Foilsíonn an tAire Ryan agus an tAire Donohoe an chéad sraith de pháipéir Athbhreithnithe Caiteachais mar chuid de Phróiseas Athbhreithnithe Caiteachais na bliana 2023
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Pascal Donohoe, an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, inniu an chéad sraith de pháipéir Athbhreithnithe Caiteachais atá le seoladh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide mar chuid de Phróiseas Athbhreithnithe Caiteachais na bliana 2023.
Is é atá san athbhreithniú caiteachais ná ardán tábhachtach le haghaidh fianaise ar dhéanamh beartas a ghiniúint ar fud na Státseirbhíse. Le tacaíocht ó Sheirbhís Eacnamaíoch agus Meastóireachta Rialtas na hÉireann, tá an próiseas tar éis a theacht chun bheith ina phointe fócais le haghaidh anailíse ar fud ranna rialtais.
D’fháiltigh an tAire Ryan roimh na foilseacháin. Dúirt sé:
"Leagtar béim sna páipéir a foilsíodh inniu ar roinnt den anailís a rinne na baill foirne i mo roinn i mbliana chun léargas atá faoi stiúir ag sonraí a sholáthar chun bonn eolais a chur faoin mbeartas agus chun cabhrú le comhairle a thabhairt maidir leis an treo straitéiseach a leanfaidh an roinn ar phríomh-shaincheisteanna don rialtas."
Ag fáiltiú dó roimh na hathbhreithnithe seo, dúirt an tAire Donohoe:
"Tá an próiseas Athbhreithnithe Caiteachais ina chuid ríthábhachtach den mheasúnú leanúnach ar an difear a dhéanann infheistíocht i gcláir phoiblí agus i seirbhísí poiblí agus ar éifeachtacht na hinfheistíochta sin. Fáiltím roimh fhoilsiú na chéad Athbhreithnithe Caiteachais ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Comhshaoil inniu agus táim ag súil leis an rannchuidiú leantach is féidir leis an roinn a dhéanamh chun bonn fianaise a chur faoi réimsí beartais a bhfuil ábharthacht straitéiseach shuntasach acu don rialtas maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus le Slándáil Fuinnimh."
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe – Meastachán a dhéanamh ar chostas féideartha chomhlíonadh na spriocanna aeráide agus fuinnimh don bhliain 2030
Is é atá sa pháipéar seo ná an chéad iarracht riamh ar mheastachán a dhéanamh ar na costais a bhaineann le spriocanna aeráide Aontais Eorpaigh na hÉireann a chomhlíonadh. Cuirtear i láthair ann na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don Státchiste dá dteipfeadh ar Éirinn dul chun cinn leordhóthanach a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. I dteannta na heolaíochta comhshaoil, leagtar béim sna costais chomhlíonta sin ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfí na bearta sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023 chun feidhme. Achoimre ghairid.
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide – An Scéim Deontais um Láithreáin Líonta Talún a Fheabhsú
Scrúdaítear sa pháipéar seo an Scéim Deontais um Láithreáin Líonta Talún a Fheabhsú, agus tugtar moltaí ann maidir le dearadh na scéime sa todhchaí chun a chinntiú go mbeidh tuiscint níos fearr ann ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na scéime. Achoimre ghairid.
CRÍOCH