Formheasann an Rialtas Iarscríbhinn Gníomhaíochta don Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2021
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an Rialtas an Iarscríbhinn mhionsonraithe de Ghníomhaíochtaí chun tacú le seachadadh an Phlean Gníomhaíochta Aeráide 2021, plean uaillmhianach chun Éire a chur ar chosán níos inbhuanaithe – astaíochtaí a laghdú, geilleagar agus sochaí níos glaine, níos glaise a chruthú agus sinn a chosaint ó hiarmhairtí uafásacha an athraithe aeráide.
Leanann Iarscríbhinn na nGníomhartha an Gníomh um Aeráid 2021, a leagan spriocanna ar Éirinn, atá ceangailteach ó thaobh dlí de, le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach tráth nach bhfuil níos déanaí ná 2050, agus laghdú 51% faoi 2030. Is colún lárnach de Chlár an Rialtais iad na spriocanna seo.
Faoin bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2021, tá deis ollmhór ann poist nua a chruthú agus gnólachtaí a fhás in earnáil ar nós gaoithe amach ón gcladach, talmhaíocht cheannródaíoch, nó iarfheistiú – rud a fhágann go bhfuil ár dtithe níos teo agus níos saoire. Tá Éire ar cheann de na tíortha is uaillmhianaí ar domhan ó thaobh na haeráide de.
Bainfear úsáid as an Iarscríbhinn Gníomhaíochtaí chun seachadadh leanúnach gníomhaíochta ar son na haeráide a chur chun cinn i ngach Roinn agus comhlacht Rialtais. Tagann sé go follasach in ionad Iarscríbhinn Eatramhach na nGníomhartha a foilsíodh níos luaithe i mbliana, agus beidh sé faoi réir an phróisis chéanna faireacháin agus tuairiscithe.
Ag trácht ar dhul chun cinn an lae inniu, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide,
Eamon Ryan TD:
"In 2021, thógamar dhá chéim mhór i dtreo ár gcuspóirí aeráide – tríd an Acht um Aeráid a rith, a chuireann de cheangal orainn astaíochtaí a laghdú i gceann leath na ndeich mbliana seo, agus Plean Gníomhaíochta Aeráide nua a chruthú ina leagtar amach conas é sin a bhaint amach. Ní mór dúinn díriú anois ar an bplean chur i bhfeidhm ag gach gné den Rialtas. Leagtar amach na sonraí maidir lena bhfuil ag teastáil san Iarscríbhinn seo de Ghníomhaíochtaí, agus tacaítear leo le bainistiú tionscadail feabhsaithe chun í a chur ar fáil. Chonaiceamar gur féidir linn oibriú ar fud an Rialtais chun dul i ngleic le Covid. Ní mór dúinn anois an spreagadh trasrialtais céanna a thabhairt dár gcuid oibre ar ghníomhú ar son na haeráide, ionas gur féidir linn ár spriocanna a bhaint amach agus geilleagar agus sochaí níos glaine, níos glaise a chruthú."
Beidh an méid seo a leanas mar bhonn agus mar thaca leis an mbéim ar chur chun feidhme agus ar sheachadadh:
Tá Iarscríbhinn na nGníomhartha ar fáil le hamharc uirthi agus/nó í a íoslódáil anois.
CRÍOCH
Tacaíonn Iarscríbhinn na nGníomhartha le seachadadh an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2021.
Foilsíodh an Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2021 ar an 4 Samhain 2021. Tá plean mionsonraithe ann chun tabhairt faoi bheart cinntitheach chun laghdú 51% a dhéanamh ar astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa faoi 2030 agus chun an bealach a réiteach le glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050, mar a gealladh i gClár an Rialtais agus mar atá leagtha amach sa Ghníomh um Aeráid 2021.
Liostaítear sa Phlean na gníomhaíochtaí atá riachtanach chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach agus leagtar amach ann raonta táscacha laghduithe astaíochtaí do gach earnáil den gheilleagar. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta gach bliain, lena n-áirítear in 2022, chun ailíniú a áirithiú lenár mbuiséid charbóin uile-gheilleagair uile-gheilleagair agus lenár n-uasteorainneacha earnála atá ceangailteach ó thaobh dlí.