Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh fhoilsiú Sláinte in Éirinn - Príomhthreochtaí 2021, le freagairt don phaindéim mar phríomhthéama
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh fhoilsiú Sláinte in Éirinn - Príomhthreochtaí 2021 , inniu. Tá an tuarascáil bhliantúil seo bunaithe ar shonraí sláinte ó Mhárta 2020 - lár mhí na Samhna 2021 agus soláthraíonn sí príomhstaitisticí ar roinnt réimsí, lena n-áirítear sláinte daonra, cúram ospidéil agus príomhúil, fostaíocht, caiteachas agus tionchar phaindéim COVID-19 ar sheirbhísí cúraim sláinte.
Agus é ag fáiltiú roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly:
Is meabhrúchán tráthúil é “Sláinte in Éirinn: Príomhthreochtaí 2021 ar an tábhacht a bhaineann le córas láidir faisnéise sláinte chun cáilíocht cúraim sláinte agus na torthaí d’othair a thomhas, a mhonatóiriú agus a thuairisciú. Tá sé seo riachtanach le go n-éireoidh le Sláintecare, a bheidh in réimse tosaíochta infheistíochta agus athchóirithe ag mo Roinn sna blianta amach romhainn."
Tugann an tuarascáil le fios go ndeachaigh an phaindéim go mór i bhfeidhm ar ghníomhaíocht ospidéil, agus thit scaoileadh amach ón ospidéal (cásanna othar cónaitheach agus lae) os cionn 14% in 2020, agus thit freastal ar an Rannóg Éigeandála os cionn 15%. Tá an fhreagairt ar an bpaindéim an-soiléir sna figiúirí foirne a tuairiscíodh. Bhí os cionn 1,700 níos mó altraí, agus beagnach 900 dochtúir eile, ag obair i FSS faoi dheireadh 2020, i gcomparáid le deireadh 2019. Chuir an méadú seo ar oibrithe cúraim sláinte le méadú caiteachais os cionn €3bn idir 2019 agus 2020.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Soláthraíonn an tuarascáil deis thábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19 go dtí seo ar imscaradh acmhainní cúraim sláinte. Tá an obair seo riachtanach, go háirithe i bhfianaise an borrtha le déanaí i minicíocht COVID-19 sa phobal agus an brú suntasach a chuirtear ar sheirbhísí cúraim sláinte túslíne. Tá sé léirithe ag paindéim COVID-19 go bhfuil ár seirbhís sláinte athléimneach, ach tá dúshlán leanúnach romhainn i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le cúram COVID agus neamh-COVID araon."
De réir na tuarascála, is féidir an tionchar is suntasaí atá ag an bpaindéim ar sholáthar seirbhísí sláinte a fheiceáil sa mhéadú ar an líon daoine ar liostaí feithimh. I mí Dheireadh Fómhair 2021, bhí os cionn 28,000 duine fásta agus beagnach 4,000 leanbh ag fanacht níos mó ná 6 mhí ar liosta feithimh d’othair chónaithe, méadú 25% ar Márta 2020, ag tús na paindéime. Tá an Roinn Sláinte, FSS agus an an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) ag obair ar Phlean Liosta Feithimh Ilbhliantúil chun liostaí feithimh a thabhairt ar aon dul le spriocanna Sláintecare sna blianta amach romhainn. Déanfaidh Tascfhórsa Aireachta maoirseacht ar an bpróiseas seo, faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, agus tá ionadaithe ó FSS agus NTPF ann.
Soláthraíonn an tuarascáil cúlra agus comhthéacs d’obair na Roinne Sláinte maidir le reachtaíocht, beartas agus straitéisí a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna criticiúla agus ar phleanáil straitéiseach do dhéimeagrafaic agus do shláinte an daonra sa todhchaí.
Chríochnaigh an tAire Donnelly:
“Le himeacht aimsire, tiocfaidh déimeagrafaic athraitheacha na hÉireann chun cinn mar an dúshlán is mó atá romhainn agus ár seirbhís sláinte á pleanáil againn sa todhchaí. Leanfaidh na méaduithe comhréireacha is mó sa daonra in Éirinn de bheith i gcatagóir na ndaoine atá 85 bliana d’aois agus níos sine. Fásfaidh líon na ndaoine 65 bliana d’aois agus níos sine ó aon chúigiú go breis agus aon trian den daonra oibre sa scór bliain amach romhainn a mbeidh impleachtaí aige ar an gcaoi a dheanaimid maoiniú ar ár seirbhísí sláinte.
“Is é an dea-scéal ná go bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide, agus caithfimid a chinntiú go gcaitear níos mó de na blianta seo, go háirithe níos déanaí sa saol, i ndea-shláinte le cúram a chuirtear ar fáil sa bhaile nó sa phobal. Cuireann an tuarascáil seo go mór lenár n-athbhreithniú leanúnach ar acmhainní cúraim sláinte, agus tacóidh sí leis an gcuspóir seo a bhaint amach."
CRÍOCH
Sláinte in Éirinn - Príomhthreochtaí 2021 fianaise i láthair ó gach cearn den earnáil sláinte faoin dul chun cinn atá déanta agus na dúshláin atá fós ann maidir le cúram sláinte éifeachtach agus ardchaighdeáin a sholáthar in Éirinn. Tá an obair seo ar siúl i bhfoirm Sláintecare, atá ag obair chun aghaidh a thabhairt go córasach ar na dúshláin shuntasacha seo don chóras cúraim sláinte sna blianta amach romhainn. Is príomhspriocanna iad na forálacha maidir le meabhairshláinte a fheabhsú, brú ar acmhainní sláinte a laghdú, luach ar airgead a chinntiú, tacú le cógais chineálacha a ghlacadh, agus liostaí feithimh ospidéil a laghdú.
Is é seo an tríú heagrán déag den treoir thagartha seo atá éasca le húsáid ar threochtaí suntasacha i sláinte agus i gcúram sláinte le deich mbliana anuas, lena n-áirítear stádas daonra agus sláinte, chomh maith le treochtaí i soláthar seirbhíse. Tá réamhrá gairid i ngach cuid a dhéanann achoimre ar na príomhstaitisticí. I mbliana, tá caibidil théamach ar COVID-19, ina bhfuil sonraí thar chúrsa iomlán na paindéime go dtí seo, ó Mhárta 2020 go lár mhí na Samhna.
Cuireann an tuarascáil béim ar na héachtaí suntasacha atá bainte amach ag Éirinn maidir le príomhthorthaí sláinte le deich mbliana anuas, ach freisin na dúshláin atá ann i dtéarmaí inrochtaineacht cúraim sláinte pras agus éifeachtach ar fud an daonra.