Iarrtar Léirithe Spéise le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag iarraidh Léirithe Spéise anois le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023.
Mar chuid de chlár na bliana 2023, ceapfar 20 ceann d’eagraíochtaí agus de ghrúpaí ó áiteanna ar fud na tíre ina ‘gCuraidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe’ chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun a thaispeáint, trí eiseamláir a thabhairt, gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Tá ríméad orm athsheoladh Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a fhógairt. Cabhraíonn an clár seo leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a dhéanamh ina rud inláimhsithe do dhaoine – á thaispeáint nach uaillmhianta amháin iad ach gur spriocanna beo iad a bhfuil i gceist leo a chinntiú gur féidir le pobail agus le daoine aonair teacht faoi rath agus bláth i dtimpeallacht atá níos inbhuanaithe agus níos forásaí. Cabhraíonn sé freisin le ceannaireacht a chur chun cinn le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus deis á tabhairt do raon éagsúil grúpaí le samplaí dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh óna n-eispéireas sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus iad i mbun gnímh a thaispeáint agus a chomhroinnt.
"Agus muid ag tógáil ar rath roimhe an chláir, táimid ag méadú an lín curadh a cheapfar ó 12 churadh go 20 curadh chun rannpháirtíocht níos leithne fós a chinntiú i mbliana. Molaim go gach cineál grúpa agus eagraíochta iarratas a dhéanamh ar an tionscnamh tábhachtach seo. Is faoi dhaoine, faoin bpláinéad agus faoi rathúnas a bhíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe – is le gach duine iad agus bíonn an tionchar is mó ag na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nuair a bhrúitear chun cinn iad ar an leibhéal áitiúil."
Iarrtar iarratais ó na heagraíochtaí agus na grúpaí uile ar mhaithe leo obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir iad a chur chun cinn agus a úsáid.
Glacfar le hiarratais i bhformáid scríofa nó físeáin go dtí 5pm Dé hAoine an 20 Eanáir 2023.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus faoi conas iarratas a dhéanamh air, téigh chuig gov.ie/SDGs.
CRÍOCH
An 25 Meán Fómhair 2015, rinneadh ‘I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’ a ghlacadh ag na Náisiúin Aontaithe. Ba í Éire a chomhstiúir an idirbheartaíocht ar Chlár Oibre 2030 i gcomhar leis an gCéinia. Cuid dhílis de Chlár Oibre 2030 is ea na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, a bhfuil mar aidhm leo “deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus rathúnas a chinntiú”.
Cumhdaíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na trí ghné den fhorbairt inbhuanaithe, is iad sin: fás geilleagrach, cuimsiú sóisialta, agus cosaint an chomhshaoil. Is Spriocanna uilíocha iad, agus iad ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas: bochtaineacht; ocras agus córais bhia; sláinte; oideachas; comhionannas inscne; uisce glan agus sláintíocht; fuinneamh; fás geilleagrach; poist chuibhiúla; tionsclaíocht; neamhionannais; cathracha agus lonnaíochtaí don duine; tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe; an t-athrú aeráide; aigéin; éiceachórais; agus an tsíocháin agus an ceartas.
Is comhaontú deonach é Clár Oibre 2030, a fhágann nach bhfuil sé ina cheangal dlí. Mar sin féin, chomhaontaigh gach tír na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus táthar ag súil leis go bhforbróidh gach tír creat náisiúnta ina leagfar amach an dóigh a mbainfear na Spriocanna amach.
Ghlac Éire cur chuige uile-rialtais i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus an fhormhaoirseacht pholaitiúil fhoriomlán á soláthar tríd an gComh-aireacht. Tá freagracht ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide as na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus as formhaoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme comhleanúnach ar fud an Rialtais.
Leagtar amach sa phlean nua straitéis rialachais agus cur chun feidhme na hÉireann do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le haghaidh na tréimhse 2022-2024. Tá sé ar an dara ceann de shraith pleananna comhleanúnacha cur chun feidhme, a bhfuil gach ceann díobh ag tógáil ar an leagan roimhe, chun obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Leagtar amach sna pleananna an creat uileghabhálach náisiúnta rialachais, comhordúcháin agus faireacháin le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Maidir leis na cineálacha mionsonraithe cur chuige beartais i leith dul chun cinn a dhéanamh ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe aonair agus ar chuspóirí aonair, pléitear iad sna beartais náisiúnta ábhartha atá leagtha amach i Léarscáil na mBeartas Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa bhliain 2019. Forbraíodh é chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun a thaispeáint, trí na heiseamláirí a sholáthraíonn Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Is é atá i gceist le ról Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ná obair ar son na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus iad a chur chun cinn agus gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir le heagraíocht rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus na Spriocanna sin a chomhtháthú isteach ina gcuid oibre agus gníomhaíochtaí.
Is é ‘Comhpháirtíochtaí níos mó le haghaidh na Spriocanna’ Cuspóir Straitéiseach 3 den Dara Plean Cur Chun Feidhme Náisiúnta do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024 ó Éirinn. Príomh-mhodh le haghaidh é sin a bhaint amach is ea Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is é atá i gceist le Gníomh 35 agus le bearta gaolmhara den Phlean Cur Chun Feidhme Náisiúnta ná Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a athsheoladh.
Is é príomhtheachtaireacht Chlár na gCuradh ná gur do gach duine sa tsochaí a bhíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gur féidir le gach duine rannchuidiú le rath na Spriocanna sin.