Fógraíonn an tAire Ryan faighteoirí na ndeontas faoin gciste nua €5 mhilliún faoi Shnáithe 2 den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, na 18 bhfaighteoir rathúla atá ag fáil deontais faoin gciste nua €5 mhilliún faoi Shnáithe 2 den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide.
Leis an gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, tacaítear le tionscadail agus tionscnaimh a éascaíonn gníomhú pobail ar son na haeráide trí oideachas, trí fhorbairt acmhainne agus trí fhoghlaim trí ghníomhaíocht. Tá an clár á reáchtáil ag Pobal thar ceann na Roinne. Bhuail an tAire Eamon Ryan leis na tionscadail rathúla ag ócáid seolta a cuireadh ar siúl in Óstán Ashling i mBaile Átha Cliath (inné).
Ag labhairt dó faoi na tionscadail, dúirt an tAire Ryan:
"Táthar ag iarraidh go mór dul i mbun gnímh ar leibhéal an duine aonair agus ar leibhéal an phobail. Sna Comhráite faoin Aeráid 2022, rud a ghabh an Roinn seo de láimh le linn an tsamhraidh chun léargas a fháil ar thuairimí an phobail, aimsíodh go bhfuil inspreagadh ag 83% de na rannpháirtithe ar fud shochaí na hÉireann chun dul i mbun gnímh chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.
"Is é atá sa raon tionscadal a ndéantar ionadaíocht dóibh sna dámhachtainí seo ná léiriú go bhfuiltear ag iarraidh tionscnaimh ar féidir leo cabhrú le pobail aistriú i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe. Táim ag súil lena fheiceáil cén tionchar marthanach a bheidh ag bhur dtionscadail ar phobail a chumhachtú chun iompraíochtaí agus nósanna a athrú, agus táim muiníneach go mbeidh na torthaí ina n-údair inspreagtha do ghrúpaí eile a bhféadfadh gur mhaith leo páirt a ghlacadh i snáitheanna cistiúcháin sa todhchaí."
Dúirt Anna Shakespeare, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Pobal:
"Tá an-áthas ar Pobal a bheith i mbun Snáithe 2 den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide a riar thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá sé an-tábhachtach nach bhfágfaí aon phobal ar chúl mar fhreagairt do dhúshlán an ghníomhaithe ar son na haeráide agus do dhúshlán an cheartais, agus táimid ag súil le tacaíocht a thabhairt do thionscnóirí na dtionscadal agus iad ag iarraidh tionscadail rathúla a sholáthar ar féidir leo eolas a dhéanamh do chineálacha cur chuige pobail sa todhchaí i leith gníomhú ar son na haeráide agus i leith an cheartais."
Roghnaíodh 18 dtionscadal ó áiteanna ar fud na tíre ón 72 iarratas a fuarthas. Déanann siad ionadaíocht do raon éagsúil gníomhaíochtaí ar fud na gcúig théama cláir (An Baile agus Fuinneamh; Bia agus Dramhaíl; Siopadóireacht agus Athchúrsáil; An tIompar; An Aeráid Áitiúil agus an Comhshaol).
Áirítear na nithe seo le sampla de na tionscadail:
Cuirfear tús roimh i bhfad le hobair ar gach ceann de na 18 dtionscadal um ghníomhú pobail ar son na haeráide. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na tionscadail, téigh chuig suíomh Gréasáin Pobal.
Tosóidh Snáithe 1 den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide ag glacadh le hiarratais tráth dheireadh na bliana 2022 nó tráth thús na bliana 2023. Tacóidh an snáithe seo den chlár le pobail, bíodh pobail mhóra, pobail bheaga, pobail tuaithe nó pobail uirbeacha iontu, chun pobail ísealcharbóin a thógáil ar bhealach meáite struchtúrtha. Chun Snáithe 1 a thosú, is gá Oifigigh Aeráide thiomnaithe a cheapadh in Údaráis Áitiúla chun an t-aistriú a threorú le haghaidh na bpobal ísealcharbóin sin. Cuirfear tuilleadh mionsonraí ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne agus ar shuíomhanna Gréasáin na n-údarás áitiúil in am trátha.
CRÍOCH
Leis an gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, infheisteofar €60 milliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide i dtionscadail agus tionscnaimh um ghníomhú pobail ar son na haeráide, agus i bhforbairt acmhainne, sna trí bliana seo romhainn.
Leis an gClár, tabharfar tacaíocht agus cumhacht do phobail chun pobail inbhuanaithe ísealcharbóin a mhúnlú agus a thógáil ar bhealach comhleanúnach. Cuirfear i bhfeidhm é in dhá chéim, agus €30 milliún leithdháilte le haghaidh na chéad chéime.
