Scéim GLAS d'Fhoirgnimh Thraidisiúnta Feirme 2020
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu gur féidir iarratais a dhéanamh anois ar Scéim Glas d'Fhoirgnimh Thraidisiúnta Feirme 2020. Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo chun foirgnimh thraidisiúnta feirme agus struchtúir mar dromhchlaí, ballaí, geataí agus piléir gheataí clóis stairiúla a athchóiriú agus a chaomhnú. Is í an Chomhairle Oidhreachta a dhéanann an scéim a riar thar ceann na Roinne.
Cuireadh €1.25 milliún ar fáil sa Bhuiséad don scéim thar a bheith tábhachtach seo a leanfaidh de chur go mór lenár n-oidhreacht thuaithe a chaomhnú agus le feabhas a chur ar an taobh tíre faoin tuath. Tá i bhfad níos mó i gceist leis an leas a bhainfear as an scéim seo ná díreach na struchtúir seo a choinneáil do ghlúnta amach romhainn mar go bhféadfadh buntáistí móra bithéagsúlachta a bheith i gceist chomh maith.
Is féidir le hiarratasóirí atá rannpháirteach sa Scéim Ghlas, Íseal-Charbóin, Agra-Chomhshaoil iarratas a dhéanamh ar an scéim seo agus tá sí cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann 2014-2020. Is deontais idir €4,000 agus €25,000 atá ar fáil agus d'fhéadfadh suas le 75% de chostas na hoibre, a bhfuil uasteorainn leis, teacht faoin scéim.
5pm Dé Máirt an 18 Feabhra 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Is féidir foirmeacha iarratais chomh maith le téarmaí agus coinníollacha na scéime a íoslódáil ó www.heritagecouncil.ie
Nóta d'eagarthóirí
Déantar iarratasóirí atá incháilithe faoin scéim a roghnú ar bhonn iomaíoch agus cuirfear tacaíocht ar fáil do 70-80 tionscadal.
5pm Dé Máirt an 18 Feabhra 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.