Fáiltíonn an tAire O’Donovan roimh thaispeántas taistil All Creatures Great and Small go dtí An Caisleán Nua
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Anuas ó na 1990óidí déanacha, d’oibrigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann i gcomhar le chéile chun taispeántas taistil bliantúil ealaíne a eagrú, chun saothair ealaíne ón dá bhailiúchán stáit a léiriú ar fud an oileáin. Tá áthas ar OPW a fhógairt go n-osclófar an taispeántas reatha All Creatures Great and Small, ar 7 Deireadh Fómhair sa Ghailearaí Red Door i gCaisleán Nua, Co Luimnigh.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Is tionscnamh suntasach trasteorann é an chomhoibrú idir OPW agus Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann, a thugann deis don dá Roinn comhoibriú le heagraíochtaí ealaíne, láithreacha cultúrtha, scoileanna, coláistí agus oifigí ealaíne na n-údarás áitiúil ar fud an oileáin. Is geal liom go dtugtar saothair ón dá bhailiúchán Stáit seo chuig áiteanna éagsúla ar fud Éireann gach bliain agus gur féidir le daoine breathnú orthu agus taitneamh a bhaint astu ina gceantair féin.”
“Tugaim cuireadh do chách teacht agus breathnú ar na saothair seo atá ar taispeáint sa Ghailearaí Red Door. Tá Caisleán Dheasumhan in aice láimhe, áit a dtáinig 16,000 cuairteoir i mbliana go dtí seo. Táim cinnte go mbainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an dtarraingt cultúrtha breise seo.”
Dúirt Méara Luimnigh, an Comhairleoir Daniel Butler:
“Is taispeántas iontach é seo agus sampla de chomhoibriú ar fud an oileáin. Cuirim fáilte roimhe go dtí An Caisleán Nua agus an deis a thugtar do dhaoine sa cheantar breathnú ar na saothair iontacha atá ar taispeáint. B’fhéidir go spreagfaidh sé daoine um smaoineamh ar an nasc atá againn le hainmhithe agus conas a phléimid leo.”
Tá All Creatures Great and Small dírithe ar shaothair ealaíne a léiríonn éin, ainmhithe, éisc agus feithidí agus an gaol atá eatarthu agus an cine daonna. Tá 33 shaothar ealaíne ar taispeáint ó Bhailiúchán Stáit OPW agus ó Bhailiúchán Státseirbhíse Thuaisceart Éireann. Tugann gach ealaíontóir a léiriú pearsanta féin ar chréatúir bheo agus cruthaíonn sé seo taispeántas atá éagsúil, smaointeach agus fíorspéisiúil. Tá clár saor in aisce i dteannta an taispeántais.
Ar na healaíontóirí atá páirteach tá: Corrina Askin, Bono et al., Thomas Carr OBE, Gabhann Dunne, Ivan Frew, Rebecca Homfray, Pen Jones, Rachel Joynt, Atsushi Kaga, John Kindness, Gavin Lavelle, Aoife Layton, Sarah Longley, Maura Lynch, James MacIntyre, Cecil Maguire, Kelvin Mann, Bruce C. Marshall, Colin Martin, Joanna Martin, Eamonn McCrory, Linda McWha, Frieda Meaney, Yvette Monahan, Jeffrey Morgan, Janet Mullarney, Tighe O’Donoghue/Ross, Barbara Rae, Sven Sandberg, Felicity Shun, Dara Vallely.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann (DoFNI) ag comhoibriú ar thaispeántais ealaíne ó na 1990óidí déanacha anuas, chun saothair ón dá bhailiúchán Stáit a chur ar taispeáint in áiteanna éagsúla ar fud an oileáin. Le blianta beaga anuas, leathnaíodh an chomhoibriú le heagraíochtaí cultúrtha eile chun taispeántais a reachtáil i réimse leathan láithreacha – ionaid ealaíne, leabharlanna, coláistí, láithreacha oidhreachta agus suíomhanna eile atá ar oscailt don phobal.
Tá clár taispeántais ar fáil ar líne ag here or in hard copy from artmanagement@opw.ie .
Eolas
Teideal: All Creatures Great and Small
Áit: Gailearaí Red Door, An Caisleán Nua, Co. Luimnigh
Dátaí: 7 go 31 Deireadh Fómhair (Céadaoin - Domhnach)
Suíomh Gréasáin: All Creatures Great and Small