:
An Rannán um Fhorbairt Tuaithe an CBT,
Áras Talmhaíochta,
Sráid Chill Dara,
D02 WK12
Ba cheart : ‘dréacht-idirghabháil do Phlean Straitéiseach an CBT’ a scríobh ar aighneachtaí.
Nótaí d’eagarthóirí:
Buntacóidh Plean Straitéiseach CBT na hÉireann (PSCBT) don tréimhse 2023-2027 le forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar earnáil feirmeoireachta agus bhia na hÉireann trí thacú le hioncaim inmharthana feirme agus barr feabhais a chur ar iomaíochas, trí chreatlach shocheacnamaíoch cheantair thuaithe a fheabhsú, agus trí chur le cuspóirí comhshaoil agus aeráide a bhaint amach ar leibhéal náisiúnta agus AE.
Is éard a bheidh sa PSCBT nua ná athrú ar chur chuige i leith phleanáil agus chur i bhfeidhm an CBT i gcomparáid le clárthréimhsí roimhe seo. In ionad an chuir chuige atá bunaithe ar chomhlíonadh agus a bhfuil cur amach air agus ar cloíodh leis roimhe seo, glacfar le cur chuige nua feidhmíochtbhunaithe. Buntacóidh ‘Samhail Soláthair Nua’ leis seo, faoina mbreithneofar feidhmíocht na mBallstát i dtaobh aschuir agus torthaí, agus conas a chuireann a PSCBTanna le cuspóirí an CBT ar leibhéal an AE. Glacfaidh an PSCBT le cur chuige iomlánaíoch freisin, ina gcuimsítear idirghabháil faoi Cholún I (Íocaíochtaí Díreacha agus Idirghabháil Earnála) agus Colún II (Forbairt Tuaithe) isteach i bplean amháin, ar an iomlán.
Is é an comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir leis an dréacht-idirghabháil do Phlean Straitéiseach an CBT an chéad chéim an-tábhachtach eile chun Plean na hÉireann a fhorbairt. Forbraíodh an dréacht-idirghabháil ar a dtugtar cuntas bunaithe ar ionchur páirtithe leasmhara, chomh maith leis an obair ullmhúcháin a rinne an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (ach go háirithe, an obair a rinneadh ar an anailís SWOT agus an Measúnú ar Riachtanais a theastaíonn faoi Rialachán Phlean Straitéiseach an CBT), i gcomhairle le Ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha eile.
Lena chinntiú go mbaintear an t-ionchur uasta i measc páirtithe leasmhara amach ag an gcéim seo de phróiseas dearaidh an PSCBT, tá an dá shnáithe seo a leanas sa chomhairliúchán:
a. aighneachtaí scríofa, a dtugtar cuireadh dóibh ó pháirtithe leasmhara faoin dáta deiridh, an 27 Lúnasa.
b. cruinniú fíorúla halla baile, a bheidh ar siúl an 11 agus an 12 Lúnasa.
Tabharfar faoi cruinnithe fíorúla halla baile trí Sheimineár Gréasáin. Beidh sonraí breise orthu seo ar fáil ag www.gov.ie/cap
Léireofar na freagairtí a fuarthas tríd an gcomhairliúchán poiblí i ndréachtleagan de Phlean Straitéiseach foriomlán an CBT a chuirfear faoi bhráid meastóirí seachtracha go luath i Meán Fómhair. I ndiaidh go gcríochnófar a gcuid oibre, cuirfear plean nuashonraithe ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí breise i nDeireadh Fómhair/Samhain. Cuirfear an plean deiridh faoi bhráid an Rialtais lena cheadú i mí na Nollag sula gcuirfear faoi bhráid Choimisiún an AE faoin spriocdháta an 1 Eanáir 2022 é. Ceadófar tréimhse 6/8 mí do Choimisiún an AE chun an plean a cheadú. Cuirfear tús le Plean Straitéiseach an CBT an 1 Eanáir 2023.
CRÍOCH