Ceadaíonn an Rialtas an comhaltas den Choimisiún nua um Aistriú Cóir
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, cheadaigh an rialtas ceapachán na gcomhaltaí chuig an gCoimisiún um Aistriú Cóir ar feadh téarma tosaigh trí bliana.
Beidh ról lárnach ag an gCoimisiún um Aistriú Cóir maidir le comhairle agus tacaíocht a thabhairt don rialtas chun a chinntiú go mbeidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach cóir agus go rachaidh sé chun tairbhe do gach duine. Áirítear leis na príomhchúraimí atá le cur i gcrích ag an rialtas chun aistriú cóir aeráide a bhaint amach an gá atá le deiseanna fostaíochta a uasmhéadú, le tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus pobail a bhféadfadh an t-aistriú ar shiúl ó bhreoslaí iontaise an difear is diúltaí a dhéanamh dóibh, agus le caidreamh agus forbairt pobail inbhuanaithe a chur i gcroílár a chuir chuige.
Cuimsíonn an comhaltas den Choimisiún um Aistriú Cóir ainmnithe ó na cúig cholún d’idirphlé sóisialta, mar aon le saineolaithe neamhspleácha ó raon réimsí éagsúla a bhaineann le hobair an Choimisiúin, lena n-áirítear cearta an duine agus comhionannas, forbairt scileanna, forbairt tuaithe agus pobail, cuimsiú sóisialta, an t-aistriú eacnamaíoch glas, agus dearcthaí óige.
Is iad seo a leanas na comhaltaí den Choimisiún um Aistriú Cóir:
Ag fáiltiú dó roimh cheadú na gceapachán ag an rialtas, dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:
"Tá sé mar thosaíocht agam a chinntiú go ndéanfaimid aistriú cóir chuig Éirinn nua níos glaise, agus tá an-áthas orm a bheith in ann na ceapacháin chuig an gcéad Choimisiún um Aistriú Cóir riamh in Éirinn a dheimhniú, agus é seo ina chloch mhíle thábhachtach do bheartas aeráide na hÉireann. Beidh ról tábhachtach ag an gCoimisiún maidir le comhairle agus tacaíocht a thabhairt dúinn ionas go n-éireoidh lenár mbeartais aeráide do gach duine agus go rachaidh na beartais sin chun tairbhe dár bpobail uile.
"Féachfaidh sé leis an mbeartas fadtéarmach aeráide a réamh-mheas, agus le bonn eolais a chur faoi, trí dhíriú ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna a d’fhéadfadh teacht as an aistriú aeráide le haghaidh earnálacha difriúla den gheilleagar agus den tsochaí, go háirithe na hearnálacha sin atá sa bhaol is mó go bhfágfaí iad ar leataobh. Rud tábhachtach, tacóidh an Coimisiún leis an rialtas obair ó bhun aníos, á chinntiú go mbeimid nuálach, solúbtha agus, thar aon rud eile, duineláraithe sa dóigh a dtabharfaimid aghaidh ar an aistriú seo i dtreo poist ghlasa nua, talmhaíocht ghlas agus iompar glas."
Ag labhairt di faoi, dúirt Ali Sheridan:
"Tá lúcháir orm a bheith ag dul isteach sa Choimisiún um Aistriú Cóir ag an am ríthábhachtach seo d’Éirinn. Cé go bhfuil sé mar phríomhthosaíocht againn anois ár spriocanna aeráide a bhaint amach, tá cuid mhór le déanamh againn go fóill chun a chinntiú go mbainfimid amach iad ar bhealach nach bhfágfar aon duine ná aon áit ar leataobh.
"Tá deis againn, agus tá freagracht orainn, a chinntiú gur aistriú cóir a bheidh san aistriú. Is aistriú é sin ina bhféachfar níos faide ná astaíochtaí a laghdú amháin agus i dtreo ár sochaí agus ár ngeilleagar a bhunathrú ionas go mbláthóidh siad agus, an tráth céanna, riachtanais shóisialta a chomhlíonadh agus teorainneacha pláinéadacha a urramú.
"Agus mé ag cur leis an obair luachmhar atá ar bun ag cuid mhór daoine, táim ag tnúth le hobair i gcomhar leis an gcuid eile den Choimisiún agus leis an mórshochaí chun tacú leis an rialtas ár dtodhchaí chomhchoiteann a mhúnlú agus aistriú cóir cothromasach a bhaint amach."
