Deich mBliana na gCuimhneachán: Mná 100
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cláraigh inniu le bheith páirteach sa chomhrá poiblí ag seimineár saor in aisce ar líne ar an Déardaoin, 24 Meitheamh.
Tiocfaidh príomhchainteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta le chéile i gcomhrá fíorúil chun scéalta na mban, cultúr ábhartha, bailiú, músaeim agus tionscnaimh na mban ar fud an domhain a phlé. Déanfaidh siad machnamh ar shaincheisteanna, cosúil le comhionannas agus éagsúlacht, i gcomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. Beidh óráid oscailte réamhthaifeadta sa chlár ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.
Reáchtálfar an seimineár seo i gcomhar le Cumann Idirnáisiúnta Mhúsaeim na mBan agus beidh painéal idirnáisiúnta cainteoirí as Ceanada, an Áise, an Afraic, an Eoraip agus Meiriceá Theas ann. Tá sé mar chuid de Mhná 100 – tionscnamh acmhainne ar líne do Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Ag labhairt roimh an seimineár, dúirt an tAire Martin:
Tá ríméad orm gur eagraigh mo Roinn an comhrá poiblí seo le Cumann Idirnáisiúnta Mhúsaeim na mBan, a chuirfear ar fáil saor in aisce mar chuid d’acmhainn ar líne Mná100.ie do Dheich mbliana na gCuimhneachán. Is comhrá domhanda é seo atá bunaithe ar dhíospóireacht agus ar phlé measúil, agus muid ag machnamh ar na saincheisteanna a ardaíodh agus ar an gcaoi ar féidir linn athruithe a spreagadh’.
Dúirt an Dr Mona Holm, Cathaoirleach Mhúsaeim Idirnáisiúnta na mBan:
‘Cruthaíonn músaeim na mban spásanna malartacha chun stair agus cultúr na mban a phlé. Tugann Cumann Idirnáisiúnta Mhúsaeim na mBan deis do mhúsaeim ban agus do mhúsaeim inscne ar fud an domhain nasc a dhéanamh agus cabhrú lena chéile chun ár gcomhspriocanna a bhaint amach.
Léireoidh ár sainchainteoirí, i meascán de theachtaireachtaí beo agus réamhthaifeadta, forbairtí domhanda in earnáil mhúsaeim na mban, agus cuirfidh siad éagsúlacht tuairimí agus eispéireas in iúl. Déanfaidh siad machnamh ar an gcaoi a léirítear ceannairí mná agus conas a thugtar aghaidh ar shaincheisteanna cosúil le cogadh, caidreamh aicme, agus gnéasacht i ndlínsí eile.
Tá súil againn go spreagfaidh an ócáid seo plé leathan faoi na mná a bheidh i músaeim idirnáisiúnta na mban agus cad a chiallaíonn sé seo maidir le hábhar a bhaineann le mná na hÉireann a bhailiú amach anseo. Cuirfear tús leis an bplé leis an gceist seo a leanas ‘Céard a chuirfeá i Músaem na mBan? An t-am atá thart, an t-am i láthair agus an t-am atá le teacht…’
Tugaimid cuireadh dár lucht féachana páirt a ghlacadh sa chomhrá trína gcuid ceisteanna a sheoladh isteach i ríomhphost chuig commemorations@tcagsm.gov.ie faoin 22 Meitheamh 2021.
Is féidir freastal ar an seimineár ar líne saor in aisce agus cuirfear fáilte roimh chách. Caitear clárú roimh ré. Chun d’áit a chur in áirithe, bain úsáid as an nasc: https://www.eventbrite.ie/e/what-objects-would-you-put-in-a-womens-museum-past-present-and-future-tickets-157964316523
Is féidir tulleadh eolais faoi chlár an lae agus faoi phaineál idirnáisiúnta na gcainteoirí a fháil anseo: https://www.mna100.ie/centenary-moments/what-objects-would-you-put-in-a-womens-museum-past-present-and-future/ .
I measc ár gcainteoirí beidh:
An Dr Mona Holm, Cathaoirleach Mhúsaeim Idirnáisiúnta na mBan;
An Dr Sinéad McCoole, staraí cónaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; Coimeádaí Mhná 100 agus thob-mhúsaem na mban, 100 Bliain na mBan sa Pholaitíocht agus sa Saol Poiblí.
An Dr Gaby Franger, Coimeádaí i Músaem Réigiúnach-Idirnáisiúnta Frauenkultur, sa Ghearmáin;
An Dr Claudia Mandel Katz, Bunaitheoir agus Stiúrthóir Mhúsaem Mhná Costa Rica;
Kye-hyeong Ki, iar-Stiúrthóir Halla Taispeántais Náisiúnta Stair na mBan, i Seoul, sa Chóiré Theas;
Maissan Hassan, Ball den Fhóram Mná agus Cuimhne atá bunaithe i gCaireo, atá i gceannas ar na hiarrachtaí i dtreo músaem ban a bhunú;
An Dr Darlene Clover, Ollamh le Staidéar Ceannaireachta, Dámh an Oideachais, Ollscoil Victoria, agus Comh-Stiúrthóir ar fhoirgneamh oidhreachta ban, Cumann Cairde Acadamh Naomh Anna, Ceanada.
Tionscnamh nua ban ar líne is ea é www.mna100.ie , do thréimhse dheireanach Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, agus leanann sé leis an obair chun róil na mban sa tréimhse réabhlóideach a léiriú.