Inbhuanaitheacht agus gníomhú aeráide i gcroílár na dtionscadal OPW maoinithe faoin Chlár Forbartha Náisiúnta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., roimh infheistíocht breis agus €4 bhilliún faoi Phlean Forbartha Náisiúnta 2021–2030 le haghaidh tionscadail agus cláir a fheidhmeoidh OPW trína Vóta féin agus ar bhonn ghníomhaireachta ar son a gcliant. Tá inbhuanaitheacht agus gníomhú aeráide i gcroílár Ráitis Straitéise OPW agus tá an Oifig geallta um fhís a fhéachann le comhréiteach idir na timpeallachtaí tógtha agus nádúrtha againn. Tá OPW bródúil as cuid de na príomhthionscadail a chur i láthair, a léiríonn go bhfuil ról ceannasach ag OPW san athrú chuig eacnamaíocht atá inbhuanaithe, ar charbón íseal agus éifeachtach ó thaobh acmhainní.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá OPW geallta um réitigh inbhuanaitheacha a chur chun cinn a mhaolóidh ar thionchair ó athrú aeráide. Mar gheall ar an infheistíocht suntasach faoin Phlean Forbartha Náisiúnta atá foilsithe ag an Rialtas, beimid ábalta athruithe a chur i bhfeidhm chun pobail ar fud Éireann a chosaint ar thionchair ó athrú aeráide le scéimeanna um bainistiú priacal tuile atá inoiriúnaithe agus a sheasfaidh an aimsir. Ligfear freisin tacú le spriocanna um ghníomhú aeráide trí mhéadú ar éifeachtúlacht fuinnimh phunainn an Stáit agus spáis oibre um oibriú digiteach a chruthú a fhreagróidh ar riachtanais oibríochta na gcliant-ranna againn, anois agus amach anseo. Trí infheistíocht an Rialtais i láithreacha oidhreachta ar fud na tíre, cosnófar agus cuirfear chun cinn ár n-oidhreacht tógtha agus seandálaíochta, le caomhnú, athchóiriú agus beoú mothálach."
De thoradh infheistíocht €186m ó thús 2018, mar chuid de ghealltanas an Phlean Forbartha Náisiúnta €1bn go 2027, tá méadú ar scéimeanna um fhaoiseamh tuile ó 33 go 92 faoi láthair. Is cuid é seo de chlár infheistíochta €1bn ar thart faoi 150 scéim thar shaolré PFN 2021–2030, a thabharfaidh cosaint ar thart faoi 23,000 maoin faoi phriacal ó thuiliú abhann agus cósta.
Tá na scéimeanna uile um fhaoiseamh tuile inoiriúnaithe maidir le tionchair ó athrú aeráide, ag teacht le Plean Inoiriúnú Earnála an Rialtais um Athrú Aeráide (Bainistiú Priacal Tuile) 2019–2024. Cuimsítear láithreacha a léiriú in abhantrach scéime a thabharfadh deis um Bearta Nádúrtha Coinneála Uisce – bearta ilfheidhmeacha a úsáideann próisis agus gnéithe nádúrtha chun priacal tuile a mhaolú, cáilíocht an uisce a fheabhsú agus gnáthóga a chruthú.
Chomh maith le mórscéimeanna, tacaíonn an clár infheistíochta le Mionscéimeanna OPW um Maolú Tuile. Faoi na scéimeanna seo, sholáthraigh údaráis áitiúla 616 thionscadal ar fud na tíre a thugann réitigh áitiúla ar cheisteanna tuile, agus a thugann cosaint ar breis agus 7,300 maoin.
Laistigh den chlár reatha suntasach, is é an tionscadal faoisimh tuile is mó in Éirinn ná Scéim Faoisimh Tuile na Laoi Íochtaraigh – infheistíocht breis agus €140m do Chathair Chorcaí. Cuimsíonn an tionscadal seo, a thabharfaidh cosaint ar 2,100 maoin ó thuiliú taaaaoide agus báistí:
• Cosaintí tuile ar feadh Abhann na Laoi ó Inis Cara anuas agus trí chathair Chorcaí, um chosaint ar thuiliú taoide agus báistí;
• Athruithe ar chleachtais oibríochta na dtaiscumar ag Carraig an Droichid agus Inis Cara, chun críche bainistiú priacal tuile de réir na gcosaintí tuile thuasluaite;
• Córas um réamhaisnéis tuile mar threoir um chinntiú maidir le díluchtú dambaí, agus más gá, cosaintí sealadacha/inasbhainte le sruth anuas agus i gCathair Chorcaí;
• Deisiú ar chéanna stairiúla agus ar chosáin cois abhann.
Is gá infhéistíocht phráinneach ar thart faoi 50% den chóiríocht oifige ag OPW, chun an lorg carbóin a laghdú de réir Phlean an Rialtais um Ghníomhú Aeráide. Is é an tionscadal is mó tábhacht anseo ná aisfheistiú domhain ar Theach Tom Johnson, Baile Átha Cliath – infheistíocht thart faoi €50m. Caithfear an chuid eile den infheistíocht faoin chlár (€390m) ar aisfheistiú fuinnimh in oifigí Stait ar fud na tíre ar leibhéal meánach, chun méadú 50% ar a laghad san éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach. Déanfar é seo trí chláir atá ann cheana a uasghrádú le linn saolré an PFN.
Díreofar an infheistíocht ar réimse bearta chun an lorg carbóin a laghdú: insliú feabhsaithe, fuinneoga nua, uasghrádú ar theannas aeir, teaschaidéil, uasghrádú ar Chórais Bainistíochta Foirgnimh, soilse uasghrádaithe agus grianphainéil a chur isteach. Tiocfaidh €15 milliún, dírithe ar oifigí réigiúnacha, don chlár seo ó Chiste an AE um Théarnamh agus Dhíonú Náisiúnta (NRRP).
