Seirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála: Briseadh seirbhíse
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir BT Communications Ireland Ltd (BTCIL) in iúl don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar maidin nach raibh an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála in ann glaonna éigeandála a láimhseáil idir 1am agus 2.15am maidin Dé Máirt, 28 Meitheamh.
Chuir BTCIL, a bhfuil conradh aige leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála a sheachadadh, in iúl don Roinn go ndeachaigh an briseadh seo i bhfeidhm ar thart ar 227 glaoiteoir agus gur phléigh an Garda Síochána ina dhiaidh sin leis na glaoiteoirí go léir a ndeachaigh an briseadh i bhfeidhm orthu.
Dúirt an tAire Ossian Smyth, a cuireadh ar an eolas faoin mbriseadh, go bhfuil tuairisc mhionsonraithe agus chuimsitheach á lorg ag an Roinn anois ó BTCIL ar an eachtra.
Cé gurb í an tosaíocht láithreach ná a chinntiú nach bhfuil aon bhaol ann go dtarlódh a leithéid sa todhchaí, dúirt an tAire Smyth go bhfaighidh an Roinn amach cérbh iad na cúinsí beachta ba chúis leis an mbriseadh seirbhíse agus go gcinnfidh sí ansin, i gcomhairle lena comhairleoirí dlí, na hiarmhairtí faoin gconradh.
CRÍOCH
Tá an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála (ECAS) freagrach as gach glao agus téacs 112 agus 999, ag soláthar nasc ríthábhachtach idir an té atá ag glaoch agus na Seirbhísí Éigeandála (Garda, Dóiteáin, Otharcharr nó Garda Cósta agus Rialú Aerthráchta i gcás éigeandálaí a bhaineann le haerárthaí).
Tá bunús dlí na Seirbhíse Freagartha Glaonna Éigeandála (ECAS) leagtha amach san Acht um Rialáil Cumarsáide (Leasú) 2007, a dhéanann foráil maidir le bunú agus oibriú ECAS agus a chuir ar chumas an Aire conradh a dhéanamh le heintiteas chun an tseirbhís a sholáthar. Tá an conradh ag BT Communications Ireland Limited (BTCIL) faoi láthair chun an tseirbhís a oibriú.
Síníodh an conradh ECAS i mí Feabhra 2018 le BTCIL tar éis próiseas soláthair iomaíoch. Tá an conradh ar feadh tréimhse seacht mbliana le feidhm ó mhí na Samhna 2018 agus le dul in éag i mí na Samhna 2025.
Leis an gconradh soláthraítear sraith chuimsitheach de Phríomhtháscairí Feidhmíochta atá dírithe ar infhaighteacht agus cáilíocht na seirbhíse agus déanann an Roinn monatóireacht ghéar ar fheidhmíocht BT in aghaidh na méadrachta seo, lena n-áirítear 98% de ghlaonna a fhreagairt i níos lú ná 1.3 soicind.
Láimhseáil ECAS breis agus 2.3 milliún glao in 2021.