Gradam um chaighdeáin músaem ón Chomhairle Oidhreachta bronnta ar Chaisleán Chill Chainnigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a fhógairt go bhfuil creidiúnú iomlan bainte amach ag Caisleán Chill Chainnigh, faoi Chlár na Comhairle Oidhreachta um Chaighdeáin Músaem in Éirinn (MSPI). Tugadh moladh don bhfoireann ag Caisleán Chill Chainnigh as ‘na caighdeáin um Chreidiúnú Iomlán a chomhlíonadh agus a shárú’ agus moladh freisin ‘scála agus cáilíocht na hoibre athchóirithe, an léirmhíniúchán sa Chaisleán agus an clár leathan imeachtaí den chaighdeán is airde’.
Tá ocht láthair oidhreachta OPW a bhfuil creidiúnú iomlán músaem anois acu: ba é Teach Farmleigh an chéad láthair OPW a fuair an gradam in 2011, chomh maith le Músaem an Phiarsaigh agus Teach Bhaile an Chaisleáin in 2012. Fuair na Seomraí Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus Caisleán Ráth Fhearnáin creidiúnú iomlán in 2017. I mí Feabhra i mbliana, fuair Músaem Phríosún Chill Mhaighneann agus Teach agus Gailearaí na Gléibe an gradam.
Dúirt Patrick O’Donovan, T.D., an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí:
“Is mór an éacht ag na foirne agus OPW an creidiúnú iomlán músaem seo a fháil ón Chomhairle Oidhreachta. Molaim an fhoireann ag na músaeim chreidiúnaithe agus an Fhoireann Stiúrtha Láir ag Seirbhísí Oidhreachta OPW; tacaíonn an chinnireacht, an fhís agus an saineolas acu siúd lena gcomhghleacaithe chun na caighdeáin ghairmiúla ia airde a bhaint amach.”
Is aidhm don MSPI caighdeáin agus barr feabhais a chothú san earnáil músaem in Éirinn. Meastar gach gné – cúram agus cur i láthair bailiúchán, taispeántais, cláir oideachais, gníomhú le cuairteoirí agus bainistiú músaeim. Tá ocht músaem creidiúnaithe ag OPW, i mBaile Átha Cliath, Dún na nGall, Cill Droichid agus Cill Chainnigh; lean siad san dianphróiseas thar na blianta chun an sraith 34 cgaighdeán a chomhlíonadh agus tá a thoradh san le feiceáil maidir le cáilíocht i gcúram bailiúchán, eispéireas na gcuairteoirí agus comhoibriú le taispeántais suntasacha.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Le linn na srianta, cheap an fhoireann bealaí nua chun na bailiúchain a sholáthar don phobal ar líne. Tá áthas anois orthu fáilte a chur roimh an bpobal arís le linn an tsamhraidh seo. Tugaim cuireadh duit teacht ins na seachtainí atá romhainn agus taitneamh a bhaint as na taispeántais agus cláir oideachais inspioráideacha atá curtha le chéile acu.”
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Tá eolas faoi uaireanta oscailte agus riachtanais áirithinte ar fáil ag heritageireland.ie . Tá cead isteach saor in aisce chuig láithreachta oidhreachta OPW go deireadh na bliana.
Taispeántais reatha ag láithreacha oidhreachta OPW:
Taispeántas: Vicereines of Ireland: Portraits of Forgotten Women
Dátaí: ar oscailt gach lá, 31 Bealtaine 2021 – 5 Meán Fómhair 2021
Taispeántas: Conjuring Forms (DCCI Portfolio)
Dátaí: 30 Iúil – 12 Meán Fómhair 2021
Taispeántas: La Divina Comedia - Dante
Dátaí: ar oscailt gach lá 10 Bealtaine 2021 (10.00am) – 10 Deireadh Fómhair 2021 (5.00pm)
Taispeántas: Passage, Fold & Multipolar: John Noel Smith ag Gailearaí Farmleigh
Dátaí: Máirt go Domhnach, 18 Meitheamh – 5 Meán Fómhair 2021
Taispeántas: Turas – Journey (Féile Ealaíona Eargail)
Dátaí: gach lá, 29 Bealtaine – 31 Lúnasa 2021
Taispeántas: The Ros Tapestry: A Tale Told in Thread
Dátaí: ar oscailt gach lá ó 7 Lúnasa 2021
Taispeántas: Irish Craft Heroes
Dátaí: gach lá, 22 Iuil – 6 Deireadh Fómhair 2021
Taispeántas: The Forgotten 10
Dátaí: dúnta faoi láthair faoi réir ag srianta Covid-19 ar thurais treoraithe laistigh
Taispeántas: Double Estate: saothar ó bhailiúchán Stáit OPW agus Bailiúchán Mhúsaem an Phiarsaigh
Dátaí: ar oscailt gach lá
Taispeántas: Bite the Hand that Feeds You (PhotoIreland Festival 2021)
Dátaí: ar oscailt gach lá, 5 Iúil – 2 Lúnasa 2021
Taispeántas: 100 Years of Women in Politics and Public Life
Dátaí: Máirt go Domhnach, 24 Meitheamh – 23 Meán Fómhair 2021