An tAire O’Gorman tar éis conradh le haghaidh athbhreithniú neamhspleách faoin gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) a bhronnadh.
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil Coláiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis, Béal Feirste ceaptha aige chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE), chun gealltanas de chuid ‘An Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh (2019-2028)’ a chomhlíonadh.
Cuireann an Clár ECCE suas le dhá bhliain d’oideachas réamhscoile saor in aisce ar fáil agus, ó tugadh isteach den chéad uair é i 2010, tá breis agus 800,000 leanbh tar éis leas a bhaint as – tá ráta glactha os cionn 95% ag an gClár.
Is iad príomhchuspóirí an Chláir ECCE ná:
* an bhearna ar dhul chin cinn idir leanaí a bhfuil níos mó buntáiste acu agus leanaí ar bheagán buntáiste a laghdú.
Déanfaidh an t-athbhreithniú measúnú ar an gClár ECCE agus go príomha an bhfuil na cuspóirí lárnacha seo á gcomhlíonadh ag an gClár agus mar chuid den mheasúnú sainaithneofar athruithe nó feabhsuithe gur féidir a dhéanamh ar an gClár, bunaithe ar fhianaise agus ar thaithí idirnáisiúnta go dtí seo; eolas a dhéanamh d’obair chun teidlíocht uilíoch dhlíthiúil ar réamhscolaíocht a thabhairt isteach.
Ag fáiltiú roimh an athbhreithniú, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá an-áthas orm an t-athbhreithniú seo ar an gClár ECCE a thionscnamh, a chuirfidh gach rud i dtreo chun an Clár ECCE a chur ar bhonn reachtúil, a léireoidh tiomantas an Rialtais do réamhscolaíocht lánmhaoinithe a sholáthar amach anseo. Tá an Clár ECCE ina chroílár inár múnla maoinithe i bhfianaise an leasa a thugann sé do leanaí, dá dteaghlaigh agus don tsochaí i gcoitinne”.
Críochnófar an tAthbhreithniú i Ráithe 3 2023.
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais ar an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) le fáil anseo: first5fundingmodel