Tugtar ceadú rialtais do Bhille nua a bhfuil mar aidhm leis cur le hacmhainn an Stáit chun soláthairtí ola a bhainistiú
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, inniu roimh an gceadú ón gComh-aireacht d’fhoilsiú an Bhille um Theagmhas Éigeandála Ola agus Aistriú Feidhmeanna Breoslaí In-athnuaite Iompair, 2022. Is é príomhchuspóir an Bhille seo ná cur le cumas an rialtais chun stoic a bhainistiú sa chás neamhdhóchúil go dtiocfaidh ciorrú ar sholáthairtí ola.
Ní ann d’aon ábhar imní ná riosca den sórt sin i láthair na huaire. Is seasta le míonna beaga anuas atá soláthairtí idirnáisiúnta ola agus praghsanna idirnáisiúnta eile. Tá gluaisteánaithe ag feiceáil laghdú i bpraghsanna peitril agus díosail ag réamhchúirteanna miondíola le déanaí.
Tá an Bille ag teacht sna sála ar obair ar ghabh an roinn de láimh anuraidh, mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. Ón uair sin a thosaigh ionradh na Rúise ar an Úcráin agus a tháinig an tionchar iarmhartach ar mhargaí domhanda fuinnimh chun cinn i leith, tá an rialtas ag féachaint le dul i ngleic leis na tionchair dhiúltacha atá á n-imirt ag praghsanna fuinnimh níos airde ar thomhaltóirí, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. I mBuiséad 2023, d’fhógair an rialtas sraith beart atá ceaptha chun cabhrú le daoine déileáil le praghsanna fuinnimh níos airde. Chomh maith leis sin, tugann an Plean Gníomhaíochta um Thearcrochtain Fuinnimh, a foilsíodh an mhí seo caite, tuilleadh tacaíochta do dhaoine atá i mbaol na tearcrochtana fuinnimh an geimhreadh seo.
Cé gur ábhar mór imní fós iad praghsanna fuinnimh atá níos airde ar an iomlán, tá dualgas ar an rialtas freisin muinín a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí maidir le slándáil sholáthar fuinnimh na hÉireann. Feabhsaítear slándáil fuinnimh trí lear pleananna láidre éigeandála a bheith i bhfeidhm againn, ar pleananna iad a bhfuil mar aidhm leo aon fhadhbanna soláthair a d’fhéadfadh teacht chun cinn a mhaolú, a fhritháireamh nó a chosc. Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag tástáil pleananna éigeandála le míonna beaga anuas i gcomhpháirt le ranna agus gníomhaireachtaí iomchuí. Tá obair á déanamh chun a chinntiú go mbeifear in ann pleananna a chur i mbun oibre go tapa, más gá, is cuma cé chomh neamhdhóchúil is atá sé go dtiocfaidh cás den sórt sin chun cinn.
Tá cur chuige an rialtais ag teacht leis an gcur chuige atá á ghlacadh ag Ballstáit eile den Aontas Eorpach, áit ar géaraíodh ar phleananna ullmhachta éigeandála mar fhreagairt d’impleachtaí leanúnacha fuinnimh an chogaidh san Úcráin.
Áirítear iad seo a leanas leis na príomhbhearta atá á dtabhairt isteach sa Bhille:
Dúirt an tAire Ryan:
"Tá an Bille seo ina chuid de shraith tionscnamh atá á bhforbairt ag an roinn seo chun slándáil sholáthar fuinnimh na hÉireann a chinntiú go ceann tamaill. Mar sin féin, is é atá sa tosaíocht fhadtéarmach atá againn agus sa chur chuige is fearr d’Éirinn ná tomhaltóirí a chosaint ar luaineacht ar mhargaí idirnáisiúnta fuinnimh mórdhíola trí infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite, tríd an idirnasc le margaí Eorpacha a mhéadú agus trí chomhtháthú an mhargaidh inmheánaigh a dhoimhniú.
"Leagtar amach sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023, a foilsíodh roimh an Nollaig, conas a chuirfidh Éire dlús leis an aistriú chuig foinsí inathnuaite fuinnimh. Gabhann a lán buntáistí leis an aistriú sin, go háirithe tuilleadh slándála fuinnimh agus praghsanna seasmhacha.
"Ag an am céanna, tá an roinn seo ag leanúint le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar shlándáil na soláthairtí fuinnimh go hÉirinn, go háirithe ó ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin i leith. Tá an rialtas ag neartú bearta pleanála teagmhais an Stáit chun a chinntiú go mbeimid in ann freagairt go tapa agus go héifeachtach i gcás go dtiocfaidh srianadh ar sholáthairtí ola."