CRÍOCH
D’oibrigh Ali i roinnt ról ceannaireachta sinsearaí aeráide, agus thacaigh sí le forbairt agus fás clár aeráide, lenar áiríodh ag an gConradh um Neamhleathadh Breoslaí Iontaise, ag IKEA agus ag Bord Bia. Bhí róil aici leis an Tionscnamh Talmhaíochta Inbhuanaithe agus leis an Taisce roimhe seo freisin. Thacaigh sí le raon éagsúil eagraíochtaí agus earnálacha chun straitéisí um aistriú cóir iontaofa aeráide a fhorbairt. Gníomhaíonn sí mar léachtóir ó am go ham freisin. Sealbhaíonn Ali MSc in Inbhuanaitheacht Gnó, MSc i bhForbairt Inbhuanaithe agus BSc i mBainistíocht Comhshaoil. Suíonn sí ar Choiste Comhairleach na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, ar Bhord Comhairleach Aeráide Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) agus ar an mBord um Eolas Coiteann.
Tá Conor Minogue ina fheidhmeannach sinsearach beartais in Ibec, grúpa gnó. Shealbhaigh Conor roinnt ról beartais ó chuaigh sé isteach san eagraíocht den chéad uair sa bhliain 2012. San am i láthair, oibríonn sé le comhaltaí Ibec chun an clár oibre beartais fuinnimh agus aeráide a fhorbairt agus a chur chun cinn do lucht gnó na hÉireann. Tugann sé treoir don tionscal maidir le tuairisc a thabhairt ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar an inbhuanaitheacht freisin. Bhí sé mar phríomhúdar ar an bhFoireann Uirlisí um Ghníomhú ar son na hAeráide don Lucht Gnó ó Ibec agus ar an Treochlár le haghaidh Geilleagar Ísealcharbóin a Fhorbairt, rud a d’fhoilsigh Ibec sa bhliain 2019. Sula ndeachaigh sé isteach in Ibec, d’oibrigh sé ag Ambasáid an Aontais Eorpaigh in Washington DC. Rinne Conor staidéar ar stair agus ar chaidreamh idirnáisiúnta ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), ag Ollscoil California, Berkeley, agus ag Ollscoil Cambridge. Tá Ard-Dioplóma sa Dlí Pleanála agus Comhshaoil aige ó Óstaí an Rí freisin.
Tá an Dr Diarmuid Torney ina Stiúrthóir ar an Ionad Aeráide agus Sochaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), agus tá sé ina Ollamh Comhlach sa Scoil Dlí agus Rialtais in DCU. Tá a chuid taighde dírithe ar an mbeartas agus an rialachas i réimse an athraithe aeráide. Tá sé ina chomhordaitheoir ar thionscadal dar teideal RETOOL de chuid Fhís Eorpach, rud a bhfuil mar aidhm leis rialachas daonlathach a neartú le haghaidh aistrithe aeráide san Eoraip, agus stiúrann sé rannpháirtíocht DCU sa Chomhionad um Aeráid + Bithéagsúlacht + Uisce atá á chistiú ag Taighde Éireann. Tá sé ina shainchomhalta neamhspleách den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, agus tá sé ina chomhalta de Ghrúpa Feidhmiúcháin an Líonra Taighde Aeráide agus Bithéagsúlachta Uile-Oileáin.
Tá an Dr Evan Boyle ina Thaighdeoir Sinsearach Iardhochtúireachta in Ionad Taighde MaREI um Fhuinneamh, Aeráid agus Cúrsaí Muirí atá á chomhordú ag an Institiúid um Thaighde Comhshaoil, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC). Tá a chuid taighde dírithe ar rannpháirtíocht an phobail in aistrithe fuinnimh agus ar chineálacha trasdisciplíneacha cur chuige i leith na hinbhuanaitheachta. Cumhdaítear lena chuid oibre modhanna chun taighde feidhmeach a chur chun feidhme ar mhaithe le réitigh um ghníomhú ar son na haeráide a chomhchruthú le geallsealbhóirí lasmuigh den lucht léinn trí pháirt a ghlacadh i roinnt tionscadal, lena n-áirítear Corca Dhuibhne 2030 (2018-2021), Imagining2050 (2018-2020) agus STEPS (2022-2024). Tá sé mar aidhm leis an obair sin freisin bonn eolais a chur faoin mbeartas maidir le modhanna córa cuimsitheacha a úsáid le haghaidh an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach.
