Fáilte curtha ag an Taoiseach roimh chomhaontú Céad-Aire agus LeasCheád-Aire a ainmniú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an Taoiseach Micheál Martin fáilte roimh chomhaontú Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a ainmniú d'Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
"Cuirim fáilte mhór roimh an scéala go ndéanfaidh an DUP agus Sinn Féin Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a ainmniú d'Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Tá seasmhacht Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann agus feidhmiú iomlán institiúidí Chomhaontú Aoine an Chéasta bunriachtanach do shíocháin agus do shlándáil mhuintir Thuaisceart Éireann, agus do shíocháin agus slándáil gach duine ar na hoileáin seo.
Is dul chun cinn tábhachtach é gur thángthas ar bhealach chun tosaigh maidir le seachadadh príomhthiomantas faoin gcomhaontú Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua.
Táim ag súil le bheith ag obair go dlúth leis an gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire. Tá dúshláin shuntasacha romhainn ar fad chun cur le téarnamh geilleagrach agus sochaíoch agus muid ag teacht amach as paindéim Covid-19. Tá go leor gur féidir linn a dhéanamh maidir le comhoibriú praiticiúil a rachaidh chun leasa daoine ar fud an oileáin. "