Seolann an tAire Catherine Martin Comhairliúchán ar Líne maidir le Bunioncam píolótach do na hEalaíona
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Déardaoin, 6 Eanáir), sheol an tAire Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán comhairliúchán ar líne maidir le scéim phíolótach um Bunioncam do na hEalaíona (BIA) chun tuairimí a fháil ó ealaíontóirí, uathu siúd a oibríonn san earnáil ealaíon agus cultúir agus ón bpobal.
Osclaíonn an comhairliúchán poiblí inniu agus beidh sé ar fáil le freagairt anseo go dtí go ndúnann an comhairliúchán ar an 27 Eanáir 2022.
Tagann an comhairliúchán poiblí i ndiaidh fóram rathúil leis na geallsealbhóirí ar an 15 Nollaig inar tháinig os cionn 150 rannpháirtí ó 50 comhlacht acmhainní agus ionadaíochta ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon le chéile chun an togra a phlé agus a dtuairimí agus a n-aiseolas a thabhairt don Aire agus dá Roinn.
Mar Aire ar a bhfuil freagracht maidir leis na healaíona agus an cultúr, dúirt Catherine Martin TD:
“Spreagaim d’aon duine a bhfuil suim acu anseo le bheith páirteach sa chomhairliúchán ar líne maidir leis a gclár píolótach um Bunioncam do na hEalaíona. Cabhróidh bhur dtuairimí chun cruth a chur ar dhearadh deiridh an chláir phíolótaigh nuair a chuirtear ar fáil é sna míonna romhainn. Is idirghabháil beartais uair sa ghlúin atá anseo, beart a chreidim a chuirfidh cruth nua ar an tírdhreach do na healaíona le blianta le teacht. Is léiriú bunúsach ar cé muid féin mar náisiún atá inár gcultúr agus sna healaíona. Tá ár n-oidhreacht chultúrtha shaibhir ar cheann dár sócmhainní is fearr, agus snoíonn ár n-ealaíontóirí braistint féiniúlachta, cruthaitheachta agus muintearais i gcreatlach ár bpobail. Bhí luach intreach sochaíoch an chultúir agus na n-ealaíon an-soiléir le linn na paindéime, nuair a sholáthair sé dath, solas agus dóchas in amanna neamhchinnte.”
Bhunaigh an tAire Martin an Tascfhórsa Aisghabhála Ealaíon agus Cultúir in 2020 mar fhreagairt ar an bpaindéim, agus chun ardán a sholáthar le haghaidh moltaí dírithe ar réiteach le haghaidh aisghabháil na hearnáil ealaíon agus cultúir. Ba é an moladh ba mhó a tháinig ón tascfhórsa scéim phíolótach um bunioncam do na healaíona a thabhairt isteach.
Dúirt an tAire Martin freisin:
“Tá €25m leithdháilte agam in 2022 don scéim phíolótach um bunioncam do na healaíona, is príomhthosaíocht atá anseo dom féin agus mo roinn. Tá mé diongbháilte a chinntiú nach ndéantar damáiste buan d’earnáil na n-ealaíon ón bpaindéim agus cabhraíonn an scéim phíolótach um Bunioncam lena áirithiú go dtagann na healaíona in Éirinn ar ais níos láidre ná riamh.”
Is é cuspóir an chomhairliúcháin ar líne a chinntiú go mbíonn an deis ag an bpobal i gcoitinne, ag ealaíontóirí agus acu siúd a oibríonn san earnáil ealaíon agus cultúir cur leis an bhforbairt beartais don scéim phíolótach agus moltaí a thabhairt óna dtaithí féin mar ealaíontóirí, oibrithe ealaíon agus baill de na heagraíochtaí acmhainne ar phríomhcheisteanna amhail cuspóirí na scéime, critéir incháilitheachta, tacú le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus freagrachtaí rannpháirtithe.
Seolfar an Scéim Phíolótach um Bunioncam do na hEalaíona sna míonna romhainn. Foilseofar tuilleadh sonraí ar shuíomh gréasáin na Roinne tar éis measúnú agus bailchríoch a chur ar an aiseolas agus an t-ionchur ón gcomhairliúchán ar líne.
Tar éis moladh an Tascfhórsa, tá an roinn ag obair chun seasamh beartais agus forbhreathnú scéime a fhorbairt don scéim phíolótach um Bunioncam d’Ealaíontóirí d’fhonn an tionscnamh a sheoladh go luath in 2022.
Bhí rannpháirtíocht leathan le geallsealbhóirí rialtais, scrúdú ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta agus sonraí earnála i gceist sa phróiseas seo. Tá comhairliúchán leathan lárnach sa phróiseas, agus dhear an Roinn comhairliúchán ar líne ina lorgaítear tuairimí maidir le cuspóirí, critéir incháilitheachta agus freagrachtaí rannpháirtithe a bhaineann leis an scéim phíolótach.
Lorgaíodh ionchuir ó pháirtithe leasmhara in dhá chéim:
Céim 1: Fóram na nGeallsealbhóirí
Reáchtáladh Fóram na nGeallsealbhóirí ar an 15 Nollaig, agus tugadh cuireadh do níos mó ná 50 geallsealbhóir earnála le bheith páirteach. Bhailigh agus chuir éascaitheoir ionchur i dtoll a chéile agus tá na sonraí sin mar chuid d’fhorbairt na Roinne ar an scéim phíolótach.
Céim 2: Comhairliúchán Poiblí ar Líne
Ag aithint teorainneacha an fhóraim pháirtithe leasmhara, tá an Roinn inniu ag tosú comhairliúchán poiblí ar líne chun tuilleadh sonraí a bhailiú, lena n-áirítear ó ealaíontóirí agus oibrithe ealaíon cruthaitheacha aonair. Ar mhaithe le cothroime, úsáidfear an cur chuige céanna sa chomhairliúchán poiblí a úsáideadh i bhfóram na nGeallsealbhóirí, le foilsiú páipéar comhairliúcháin agus iarratas go bhfreagraíonn aighneachtaí leis na croícheisteanna céanna a bhaineann le cuspóirí, critéir incháilitheachta, próiseas roghnúcháin, agus breithnithe taighde agus sonraí.