Tá Michelle Murphy ina hAnailísí Taighde agus Beartais le Ceartas Sóisialta Éireann. Soláthraíonn sí taighde, anailís beartais agus caidreamh straitéiseach ar an inbhuanaitheacht, ar fhorbairt tuaithe, agus ar an tionchar a bheidh ag beartas ar dháileadh ioncaim agus ar chuimsiú sóisialta. Tháirg sí roinnt píosaí taighde beartais shóisialta ar an inbhuanaitheacht agus ar an aistriú cóir, lena n-áirítear roghanna beartais chun ár spriocanna aeráide a chomhlíonadh trí chreat um Aistriú Cóir, taighde ar an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar aistriú cóir i bpobail tuaithe in Éirinn, taighde ar an tionchar a bheidh ag ár spriocanna aeráide ar fhorbairt réigiúnach, agus taighde ar threochtaí i ndáil le dáileadh ioncaim, leis an mbochtaineacht agus le cuimsiú sóisialta.
Tá Oisín Coghlan ina phríomhfheidhmeannach ar Chairde na Cruinne ó bhí an bhliain 2005 ann. Chomhbhunaigh sé an Chomhghuaillíocht chun Deireadh a Chur le hAnord Aeráide sa bhliain 2007, agus stiúir sé an feachtas 14 bliana ar son dlí láidir aeráide, ar dá bharr a ritheadh an tAcht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin sa bhliain 2021. Chomhbhunaigh Oisín an Colún Comhshaoil sa bhliain 2009, ar comhghuaillíocht tathanta eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil é, agus rinne sé ionadaíocht don Cholún ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta ón mbliain 2009 go dtí an bhliain 2016. Chomhbhunaigh sé an Grúpa Ceannairí Corparáideacha Éireannacha um Athrú Aeráide sa bhliain 2009 i gcomhar le Vodafone agus le Gnó sa Phobal, agus chomhbhunaigh sé an Chomhghuaillíocht um Aistriú Cóir i gcomhar le Comhdháil na gCeardchumann (ICTU), leis an gCeardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU) agus le Fórsa sa bhliain 2019. Ón mbliain 2019 go dtí an bhliain 2023, shuigh Oisín ar Choiste Stiúrtha Chomhghuaillíocht 2023, rud atá comhdhéanta de mhórshochaí shibhialta na hÉireann agus a chuireann gníomhaíocht rialtais chun cinn ar mhaithe le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.
San am i láthair, tá Ryan McKinney ina Cheann um Athrú Straitéiseach ag Fórsa, an dara ceardchumann is mó in Éirinn. Sa ról sin, déanann sé formhaoirseacht ar chlár uaillmhianach éagsúil um athrú, agus stiúrann sé tionscnaimh cheannródaíocha. Áirítear leis na tionscnaimh sin infheistíocht is fiú na milliúin euro i gcóras saincheaptha ballraíochta, áit a bhfuil modheolaíocht idirnáisiúnta á dearadh agus á cur chun feidhme chun bunathrú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mball agus ar an dóigh a gcomhlíontar plean straitéiseach reatha an cheardchumainn. Tá taithí os cionn 20 bliain ag Ryan ar chaidreamh tionsclaíoch agus ar dhul i mbun feachtas tionsclaíoch, ar taithí í a ghnóthaigh sé i róil shinsearacha sa ghluaiseacht ceardchumainn i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann.
Tá saineolas ag Seamus Boland ar ghnóthaí tuaithe agus talmhaíochta, agus é ag obair le pobail agus leis an lucht déanta beartas le níos mó ná 30 bliain anuas. Mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Nasc Tuaithe na hÉireann, chabhraigh sé le líonra tuaithe náisiúnta ina bhfuil 600 eagraíocht pobail a fhorbairt. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Pobal agus d’fhóin sé ar Bhord The Wheel roimhe seo. Is feirmeoir é freisin, agus cónaíonn sé sa lár tíre. Tá sé ina Chathaoirleach ar an gComhairle Tailte Móna, agus déanann sé cathaoirleacht ar an gcoiste idir-rannach rialtais atá freagrach as cur chun feidhme na Straitéise um Thailte Móna. Tá sé sa dara téarma mar Uachtarán ar an nGrúpa Eagraíochtaí Sochaí Sibhialta (Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa).
