Iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán maidir le dearadh na Scéime Nua Oibleagáide don Éifeachtúlacht Fuinnimh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide tar éis comhairliúchán a chur sa siúl le páirtithe leasmhara maidir le dearadh na Scéime Nua Oibleagáide don Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEOS), a bheidh ar obair ó thús 2022.
Tógfaidh an scéim nua ar an scéim oibleagáide atá socraithe ó 2014 agus cuirfidh sí go suntasach le cumas na hÉireann a cuspóir coigilitis fuinnimh a bhaint amach faoi Threoir leasaithe an AE maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Beidh tacaíocht leis an scéim nuadheartha freisin le huaillmhian náisiúnta níos leithne na hÉireann don aeráid a bhaint amach.
Is mír an-tábhachtach í an éifeachtúlacht fuinnimh de phlean na hÉireann i dtaca le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Táthar ag déanamh go mbeidh an EEOS athdheartha, agus é ag cabhrú le hÉirinn cuspóir suntasach ceangailteach a bhaint amach faoi Threoir an AE maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ina chrann taca maidir le huaillmhianta iomlána na hÉireann a bhaint amach mar a leagadh síos sa Chlár Rialtais.
Ritheadh an scéim roimhe seo ó 2014 go 2020 agus san am sin thug tacaíocht do ghníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i mbreis agus 290,000 teach cónaí agus níos mó ná 3,000 gnólacht. Socraíodh i ngeall ar a fheabhas a d’éirigh leis an scéim sin go n-úsáidfí scéim oibleagáide arís chun cabhrú le hÉirinn ár gcuspóir coigiltis fuinnimh a bhaint amach do 2030.
Iarrtar anois tuairimí maidir le dearadh na Scéime nua. Tá an cháipéisíocht don chomhairliúchán ar fáil ar gov.ie. Aon duine lenar mhian aighneacht a dhéanamh, ba chóir an suirbhé ar líne a chomhlánú. Mura féidir leat teacht ar an suirbhé ar chúis ar bith, téigh i dteagmháil leis an bhfoireann ar an ríomhphost ag energy.efficiency@decc.gov.ie. Is é 5 i.n., an 19ú Aibreán 2021 an spriocdháta le haghaidh iarratas a dhéanamh.
CRÍOCH