Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Máirt, an 27 Lúil 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,120* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 142 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 27 astu siúd san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá beagnach 70% dár ndaonra go hiomlán vacsaínithe anois agus cuireadh síneadh inniu leis an gclár vacsaínithe chun freastal ar dhaoine 12-15 bliana d’aois a bheidh in ann clárú do vacsaín teachtaire RNA (mRNA).
“I ndiaidh don Choiste Comhairleach Imdhíonta Náisiúnta comhairle a eisiúint, a cheadaigh an Rialtas, spreagaim tuismitheoirí agus caomhnóirí leo siúd idir 12 agus 15 bliana d’aois chun iad a chlárú do vacsaíniú a luaithe a thagann an deis aníos.
“Tá glacadh mór leis an gclár vacsaínithe go dtí seo. Spreagaim aon duine atá incháilithe clárú do vacsaín é sin a dhéanamh a luaithe agus is féidir.”
CRÍOCH