Seolann an tAire Ryan comhairliúchán poiblí ar dhréacht-Straitéis um Aer Glan d'Éirinn
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, comhairliúchán poiblí inniu ar an dréacht-Straitéis um Aer Glan d'Éirinn.
Ag seoladh na straitéise dó, dúirt an tAire Ryan:
"Tá aer glan lárnach chun tacú leis an saol de gach cineál agus leis an timpeallacht ar a mbímid go léir ag brath. Tá sé comhchiallach leis an bhfolláine freisin. Téann aer glan chun leasa ár bpobal, ár ngnáthóg agus ár bhfiadhúlra. Cuireann sé leis an timpeallacht is fearr is féidir dúinn, mar shochaí, maireachtáil, obair, fás aníos agus dul in aois ann.
"Cé go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil ár gcáilíocht aeir go maith i gcoitinne, meastar fós go bhfaigheann 1,410 duine bás roimh am gach bliain in Éirinn mar gheall ar thruailliú aeir. Táim tiomanta aghaidh a thabhairt ar an dúshlán ríthábhachtach sláinte poiblí agus comhshaoil seo agus tá áthas orm, dá bhrí sin, comhairliúchán poiblí a sheoladh ar dhréacht-Straitéis um Aer Glan d'Éirinn."
Soláthraítear leis an straitéis seo creat beartais ardleibhéil. Sa chreat beartais seo, aithnítear agus cuirtear bearta comhtháite chun cinn, ar fud bheartas an Rialtais, a theastaíonn chun truailliú aeir a laghdú agus aer comhthimpeallach níos glaine a chur chun cinn, agus cuspóirí náisiúnta níos leithne á gcur i bhfeidhm ag an am céanna.
Beidh buntáistí dearfacha eacnamaíocha agus sochaíocha ag baint leis na hathruithe a chuireann sé chun cinn. Áirítear orthu sin: aer níos glaine; tithe níos teo; cleachtais talmhaíochta fheabhsaithe; roghanna iompair níos inbhuanaithe; sláinte níos fearr; agus astaíochtaí carbóin níos ísle. Cumasóidh siad an t-aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe – san fhadtéarma.
Tógfaidh an comhairliúchán seo ar an obair atá déanta ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa réimse seo le blianta beaga anuas. Cuirfear san áireamh sa straitéis forbairtí le déanaí, go háirithe ag tógáil ar uaillmhian Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021, a seoladh i mí na Samhna seo caite.
Agus é ag tarraingt airde air seo, dúirt an tAire Ryan:
"Cuireann an straitéis seo lenár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Tá raon beart ann chun na sineirgí idir beartas comhleanúnach aeir agus aeráide a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh ár dtithe a fheabhsú agus ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú. Tá dlúthbhaint ag cáilíocht an aeir lenár n-aeráid agus lenár n-éiceachórais. Is foinsí astaíochtaí CO2 iad go leor de na foinsí truaillithe aeir, lena n-áirítear iad siúd ó bhreoslaí soladacha a dhó. Tá comhghaol soiléir idir na gníomhartha is gá chun truailliú aeir a ísliú agus iad siúd a bhfuil gá leo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú."
Tá cúig thosaíocht leagtha amach sa straitéis:
Dúirt an tAire Ryan freisin:
"Is deis é an comhairliúchán seo do gach duine na saincheisteanna a mheas, ionchur a bheith acu sa phróiseas, faisnéis agus sonraí tacaíochta a sholáthar nuair is féidir, agus moltaí a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun truailliú aeir a laghdú agus aer glan a chur chun cinn."
Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh ocht seachtaine nó mar sin.
Is é Dé Máirt, an 3 Bealtaine 2022 an dáta deiridh d'aighneachtaí.
CRÍOCH
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí ríomhphost chuig: airquality@decc.gov.ie nó sa phost chuig:
Comhairliúchán Poiblí Straitéis Um Aer Glan, An Rannán um Cháilíocht an Aeir, An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Bóthar an Bhaile Nua, Loch Garman, Y35 AP90.
Tá fáilte roimh fhreagróirí aighneachtaí mionsonraithe a sholáthar nó is féidir leo roghnú chun na ceisteanna thíos a fhreagairt:
1. An aontaíonn tú leis na cúig thosaíocht straitéiseacha a leagtar amach sa dréachtstraitéis?
2. An mbraitheann tú go bhfuil tosaíochtaí straitéiseacha breise ann ba chóir a chur san áireamh?
3. Conas is féidir sonraí maidir le hastaíochtaí truailleán a úsáid ar bhealach níos fearr chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta?
4. Cad iad na saincheisteanna reatha agus na saincheisteanna is tábhachtaí atá ag teacht chun cinn maidir le cáilíocht an aeir in Éirinn a dteastaíonn tuilleadh taighde uathu?
5. Conas is féidir linn feasacht ar thionchair sláinte an truaillithe aeir a mhéadú níos fearr?
6. Cad iad na saincheisteanna a d'fhéadfadh feachtas náisiúnta feasachta ar aer glan a chuimsiú agus conas a d'fhéadfaí a thionchar a thomhas?
7. Cad iad na méadrachtaí nó na tagarmharcanna ar leith, dar leat, ba cheart a mheas agus dul chun cinn Straitéise maidir le hAer Glan á rianú?
8. An bhfuil aon tuairimí eile agat maidir leis an dréacht-Straitéis náisiúnta um Aer Glan?