Fógartha ag Creed go bhfuil síneadh curtha le dáta deiridh an Chomhairliúcháin Phoiblí ar an gcéad Straitéis Agraibhia eile ag Éirinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., síneadh le dáta deiridh an Chomhairliúcháin Phoiblí maidir leis an gcéad Straitéis Agraibhia eile ag Éirinn.
Sheol an tAire an comhairliúchán, atá comhdhéanta de cháipéis comhairliúcháin phoiblí agus suirbhé ar líne, an 31 Iúil agus bhí sé beartaithe deireadh a chur leis an 1 Deireadh Fómhair 2019. Tá síneadh curtha leis anois go dtí an Aoine an 18 Deireadh Fómhair 2019.
Is cloch mhíle mhór don earnáil a bheidh i bhforbairt na chéad straitéise agraibhia eile a dúirt an tAire. “Tuigim gur tréimhse an-chruógach í seo den chomhairliúchán lenár bpáirtithe leasmhara maidir le réimse leathan réimsí beartais agus dá bhrí sin tá an-fhonn orm rannpháirteacht ar an gcomhairliúchán áirithe seo a éascú. Tá súil agam ó tharla síneadh curtha leis an dáta d'aighneachtaí go gcuirfidh gach grúpa agus duine leasmhara leis an gcomhairliúchán poiblí. Seo do dheis do chuid a rá agus táim ag súil le hionchur gach duine”.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá an comhairliúchán seo ina chuid de shraith comhairliúchán mar chuid de chur chuige na Roinne i leith beartas cuimsitheach a fhorbairt.
An Aoine an 18 Deireadh Fómhair 2019 an dáta deiridh anois don chomhairliúchán.
Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán, mar seo a leanas:
CRÍOCH