Preasráitis
Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin, an 11 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 uirthi tar éis bás a fháil.
Is é sin an chéad bhás taifeadta a bhaineann le COVID-19 a tuairiscíodh in Éirinn.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh le teaghlach agus cairde an othair.
“Mholfainn do na meáin agus don phobal príobháideacht na ndaoine sin a urramú ag an am deacair seo.
“Leanfaimid lenár gcuid oibre chun cur isteach ar tharchur an víris. Is gá dúinn go léir obair le chéile chun go n-éireoidh linn é sin a dhéanamh. Déarfainn le daoine leanúint de bheith ag cloí le comhairle sláinte poiblí.”
CRÍOCH