Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 11 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,781* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Déardaoin an 10 Meán Fómhair, cuireadh 211 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 30,571 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Cé go bhfuil méadú leanúnach á fheiceáil againn i gcásanna, go háirithe i mBaile Átha Cliath, tá sé seo i bpáirt mar gheall ar thoilteanas daoine aird a thabhairt ar ár bpríomhtheachtaireachtaí maidir leis na siomptóim a bheith ar eolas acu agus teacht chun cinn go pras le haghaidh tástála. Cuideoidh sé seo mar aon leis na príomh-iompraíochtaí eile go léir le slabhraí an tarchuir inár bpobail a bhriseadh.
“An deireadh seachtaine seo, cuir teorainn le do theagmhálacha sóisialta, go háirithe cuairteoirí chuig do theach. Seachain sluaite, coinnigh amach ó dhaoine eile agus caith clúdach aghaidhe nuair is cuí."
CRÍOCH