Reachtaíocht nua le Geilleagar Ciorclach a chur i bhfeidhm
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Rialtas chun [nasc seachtrach https://www.gov.ie/en/publication/89838-circular-economy-bill-2021/ |reachtaíocht nua a dhréachtadh le geilleagar ciorclach a chur i bhfeidhm] ina mbeidh athrú ó bhonn ar tháirgeadh agus tomhaltas, ag cur teorainn le táirgí aonúsáide agus ag díriú go daingean ar bhruscar a chaitheamh agus a dhumpáil, i measc bearta eile. Leis an mBille cuirfear i bhfeidhm mórán de na bearta i bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach an Rialtais agus ar Straitéis an Gheilleagair Chiorclaigh atá ag teacht, agus cuirfear an straitéis sin ar bhonn reachtúil.
Leis an mBille:
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD:
"Tá an rialtas tiomanta do chur chuige níos uaillmhianaí, níos claochlaithí maidir le táirgeadh agus tomhaltas le geilleagar ciorclach córasach a bhaint amach. Tá sé ríthábhachach go n-íoslaghdaítear úsáid dramhaíola agus acmhainní trí mhainneachtain; go gcaomhnaíonn dea-dhearadh luach táirge chomh fada agus is féidir, trí bhuanfas agus trí dheisiú; agus nuair a shroicheann táirge deireadh a shaoil, gur féidir a chodanna a úsáid gan stró arís agus arís eile le táirgí úsáideacha eile a chruthú.
Cuirgfidh an Bille seo, chomh maith le straitéis an gheilleagair chiorclaigh a fhoilseoimid gan mhoill, in áit na samhla neamh-iniompartha ‘glac, déan, diúscair’ atá againn faoi láthair geilleagar ciorclach a chabhraíonn linn freisin ár n-uaillmhianta aeráide a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin cuirfidh an Bille ar chumas na n-údarás áitiúil déileáil le dumpáil agus caitheamh mídhleathach bruscair, tacóidh sé le cosc ar dhramhbhia agus spreagfar daoine le roghanna inmharthana a úsáid in ionad earraí aonúsáide diomailteacha."
CRÍOCH
Cúlra an Gheilleagair Chiorclaigh
Nuair a bheidh an geilleagar ciorclach ann beidh tionchair dhearfacha thimpeallachta, eacnamaíochta agus shóisialta aige agus le creat polasaí ciorclach atá dea-dheartha is féidir go n-aithneofar comhthairbhí, chun go solathróidh feabhsúcháin timpeallachta deiseanna eacnamaíochta agus sóisialta freisin agus a mhalairt. Ar fud na hEorpa, tá tíortha ag dul i dtreo cleachtais le haghaidh geilleagar ciorclach, agus tá an tAontas Eorpach ag leanúint dá straitéis ‘Margadh Glas Eorpach’a bhfuil an geilleagar ciorclach ina croílár. I Mí an Mhárta 2020, sheol an AE an Dara Plean Gíomhaíochta do Gheilleagar Ciorclach s’aige. Ar an leibhéal náisiúnta, tá Éire ag tabhairt chun críche a céad Sraitéise an Gheilleagair Chiorclaigh Iomlán Rialtais d’fhonn comhleanúnachas polasaí a chinntiú ar feadh na hearnála poiblí agus le hachoimre a dhéanamh ar chur chuige ginearálta an Rialtais maidir leis an ngeilleagar ciorclach do pháirtithe leasmhara agus don bpobal.
Rachaidh an Bille um Gheilleagar Ciorclach, 2021 céim níos faide trí cheanglas reachtúil a dhéanamh den chur chuige polasaí seo. Chomh maith leis sin tabharfaidh sé an fothaca riachtanach reachtúil do réimse gníomhartha a neartóidh forfheidhmiú dramhaíola maidir le dumpáil agus caitheamh bruscair mídhleathach, e.g. trí úsáid RGCS-chomhlántach TCI a cheadú agus teicneolaíochtaí eile i mbearta forfheidhmithe. I Straitéis an Gheilleagair Chiorclaigh atá ag teacht aníos soláthrófar creat polasaí náisiúnta d’athrú na hÉireann go geilleagar ciorclach. Sa Bhille seo cuirtear an Straitéis seo, agus an tiomantas do gheilleagar ciorclach, ar bhonn soiléir reachtúil. Cuirfear an Clár Naisiúnta um Gheilleagar Ciorclach (á oibriú ag GCC) ar an mbonn reachtúil céanna.