Tá Suresh Kumar ina Leas-Stiúrthóir um Nuálaíocht agus Bunathrú Tionsclaíoch do Rialtas na hAlban. Bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin do Chumann Taighde Max Planck roimhe seo. Is ceannaire sinsearach seanchleachta é Suresh, agus d’oibrigh sé i róil bheartais, straitéise agus oibríochtaí sna hearnálacha Ollscoile, Taighde agus Nuálaíochta roimhe seo, agus é ag díriú ar Thionscadail Chaipitil, Tallann, Scileanna, Fiontraíocht, cruthú post, agus bonneagar úrscothach idir an Tionscal agus Ollscoileanna. Is saineolaí ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí é. Is straitéisí é freisin, agus é ag leagan treonna amach anseo síos do réimsí eolaíocha/teicneolaíocha ar an leibhéal náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta i gcomhpháirt leis an lucht Gnó, leis an lucht Tionscail agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Tá Tanya Ward ina Príomhfheidhmeannach ar an gComhghuaillíocht um Chearta Leanaí. Roimhe seo, bhí sí ina Leas-Stiúrthóir ar an gComhairle um Chearta an Duine, agus d’oibrigh sí leis an Ionad Éireannach um Staidéar Imirce, le Comhairle Dídeanaithe na hÉireann agus leis an Aonad Forbartha Curaclaim. Mar iarléachtóir le cearta an duine ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ag Scoil Ceartais Shóisialta UCD, is céimí de chuid UCC í agus tá LLM i gCearta an Duine aici ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. D’fhóin Tanya ar bhoird na Cónaidhme Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, Athchóiriú Meabhairshláinte agus an Ionaid Dlí do Leanaí agus Daoine Óga. Tá sí ina Leas-Uachtarán ar Eurochild faoi láthair. Bhí sí ina Cathaoirleach ar an gComhairle Chomhairleach Náisiúnta um Leanaí agus Daoine Óga roimhe seo, agus tá sí ina comhalta de Bhord an Chláir um Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí faoi láthair. Tugadh an Gradam do Shármhaitheas i gCeannaireacht do Tanya sa bhliain 2024.
Is feirmeoir as Inis Eonáin, Contae Chorcaí, í Vanessa Kiely O’Connor. Sealbhaíonn sí Dioplóma in Eolaíocht an Chomhshaoil agus Beartas Sóisialta, agus tá Dioplóma aici i Stiúradh Corparáideach (Gnó Bia) ó UCC. Tá Teastas i Straitéis Gnó aici ó UCD freisin. Ceapadh í mar ionadaí do Chumann Comhar-Eagraíochtaí na hÉireann ag Teagasc, agus déanann sí cathaoirleacht ar Choiste Comhairleach agus Oideachais Teagasc. Tá sí ina stiúrthóir boird de chuid Chomharchumann Dhroichead na Bandan, agus fónann sí ar bhord Clóna Dairy Products freisin. Tá Vanessa ina comhalta de Mhná sa Talmhaíocht, ar grúpa geallsealbhóirí é. Tá sí ina comhalta de Chomhairle Náisiúnta Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann freisin, agus d’fhóin sí ar choiste Gnó Feirme an Chumainn roimhe seo.
Ar aon dul leis na Téarmaí Tagartha ceadaithe, is iad seo a leanas a bheidh i bhfeidhmeanna an Choimisiúin um Aistriú Cóir:
Agus comhairle á tabhairt aige don rialtas maidir le conas ba cheart d’Éirinn a chinntiú nach bhfágfaí aon duine ar leataobh agus í ag comhlíonadh a huaillmhianta aeráide, comhlánóidh an Coimisiún nua ról reatha na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide. Is é sainordú reachtúil na Comhairle Comhairlí comhairle a thabhairt don Aire agus don Rialtas maidir leis na beartais um an athrú aeráide a mhaolú agus um oiriúnú don athrú aeráide is gá chun Cuspóir Aeráide Náisiúnta reachtúil na hÉireann a chomhlíonadh. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an gComhairle Chomhairleach chun a chinntiú nach mbeidh aon fhorluí ann ar a sainorduithe agus a gcláir oibre faoi seach.
Is féidir leat na Téarmaí Tagartha iomlána a léamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tríd an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ghlac an rialtas creat uileghabhálach le haghaidh forbairt beartais, áit a nglactar cur chuige atá bunaithe ar phrionsabail chun aistriú cóir a sholáthar in Éirinn. Tá an creat sin comhdhéanta de cheithre phrionsabal, chun forbairt beartais earnála agus cur chun feidhme earnála a threorú. Tá na prionsabail sin ag teacht leis na Treoirlínte ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus le creataí agus moltaí an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann gur féidir iad a chur i bhfeidhm ar fud earnálacha ilchineálacha:
Ar aon dul leis an uaillmhian de chuid an rialtais go ndéanfaí na prionsabail sin a phríomhshruthú go seasta isteach sa bheartas aeráide, tá príomhearnálacha i mbun na prionsabail sin a chomhtháthú isteach i ndearadh a mbeartas agus a mbeart faoi seach tríd an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ar plean bliantúil é.