Leibhéal 4 de Phlean na hÉireann chun Maireachtáil le COVID-19 curtha i bhfeidhm sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shocraigh an rialtas inniu go gcuirfear Leibhéal 4 den Phlean chun Maireachtáil le COVID-19 i bhfeidhm i gcontaetha an Chabháin, Dhún na nGall agus Mhuineacháin ó mheán oíche amárach (Déardaoin 15 Deireadh Fómhair).
Socraíodh an gníomh sin i bhfianaise athbhreithniú a rinneadh ar an gcomhairle reatha maidir leis an tsláinte phoiblí agus is freagra é ar chúrsaí atá ag dul in olcas sna contaetha sin maidir leis an víreas.
Fágfar an chuid eile den tír ag Leibhéal 3 . Shocraigh an rialtas leibhéal na srianta a mhéadú go náisiúnta in áiteanna áirithe mar atá leagtha amach i Leibhéal 3 mar gheall go bhfuil an scéal ag dul in olcas leis an víreas timpeall na tíre:
Beidh Leibhéal 4 i bhfeidhm sa Chabhán, i nDún na nGall agus i Muineachán go dtí an 10 Samhain agus déanfaidh an Rialtas cúrsaí a athbhreithniú ag an bpointe sin.
Bainfidh na himpleachtaí a leanas le duine ar bith atá ina gcónaí nó atá ag obair sna contaetha sin de bharr go mbeidh na contaetha á gcur go dtí Leibhéal 4:
Féach an liosta seirbhísí bunriachtanacha anseo.
Beidh tacaíochtaí ar fáil do gnólachtaí faoin Scéim Fóirdheontais Shrianta COVID (CRSS) nua a fógraíodh sa Bhuiséad an tseachtain seo.
Is féidir le bainiseacha atá socruithe don 16, 17, 18 Deireadh Fómhair leanúint ar aghaidh mar a bhí pleanáilte ar dtús le suas go dtí 25 aoi ar an méid. Ó Dé Luain, an 19 Deireadh Fómhair Is féidir le bainiseacha leanúint ar aghaidh le 6 aoi ar an méid ag an searmanas agus ag an mbainis (beag beann ar an ionad). Ní cheadófar d’aíonna bainise taisteal taobh amuigh den chontae chun freastal ar bhainis.
Féach an liosta seirbhísí bunriachtanacha anseo.
Is féidir spóirt ghairmiúla/scothspórt/ idirchontae/rásaíocht chapall a reáchtáil gan aon lucht féachana i láthair.