Tugtar cead pleanála d'athfhorbairt uaillmhianach Dhánlann Crawford
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fáilte roimh chinneadh Chomhairle Chathair Chorcaí inniu cead pleanála a thabhairt d’athfhorbairt Dhánlann Crawford. Dhear foireann dearaidh idirdhisciplíneach an tionscadal, atá á mhaoiniú ag Roinn an Aire, faoi cheannas Grafton Architects a bhfuil gradaim buaite acu, agus tá sé á sheachadadh ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus ag Dánlann Crawford.
Déanfaidh an tionscadal Dánlann Crawford a leathnú agus a nuachóiriú ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta músaeim, ag soláthar spásanna taispeántais nua agus áis Foghlama agus Fionnachtana chun lucht féachana nua a mhealladh, chomh maith le gailearaí poiblí nua ina mbeifear in ann cuid mhaith de chathair Chorcaí a fheiceáil. Tabharfar aghaidh san athfhorbairt freisin ar dhúshláin fhadtéarmacha maidir le creatlach an fhoirgnimh stairiúil, ag soláthar spásanna stórála sainoiriúnaithe don Bhailiúchán Náisiúnta, agus feabhsóidh sé go suntasach inbhuanaitheacht an fhoirgnimh. Is ríthábhachtach go gcruthóidh an tionscadal bealach isteach nua ó Phlás Emmet, ag oscailt Dánlann Crawford amach ar phlás uirbeach nua i gcroílár shaol cultúrtha na cathrach. Fanfaidh an Gailearaí ar oscailt do chuairteoirí go dtí Fómhar 2024 agus ina dhiaidh sin cuirfear tús leis an athfhorbairt ar an láthair.
Is tionscadal suaitheanta é athfhorbairt Dhánlann Crawford i gclár infheistíochtaí an Aire faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, ina ndéanfar athchóiriú agus athnuachan ar go leor de na Forais Náisiúnta Cultúir is ansa linn, agus déanfar iad a chosaint do na glúnta atá le teacht.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Is iontach an scéal é fógra an lae inniu do Dhánlann Crawford, do mhuintir Chorcaí agus do lucht ealaíon ar fud na hÉireann. Leis an dearadh seo tá Grafton Architects, i gcomhar le foireann gailearaí agus foireann deartha tiomnaithe, tar éis an institiúid ionúin seo a athshamhlú, ag cur beocht as an nua sa ghailearaí atá báúil le struchtúr stairiúil an fhoirgnimh agus ag an am céanna ag soláthar spásanna taispeántais agus foghlama breise a bhfuil géarghá leo. Níl sa Crawford ach ceann amháin de na Forais Náisiúnta Cultúir a gheobhaidh maoiniú le haghaidh athfhorbartha faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Is cloch mhíle thábhachtach sa chlár é cead pleanála a thabhairt inniu agus leagann sé caighdeán síos do na tionscadail atá le teacht.”
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan, Aire Stáit sa Roinn Fiontar Poiblí, Sheachadadh an Phlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóiriú:
“Tá lúcháir orm faoi chinneadh Chomhairle Cathrach Chorcaí inniu an t-iarratas pleanála do Thionscadal Athfhorbartha Dhánlann Crawford a cheadú. Tabharfaidh sé seo deis dúinn dul ar aghaidh lenár gclár saothair chun láithreacht amhairc bhailiúcháin an Ghailearaí a fheabhsú, agus an foirgneamh stairiúil a chaomhnú agus spás bríomhar nua a sholáthar don ealaín agus don phobal le bualadh le chéile i gcroílár na cathrach.”
Dúirt Rose McHugh, cathaoirleach Dhánlann Crawford:
“Is tráth corraitheach é do Dhánlann Crawford agus cinnteoidh an plean uaillmhianach seo a bhfuil ardmheas air, go bhfanfaidh Crawford ag croílár shaol cultúrtha Chorcaí agus na hÉireann amach anseo.”
Ghabh sí buíochas leis an bhfoireann a ghlac páirt ann agus le OOP agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a gcomhoibriú ar gach gné den tionscadal.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Inniu tugadh cead pleanála foirmiúil d’athfhorbairt Dhánlann Crawford, Corcaigh. Tá an tionscadal mar chuid de chlár infheistíochta suntasach an Aire sna Forais Náisiúnta Cultúir, faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.
Soláthróidh an tionscadal na nithe seo a leanas:
Athdhíriú suntasach ar spás reatha an Ghailearaí, agus bealach isteach nua athlonnaithe go dtí foirgneamh stairiúil Theach an Chustaim, ag féachaint amach ar Phlás Emmet.
Soláthróidh an tionscadal spásanna nua agus feabhsaithe suntasacha lena n-áirítear iad seo a leanas:
Déanfar na gailearaithe agus na spásanna poiblí atá ann cheana féin a dhéanamh níos inrochtana agus níos cuimsithí go sóisialta.
Déanfar creatlach stairiúil an fhoirgnimh a chosaint agus an foirgneamh a ullmhú don todhchaí le hinfheistíocht shuntasach san inbhuanaitheacht.