Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 14 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,784 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 13 Meán Fómhair, cuireadh 208 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 31,192* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá cinneadh déanta ag NPHET an tréimhse aonraithe a laghdú ó 14 go 10 lá do chásanna deimhnithe ó thús na siomptóm, bunaithe ar chomhairle a fuarthas ón Sainghrúpa Comhairleach tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfianaise.
“Ina theannta sin, aontaíodh gur rogha inghlactha iad maipíní sróine seachas maipín srónfharaingeach le húsáid i gcás leanaí sa phobal. Tá súil againn go n-éascóidh sé seo an próiseas do leanaí."
“Is paindéim éabhlóideach é COVID-19 agus tá NPHET tiomanta do chomhairle agus treoirlínte a oiriúnú bunaithe ar fhianaise atá ag teacht chun cinn."
CRÍOCH
Tá an tréimhse féin-aonraithe do chás COVID-19 athraithe go 10 lá ó thús na siomptóm (nó 10 lá ó dháta na tástála má tá duine aisiomptómach), agus ba cheart go mbeadh an 5 lá deireanach gan fiabhras. Níor tháinig aon athrú ar an tréimhse maidir le gluaiseachtaí a shrianadh dóibh siúd gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe, nó do dhaoine a thaistil go hÉirinn ó thír nach bhfuil ar an liosta glas, agus is 14 lá atá i gceist i gcónaí. Déanfar treoir a nuashonrú sna laethanta amach romhainn chun an t-athrú seo a léiriú.