Déanann an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála cleachtadh rathúil éigeandála inar ionsamhlaíodh cibirionsaí ar an earnáil fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála cleachtadh rathúil éigeandála ar siúl inar samhlaíodh an fhreagairt náisiúnta do chibirtheagmhas hipitéiseach a dhéanfadh difear d’earnáil fuinnimh na hÉireann.
Ba é aidhm an chleachtaidh, a cuireadh ar siúl san Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí inné, ná na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Cibiréigeandála a thástáil chun a chinntiú go mbeadh an rialtas, gníomhaireachtaí Stáit agus geallsealbhóirí iomchuí ullmhaithe do fhreagairt go héifeachtach do chibirtheagmhas mórscála a dhéanfadh difear do bhonneagar náisiúnta criticiúil. Tá gnáthchleachtaí cibearshlándála mar chuid den phleanáil leanúnach teagmhais ar leibhéal an rialtais, agus tá siad ríthábhachtach maidir lena chinntiú go mbeadh freagairt chomhordaithe ann d’éigeandálaí.
Ghlac roinnt eintiteas poiblí agus príobháideach páirt sa chleachtadh. Áiríodh leo an Garda Síochána, ionadaithe ó ranna éagsúla rialtais, Óglaigh na hÉireann, Líonraí BSL, EirGrid, Líonraí Gáis Éireann, an Coimisiún um Rialáil Fóntais agus soláthraí cibirtheagmhas tríú páirtí. Tá nósanna imeachta láidre tástáilte i bhfeidhm ag Líonraí BSL, ag EirGrid agus ag Líonraí Gáis Éireann chun déileáil le héigeandálaí den chineál sin.
Leagtar amach sa Phlean Náisiúnta Cibiréigeandála an cur chuige a ghlacfar i leith freagairt do theagmhais thromchúiseacha hipitéiseacha chibearshlándála a dhéanann difear do rúndacht, ionracas agus infhaighteacht na gcóras agus na líonraí teicneolaíocht faisnéise agus teicneolaíochta oibríochtúla lena mbaineann tábhacht náisiúnta. Tugtar ann an sainmhíniú ar ‘cibiréigeandáil’ agus leagtar amach ann na nithe a spreagfaidh cur chun feidhme an phlean, ar ina leith a bheadh sé riachtanach an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí (Cibearshlándáil) a thionól, agus é faoi chathaoirleacht Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála.
Ag labhairt dó tar éis an chleachtaidh, dúirt Richard Browne, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála:
"Ba é a bhí sa chás inar leagadh amach sraith cibirtheagmhas géaraitheach san earnáil fuinnimh ná meabhrúchán casta dúshlánach ar na deacrachtaí a bhaineann le freagairt uile-rialtais a chomhordú i leith géarchéimeanna ar an leibhéal náisiúnta. Chomh maith leis sin, chuir an cleachtadh ar ár gcumas tástáil agus comhordú a dhéanamh lenár gcomhpháirtithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, an Garda Síochána, Óglaigh na hÉireann agus na príomhsholáthraithe fuinnimh agus na príomhrialálaithe fuinnimh ina measc, agus feabhas á chur ar a ullmhaithe atáimid chun comhoibriú in aon chásanna fíorshaoil."
Bainfear úsáid as na ceachtanna a foghlaimíodh agus as na haschuir ón gcleachtadh a rinneadh inné chun an Plean Náisiúnta Cibiréigeandála a bheachtú tuilleadh agus chun eolas a dhéanamh do chleachtaí amach anseo.
CRÍOCH
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála sa bhliain 2011 agus is aonad oibríochtúil cibearshlándála é laistigh den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála freagrach as comhairle agus faisnéis a thabhairt don Rialtas, do sholáthraithe bonneagair náisiúnta chriticiúil, do ghnólachtaí agus don phobal i gcoitinne maidir leis na bagairtí agus na leochaileachtaí reatha a bhaineann le slándáil faisnéise líonra.
Is iad príomhróil an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála dul i gceannas ar mhórtheagmhais chibearshlándála a bhainistiú ar fud an Rialtais, treoir agus comhairle a thabhairt do shaoránaigh agus gnólachtaí maidir le mórtheagmhais chibearshlándála, agus caidreamh idirnáisiúnta láidir a fhorbairt sa phobal domhanda cibearshlándála chun faisnéis a chomhroinnt.