Cuirfidh an tionscadal suntasach seo le saol úsáideach an fhoirgnimh a tógadh ins na 1970óidí, agus dá thoradh beidh ceannáras samplach, éifeachtúil ó thaobh fuinnimh, ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Trí uasghrádú ar an bhfoirgneamh, seachas é a scrios agus foirgneamh nua a thógáil, laghdófar go suntasach an org carbóin. San am céanna, ardófar an Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) ó C3 go A2, a thabharfaidh laghdú 75% ar an úsáid bhliantúil fuinnimh. Feabhsófar an solas lae agus aerú nádúrtha le spá nua láir agus athrófar leagan amach ceallach na n-oifigí le socrú nua oscailte, rud a mhéadóidh go 500 an líon daoine ag obair ann.
Tá uasghrádú agus cuíchóiriú suntasach de dhíth ar bhonneagar digiteach an Rialtais. Cuirfidh Ionad Sonraí Rialtais comhroinnte ar chumas an Stáit oibríochtaí a shlánú agus féachaint chuige go seasfaidh seachadadh seirbhísí riachtanacha don phobal an aimsir. Beidh an tIonad nua oiriúnach um chumhacht a ghlacadh ó ghrianphainéil ar an láthair amach anseo. Meastar go mbeidh sé críochnaithe faoi 2025. Beidh sé á oibriú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara thar ceann an Stáit, suite ar Champas bhacastúin i gCo. Chill Dara, áit a bhfuil áiseanna éagsúla ag an roinn, an Saotharlann Stáit agus Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann (FSI). Oibreoidh an tIonad faoin teicneolaíocht is déanaí um Shaorfhuarú; beidh sé a dhá oiread níos éifeachtúil ná na saoráidí atá in úsáid faoi láthair, rud a laghdóidh an úsáid chumhachta agus an brú ar sholáthar leictreachais.
Clúdóidh an infheistíocht seo réimse láithreacha Oidhreachta agus cuirfear ar chumas OPW tús a chur le Mórphleananna le haghaidh Pháirc an Fhionnuisce (€40m) agus Caisleán Bhaile Átha Cliath (€20m).
Cuirfidh an infheistíocht i bPáirc an Fhionnuisce feabhas ar rochtain agus neartú le heispéireas cuairteoirí sa Pháirc. Cruthófar bealaí nua rothaíochta agus coisíochta sa Pháirc agus déanfar bealaí atá ann cheana a uasghrádú chomh maith le feabhsú ar bhóithre. Déanfar athchóiriú ar na lóiste geata agus caomhnú ar ghnéithe stairiúla agus bealaí treoraithe sa Pháirc.
Déanfar athchóiriú agus uasghrádú ag Dún na hArmlainne agus ag Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce um eispéireas cuairteoirí a neartú. Dá thoradh san cuirfera le cumas OPW an foirgneamh suntasach míleata ag Dún na hArmlainne a chur i láthair an phobail. Is gné tábhachtach den mhargadh idirnáisiúnta turasóireachta é láithreacha míleata agus cuirfidh an infheistíocht seo atá beartaithe le soláthar turasóireachta an Stáit.
Ag Caisleán Bhaile Átha Cliath is iad seo a leanas na príomhoibreacha atá beartaithe:
• Uasghrádú agus athchóiriú ar na háiseanna um Fhailtiú Cuairteoirí ins na Seomraí Stáit;
• Uasghrádú sa ríocht phoiblí, go háirithe i gClós Íochtarach an Chaisleáin um rochtain ar an láthair do chuairteoirí a neartú;
• Athfhorbairt ar Shráid Werburgh Street um chur leis an spás oifige atá ar fáil;
• Bealach isteach nua le haghaidh feithiclí ag Sráid Stiofáin Uachtarach, rud a áiseoidh feithiclí a choimeád amach ó na láithreachta is mó atá in úsáid ag coisithe;
• Músaem nua a léireoidh stair an Chaisleáin a théann siar 800 bliain – taispeánfar nithe ó bhailiúchán OPW, iarsmaí seandálaíochta fuarthas ar an láthair agus rudaí ar iasacht fadtéarmach ó bhailiúchain náisiúnta eile;
• Leathnú ar na háiseanna comhdhála san Fhoirgneamh Stampála, bialann ar an díon a bheidh ar fáil do chuairteoirí san áireamh.
Cuirfidh OPW €40m sa Chlár Infheistíochta Turasóireachta chun rochtain an phobail ar láithreacha stairiúla agus séadchomharthaí a fheabhsú agus chun a chinntiú go ndéanfar caomhnú agus cur i láthair ar ardhcaighdeán ag láithreacha oidhreachta ar fud na tíre. Áirítear ar na tosaíochtaí infheistíochta:
• Áiseanna do chuairteoirí a fheabhsú;
• Beoú ag na láithreacha a neartú;
• Uasghrádú ar bhonneagar do chuairteoirí ag láithreacha séadchomharthaí náisiúnta;
• Feabhsú breise ar áiseanna léirmhíniúcháin.
Áirítear ar chuid de na hinfheistíochta ar leith:
• Oibreacha um dhainghniú agus athchóiriú seachtrach ag Teach Chill Mochorróg;
• Oibreacha um chaomhnú an fhoirgnimh agus áiseanna do chuairteoirí a fheabhsú ag Teach Bhaile an Chaisleáin;
• Oibreacha um chaomhnú ag Baile na Speire agus Cúirt Ioma;
• Athchóiriú ar an Teach Uisce ag Garraithe Náisiúnta na Lus.
Cuirfear maoiniú breise ar fáil ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíona, Gaeltachta, Spórt agus Meáin trí Fáilte Ireland.