Foráiltear leis an mBille freisin don aistriú foirmiúil feidhmeanna ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chuig an Roinn Iompair i ndáil le breoslaí inathnuaite iompair. Tháinig an t-athrú sa fhreagracht beartais in éifeacht sna míonna tosaigh den bhliain 2021.
Mar thoradh ar na forálacha dlíthiúla nua sa Bhille, tacófar le bearta sonracha le haghaidh bhaint amach na spriocanna sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023 a bhaineann le bithbhreoslaí. Go bunúsach, dreasófar leis sin cumaisc níos airde d’eatánól bithbhreosla i bpeitreal agus bithdhíosal i dtomhaltas díosail de réir mar a aistrímid chuig modhanna malartacha iompair leictrigh, taistil phoiblí agus taistil ghníomhaigh sna blianta atá le teacht. Leagadh na bearta sonracha amach roimhe seo sa Bheartas um Breosla In-athnuaite don Iompar 2021. Is é an toradh a bheidh air sin ná go ndreasófar an soláthar breoslaí inathnuaite iompair amhail ola glasraí hidreachóireáilte, bithmheatán agus hidrigin ghlas, chomh maith leis an soláthar breoslaí inathnuaite iompair lena n-úsáid san eitlíocht agus san iompar muirí.
CRÍOCH
Mar chuid de na hoibleagáidí a chuir an tAontas Eorpach agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) ar an Stát, coinníonn an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) stoic fuinnimh a mhairfeadh thart ar 85 lá. Cé go gcoinníonn NORA stoc a mhairfeadh 90 lá de ghnáth, scaoileadh roinnt de stoic NORA i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin anuraidh mar chuid de scaoiltí domhanda comhordaithe cúltacaí ar chomhaontaigh baill de IEA iad. Mar sin féin, meastar go mbeidh stoc a mhairfeadh 90 lá ag NORA faoi dheireadh mhí Eanáir an athuair.
Sa Chreat Náisiúnta Slándála Fuinnimh, rud ar cheadaigh an Rialtas é agus a foilsíodh i mí Aibreáin 2022, tugtar breac-chuntas ar fhreagairt na hÉireann dár riachtanais slándála fuinnimh (i gcomhthéacs an chogaidh Rúisigh san Úcráin) agus ar ár n-imthosca náisiúnta ar leith.
Bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Grúpa Éigeandála um Shlándáil Fuinnimh (atá faoi chathaoirleacht an Ard-Rúnaí) faoin gCreat Náisiúnta Slándála Fuinnimh. Déanann an grúpa sin comhordú agus formhaoirseacht ar ghníomhaíocht agus ar fhreagairtí – ar an leibhéal náisiúnta – i ndáil le tionchar an chogaidh Rúisigh san Úcráin ar shlándáil fuinnimh. Ar áireamh sa ghrúpa atá ionadaithe ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), ó Líonraí Gáis Éireann, ó EirGrid, ón nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) agus ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).
Áirítear iad seo a leanas leis an obair atá ar bun aige:
De bhreis air sin, tagann an Foghrúpa um Shlándáil Ola le chéile ar bhonn tráthrialta mar chuid de phleanáil stuama leanúnach. Glacann Fuels for Ireland agus geallsealbhóirí eile páirt san Fhoghrúpa sin.
Déanann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cathaoirleacht ar chleachtaí oiliúna éigeandála ola mar chuid de phleanáil teagmhais thráthrialta leanúnach. Freastalaíonn príomh-ranna rialtais, gníomhaireachtaí, rannpháirtithe sa tionscal agus saineolaithe ón earnáil ar na cleachtaí sin.
Le linn na gcleachtaí sin, breithnítear cásanna hipitéiseacha agus déantar tástáil struis ar phleananna éigeandála. Áirítear leis na cásanna na stoic ola atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) a scaoileadh isteach sa mhargadh ó chúltaca straitéiseach ola an Stáit d’fhonn an soláthar a chothabháil. Áirítear leis na bearta tús áite a thabhairt do sheirbhísí éigeandála agus criticiúla le linn breosla a dháileadh.
Cuireadh an cleachtadh comhpháirteach oiliúna éigeandála gáis, ola agus leictreachais is déanaí ar siúl i bhfómhar na bliana 2022.