Fógraíonn an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD ceapacháin ar an mBinse CervicalCheck
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD inniu gur aontaigh na breithiúna seo a leanas fónamh mar bhaill den Bhinse CervicalCheck:
Is ceapacháin bhreise iad na ceapacháin sin anuas ar an mBreitheamh Onórach an tUasal Brian McGovern, ar breitheamh scortha den Chúirt Achomhairc é a aithníodh roimhe sin lena cheapadh ina ghnáthbhall den Bhinse. Dúirt an tAire go mbunófar an Binse gan mhoill.
Dúirt an tAire:
"Cuirfidh an Binse ar chumas mná dul ar aghaidh lena gcuid cásanna ar bhealach íogair tuisceanach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an triúr breithiúna as na róil sin a ghlacadh agus táim ag tnúth le bheith ag obair leo."
Dúirt an tAire freisin go ndéanfar an Coiste Stiúrtha CervicalCheck a athghairm.
"Tá sé de rún agam cathaoirleach neamhspleách a cheapadh ar an ngrúpa sin, a luaithe is féidir iarrthóir oiriúnach a aithint. Tionólfar cruinniú den Choiste Stiúrtha go luath," arsa sé.
CRÍOCH
Moladh i dtuarascáil an Bhreithimh Onóraigh Charles Meenan maidir le córas eile chun déileáil le héilimh a bhaineann le CervicalCheck, a foilsíodh an 16 Deireadh Fómhair 2018, go mbunófaí binse faoi reacht chun éascaíocht a dhéanamh ar éilimh a bhaineann le CervicalCheck a éisteacht go príobháideach agus ar bhealach níos tráthúla agus nach bhfuil chomh naimhdeach. Ag an am céanna, d'aithneofaí na saincheisteanna a bhaineann le dliteanas, an ceart rochtana bunreachtúil ar na cúirteanna agus ceart bunreachtúil na bpáirtithe i gceist chun nósanna imeachta cothroma.
Ritheadh an reachtaíocht riachtanach chun an Binse CervicalCheck a bhunú san Oireachtas agus shínigh an tUachtarán ina dhlí é an 23 Iúil 2019.
Nuair a bhí na príomhshocruithe don Bhinse CervicalCheck á gcur ar bun, beartaíodh go mbunófaí an Binse roimh dheireadh mhí an Mhárta 2020. Ach mar gheall ar bhriseadh amach COVID-19 rinneadh cinneadh moill a chur ar bhunú an Bhinse, ar aon dul leis na bearta sláinte poiblí a bhí á gcur i bhfeidhm chun briseadh amach an víris a smachtú.
Níl an Breitheamh Onórach Mary Irvine ná an Breitheamh Onórach Michael Peart, a ainmníodh mar Chathaoirleach agus gnáthbhall den Bhinse faoi seach, ábalta na róil sin a ghlacadh níos mó.
Anuas ar an gcathaoirleach, ní mór beirt ghnáthbhaill a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu a bheith ar an mBinse.
Dá réir sin, ní rabhthas ábalta an Binse a bhunú go dtí gur aithníodh daoine cuí le róil a ghlacadh in ionad an Bhreithimh Onóraigh Irvine agus an Bhreithimh Onóraigh Peart.
Ós rud é gur aithníodh baill chuí nua lena gceapadh anois, tá sé beartaithe, nuair atá an cathaoirleach nuacheaptha sásta é sin a dhéanamh, an Binse a bhunú a luaithe is a bheidh an deis ag na baill nua breathnú ar na rialacha, nósanna imeachta agus socruithe eile a chuir an Breitheamh Onórach Irvine ar bun, na nósanna imeachta a bhaineann go sonrach le COVID-19 san áireamh, agus aon athrú a mheasann siad a bheith riachtanach a dhéanamh.
Bunaíodh an Coiste Stiúrtha CervicalCheck i Meitheamh 2018 chun maoirseacht agus dearbhú a thabhairt maidir le príomhchinntí an Rialtais a bhaineann le CervicalCheck a chur i bhfeidhm. Cuspóir eile an Choiste is ea obair a dhéanamh chun clár scagthástála ceirbheacs inbhuanaithe agus éifeachtach a áirithiú ar mhaithe le sláinte ban.
Áirítear le ballraíocht an Choiste oifigigh shinsearacha ón Roinn agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, cliniceoirí agus ionadaithe agus urlabhraithe ar son othar.
Bhuail an Coiste i bhFeabhra 2020 ach níor bhuail sé le roinnt míonna anuas mar gheall ar an bpaindéim COVID-19.
Cheadaigh an Rialtas an plean cur chun feidhme maidir leis na moltaí ón bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (Tuarascáil Scally) an 11 Nollaig 2018. Tá 170 gníomh sa phlean cur chun feidhme. Faoi dheireadh na chéad ráithe 2020, cuireadh 137 de na 170 gníomh aitheanta i gcrích. Foilseoidh an Roinn Sláinte an tuarascáil don dara ráithe 2020 go luath.
Ó bunaíodh é, rinne an Coiste maoirseacht ar roinnt feabhsúchán suntasach ar an gClár CervicalCheck. Ina measc sin, le déanaí, rinneadh an t-aistriú teicniúil ón gClár Scagthástála CervicalCheck chuig scagthástáil ceirbheacs HPV ar an 30 Márta 2020. Fágann sé sin gur scagthástáil ceirbheacs HPV é aon tástáil a dhéantar i ndiaidh an dáta sin agus go dtugtar faoi chíteolaíocht ina dhiaidh sin más gá.
Mar gheall ar an aistriú chuig scagthástáil ceirbheacs HPV, tá Éire i measc grúpa beag tíortha, cosúil leis an Astráil, Sasana, an Ísiltír agus an Bhreatain Bheag, a úsáideann an tástáil den chéad scoth seo chun scagthástáil a dhéanamh ar ailse cheirbheacs.Mar sin, agus mar gheall ar rolladh amach na vacsaínithe HPV, beifear ag súil le laghdú suntasach ar líon na gcásanna ailse ceirbheacs in Éirinn thar an 10-20 bliain atá romhainn amach.