Seachtain Shláinte na mBan: Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh sheoladh Meabhairshláinte na mBan a Leabú in Comhfhís: Meabhairshláinte do Chách
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, agus an tAire Stáit le freagracht as an Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, Meabhairshláinte na mBan a Leabú in Comhfhís: Meabhairshláinte do Chách – tuarascáil leis an sainghrúpa le haghaidh mheabhairshláinte na mban.
Bhunaigh an Coiste Náisiúnta Feidhmithe agus Monatóireachta (NIMC) le haghaidh Comhfhís, beartas náisiúnta meabhairshláinte na hÉireann, an sainghrúpa sin chun dul chun cinn ar an an tsaincheist tosaíochta maidir le meabhairshláinte na mban.
Moltar sa tuarascáil go neadófar an chéad Chairt Mheabhairshláinte na mBan in Comhfhís na hÉireann chun soláthar seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte do mhná agus do chailíní in Éirinn a chumhdach agus a fheabhsú.
Tá sé beartaithe go dtabharfaidh gach seirbhís sláinte tiomantas don Chairt chun feasacht ar inscne a neartú, agus chun a chinntiú go mbeidh ar fáil do mhná seirbhís mheabhairshláinte chuimsitheach, thacúil agus éifeachtach a fhreastalóidh ar a gcuid riachtanas.
Is aidhm leis an gCairt an méid seo a chinntiú:
Tá an Chairt leabaithe i struchtúir mhonatóireachta agus forfheidhmithe Comhfhís agus tagann sí leis na struchtúir sin.
Agus an tuarascáil á seoladh ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, mar chuid de Sheachtain Shláinte na mBan 2023, bhí le rá ag an Aire:
“Tá mé an-sásta go bhfuil dul chun cinn dáiríre déanta againn trí bhíthin infheistíocht shuntasach a dhéanamh i soláthar seirbhísí cúraim sláinte na mban ó sheolamar Plean Gníomhaíochta Shláinte na mBan sa bhliain 2022.
“Is cloch mhíle shuntasach eile í an tuarascáil seo ar an aistear seo agus cuirim fáilte roimh an moladh Cairt a bhunú chun cinntiú de go leanfaimid orainn ag forbairt seirbhísí meabhairshláinte níos fearr do mhná agus do chailíní na hÉireann.”
Bhí le rá ag an Aire Stáit le freagracht speisialta as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler:
“Agus a thuilleadh ban óg in Éirinn ag tuairisciú gur mó an méid imní atá orthu, gur mó an féindochar atá siad a dhéanamh, agus gur mó na smaointe féinmharaithe atá acu ná riamh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimid gach ar féidir linn lena chinntiú go bhfuil teacht mar is ceart ag mná agus ag cailíní ar chúram sláinte meabhraí agus ar tacaíocht chuí.
“Tá teagmháil le húsáideoirí seirbhíse agus leo siúd a bhfuil taithí mhaireachtála acu riachtanach chun toradh dearfach a bhaint amach. Táim buíoch de gach duine a rinne cion don tuarascáil seo.”
Dúirt Cathaoirleach an tSainghrúpa, an tOllamh Siobhan MacHale:
“Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis na Sainghrúpaí agus na Grúpaí Tagartha, a ndearna a réimse peirspictíochtaí i leith ábhair gairmiúla agus na sochaí sibhialta cion mór don obair ríthábhachtach seo. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear an inscne san áireamh agus seirbhísí meabhairshláinte éifeachtacha á gcruthú agus á gcur ar fáil.
“Le moltaí na tuarascála seo, déanfar éascaíocht ar sheirbhísí ina nglactar cur chuige atá íogair ó thaobh na hinscne de i leith sholáthar chúram sláinte meabhraí, as a dtiocfaidh torthaí sláinte níos dearfaí ar deireadh do mhná agus do chailíní.”
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais, Curadh Shláinte na mBan sa Roinn Sláinte agus an Comhchathaoirleach ar Thascfhórsa Sláinte na mBan, Rachel Kenna:
“Laistigh de bhliain, tá infheistíocht déanta ag Ciste Shláinte na mBan i roinnt tionscnamh meabhairshláinte, lena n-áirítear tacaíochtaí sonracha do mhná leochaileacha agus imeallaithe chomh maith le mná a bhfuil riachtanais chasta sláinte acu.
“Is céim shuntasach eile í an tuarascáil maidir le Meabhairshláinte na mBan a Leabú sa chaoi a ndéantar inscne a mheas sna seirbhísí atá á gcur ar fáil againn cheana féin agus ag an am céanna ag cruthú bealaí a mbeidh folláine mheabhrach níos fearr mar thoradh orthu amach anseo.”
Nótaí don Eagarthóir: