Fáilte curtha ag an Aire Martin roimh an bhfógra maidir le dámhachtainí maoinithe faoi Scéim Chaipitil Cheoil 2020
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Catherine Martin fáilte inniu roimh an bhfógra atá déanta ag Líonra Ceoil maidir le dámhachtainí maoinithe €248,200, faoi Scéim Chaipitil Cheoil 2020 atá roinnte idir taibhghrúpaí neamhphroifisiúnta (€162,500) agus ceoltóirí cumasacha aonair (€85,700).
Déanann Líonra Ceoil bainistíocht ar an tionscnamh seo, atá i bhfeidhm ó 2008, agus tá sé maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán.
Tá an Scéim Chaipitil Cheoil leagtha amach chun tacaíocht a chur ar fáil chun uirlisí ceoil a cheannach agus chun dul i ngleic le réimse leathan riachtanas caipitil laistigh d'earnáil an cheoil in Éirinn. Bíonn deacrachtaí ar leith ag ceoltóirí agus grúpaí ceoil maidir le huirlisí ceoil a cheannach. Tá an costas a bhaineann le huirlisí a cheannach, iad a chothabháil agus a dheisiú in ann bac a chur ar fhorbairt roinnt eagraíochtaí agus daoine agus tá sé mar aidhm ag an Scéim Chaipitil Cheoil dul i ngleic leis sin.
Tá dhá dhámhachtain ar leith sa scéim a chuireann maoiniú ar fáil le go mbeidh taibhghrúpaí agus ceoltóirí aonair atá ag seinm ag leibhéal proifisiúnta in ann uirlisí ceoil a cheannach.
Faoi Dhámhachtain 1, bronnadh €162,500 ar 29 pobalghrúpa ceoil neamhbhrabúis thar réimse leathan seánraí ceoil chun uirlisí ceoil a cheannach.
Faoi Dhámhachtain 2, bronnadh €85,700 ar 21 ceoltóir sároilte atá ag seinm ag leibhéal proifisiúnta chun tacú le huirlisí agus trealamh a cheannach.
Maidir leis na leithdháiltí seo, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm tacaíocht a thabhairt arís eile don Scéim Chaipitil Cheoil, a chuireann tacaíocht an-tábhachtach ar fáil do cheoltóirí gairmiúla agus amaitéaracha. Ón mbliain 2011 i leith, tá an scéim tar éis deiseanna a thabhairt do cheoltóirí aonair, bannaí óga, cóir, ceolfhoirne agus grúpaí ceoil thraidisiúnta chun trealamh ceoil a cheannach. Tá ár dtraidisiún saibhir ceoil beo beathach fós, rud atá soiléir ón réimse grúpaí agus daoine aonair a chuir isteach ar an Scéim agus a bhfuil tacaíocht á fáil acu fúithi i mbliana.”
Is féidir sonraí faoin Scéim Chaipitil Cheoil agus liosta de na hiarrthóirí rathúla a fháil ag musicnetwork.ie