Tá an chéad chéim comhdhéanta de dhá shnáithe.
Cisteofar na tionscadail trí shuim €5 mhilliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar bhonn reachtúil sa bhliain 2020 chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail, tionscnaimh agus taighde a rannchuidíonn le spriocanna aeráide agus fuinnimh na hÉireann a bhaint amach agus do thionscadail agus tionscnaimh atá i réigiúin den Stát, agus atá in earnálacha den gheilleagar, a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin difear dóibh. Cuirtear acmhainní ar fáil don chiste go príomha ó fháltais ón tobhach a íoctar leis an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (NORA) i ndáil le diúscairtí iomchuí táirgí peitriliam, tar éis ceanglais chistiúcháin NORA a chomhlíonadh.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Is féidir mionsonraí faoi na tionscadail rathúla a léamh thíos:
Eagraíocht | Teideal an tionscadail | Tuairisc ar an tionscadal atá le cistiú |
Carlow Kilkenny Energy Agency CLG, ag trádáil faoi ainm 3cea | Moil Fuinnimh Pobail | Chun forbairt agus soláthar 'Mol Fuinnimh Pobail' ar líne a chistiú, ar moil iad a thacóidh le grúpaí pobail agus le daoine aonair a smaointe le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a réadú. Forbróidh an tionscadal uirlisí foghlama praiticiúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na héifeachtúlachta fuinnimh i dtithe agus i bhfoirgnimh phobail. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt le Seirbhísí Leabharlainne Loch Garman, Cheatharlach, Chill Chainnigh agus Phort Láirge. |
Energy Communities Tipperary Cooperative Company Limited by Guarantee | Cosantóirí Coigilte Fuinnimh | Chun forbairt an tionscadail 'Cosantóirí Coigilte Fuinnimh' a chistiú, ar tionscadal é a spreagfaidh tuilleadh coigiltí fuinnimh agus tuilleadh éifeachtúlachta fuinnimh i measc teaghlach agus pobal. Cuirfear oiliúint ar éascaitheoirí chun go mbeidh siad in ann treoir a thabhairt do dhaoine maidir le conas is fearr is féidir leo a n-úsáid fuinnimh baile a laghdú agus maidir leis na bearta is féidir leo a dhéanamh chun a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Tá gné iomaíoch mar chuid den chlár chun go mbeidh teaghlaigh agus pobail in ann dul in iomaíocht lena chéile. |
FoodCloud | Ó dhramhaíl bhia go pobail bhia inmharthana: clár forbartha acmhainne | Chun tionscadal a chistiú chun líonra comhpháirtithe agus saoránach a spreagadh dul i mbun tuilleadh gníomhaíochta chun dramhaíl bhia a laghdú agus slándáil bia a mhéadú ina bpobal trí bhia barrachais a athdháileadh. Déanfaidh an tionscadal forbairt agus soláthar ar oiliúint agus ar ábhair forbartha acmhainne do phobail chomhroinnte bia. Áireofar leo sin: cúrsaí oideachasúla ar líne ar íoslaghdú na dramhaíola bia agus ar athdháileadh bia, cás-staidéir ar an dea-chleachtas i gcomhroinnt bia; agus foireann uirlisí a fhorbairt do phobail chun pobal dramhaíola nialasaí bia a ghníomhachtú. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, le hionadaithe ó chomhpháirtithe athdháileacháin CVO FoodCloud, leis an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, agus leis an Rediscovery Centre. |
Cumann Lúthchleas Gael | Clár Clubanna Glasa CLG – Tionscadal Forbartha Acmhainne Eagraíochtúla | Chun tuilleadh forbartha 'Chlár Clubanna Glasa CLG' a chistiú, rud a bhfuil sé i gceist leis Foireann Uirlisí Idirchaidrimh Pobail a fhorbairt lena dtacófar le clubanna cur chun feidhme a dhéanamh ar ghníomhartha inbhuanaitheachta agus aeráide ar fud cúig théama: fuinneamh, dramhaíl, uisce, an bhithéagsúlacht, agus an t-iompar. Áireofar leis sin a chinntiú gurb ábhartha don bhallraíocht, don mhórphobal agus don timpeallacht fhisiciúil/shóisialta a bheidh na gníomhartha arna sainaithint, agus soláthrófar oiliúint leis d’oifigigh Phleanála agus Oiliúna Contae CLG chun tacú leis an bpróiseas sin a chomhordú. |
An Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach | Cumhacht chun Athraithe | Chun forbairt an tionscadail 'Cumhacht chun Athraithe' a chistiú, a dhéanfaidh, i gcomhpháirt le Líonra Rannpháirtíochta Pobail Shligigh, foireann uirlisí, stór cás-staidéar agus fréamhshamhail foghlama fíorúla a chruthú agus tionscnamh dúlra agus líonra réigiúnach a bhunú. Éascóidh an tionscadal dáimh leis an dúlra a chruthú/a athchruthú agus forbróidh sé acmhainn chun grúpaí pobail a spreagadh chun an t-athrú a stiúradh. |
Leave No Trace Ireland | Tránna agus Dumhcha le haghaidh Oiriúnú don Aeráid: Oiliúint do Phobail | Chun forbairt 'Tránna agus Dumhcha le haghaidh Oiriúnú don Aeráid: Oiliúint do Phobail' a chistiú, rud a fhorbróidh acmhainn na bpobal áitiúil chun oiriúint don athrú aeráide agus chun é a mhaolú. Forbróidh an tionscadal foireann uirlisí agus ceardlanna oideachasúla lena méadófar eolas agus scileanna na bpobal chun gníomhaíocht dhearfach a dhéanamh maidir le conas is fearr is féidir tránna agus dumhcha a úsáid chun an cósta a chosaint. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt le hOifig Réigiúnach Bhord Farraige Thuaidh an Atlantaigh um Ghníomhú ar son na hAeráide, le Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma, agus le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. |
National LGBT Federation Company Limited by Guarantee | HOMEWORKS | Chun forbairt an tionscadail 'HOMEWORKS: Gníomhú ar son na hAeráide á Thabhairt Abhaile' a chistiú, rud a dhéanfaidh, ag obair dó i gcomhpháirt leis an Common Knowledge Centre for Sustainable Living, acmhainn agus muinín na bpobal a fhorbairt chun go mbeidh siad in ann gníomhaíocht a bheidh praiticiúil agus dírithe ar an aeráid a dhéanamh sa bhaile agus i saoráidí pobail araon. Díreoidh an tionscadal ar fhorbairt a dhéanamh ar scileanna a bhaineann leis an mbaile, le fuinneamh, le bia agus le dramhaíl, agus táirgfidh sé foireann uirlisí le sraith ceardlann theagmhálach um ghníomhaíocht pobail agus scileanna. |
Ollscoil na hÉireann (Gaillimh) | Foireann Uirlisí chun Comhchruthú agus Gníomhú ar son na hAeráide a Bhrú Chun Cinn | Chun forbairt 'Foireann uirlisí chun Comhchruthú agus Gníomhú ar son na hAeráide a bhrú chun cinn' a chistiú. Áireofar leis sin raon uirlisí, cás-staidéir agus ardán comhroinnte chun tacú le pobail dhícharbónaithe a lorg coise carbóin a laghdú ar bhealach inbhraite faoin mbliain 2050. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt le roinnt acadóirí, le cúig ghrúpa pobail Dícharbónaithe, le cúigear oifigeach um fheasacht ar an gcomhshaol, le ceithre bhrainse d’Obair Dheonach Éireann, le Comharchumainn Fuinnimh Éireann agus leis an oifig réigiúnach um Ghníomhú ar son na hAeráide i Maigh Eo. |
Comhairle Náisiúnta na mBan | Cur Chuige Feimineach Oibre Pobail a Thógáil i leith an Athraithe Aeráide | Chun forbairt clár forbartha acmhainne agus acmhainní gaolmhara a chistiú chun tacú le forbairt pobail agus chun tacú le heagraíochtaí ban páirt a ghlacadh sa bheartas aeráide agus i ngníomhú ar son na haeráide ó dhearcadh feimineach i leith ceartas aeráide de, agus díriú ar leith á leagan ar an tionchar atá aige ar mhná agus ar phobail imeallaithe. Forbrófar an tionscadal seo i gcomhpháirt le Community Work Ireland. |
ROTHA | Treoirthionscnamh a bhfuil mar aidhm aige 'ionad ilfhreastail' pobail a sholáthar le haghaidh uasghráduithe fuinnimh tí | Chun treoirthionscnamh a chistiú chun forbairt a dhéanamh ar na tacaí a theastaíonn chun seirbhís chomhairleach a bhunú do shealbhóirí tí, agus aghaidh á tabhairt ar a riachtanais sna céimeanna tosaigh dá n-aistear chun a bhfuinneamh tí a uasghrádú. Beidh an tseirbhís chomhairleach sin ar an treoirchéim d’Ionad Ilfhreastail lándéanta a fhorbairt, agus déanfar í a fhorbairt agus a sholáthar i gcomhar le pobail tuaithe Chorcaí Thiar. Forbrófar an tionscadal seo i gcomhpháirt le Ludgate Hub. |
Sonairte the National Ecology Centre Company Limited By Guarantee | Gníomhú ar son na hAeráide agus Bia Áitiúil – tacaí do mhoil phobail (CALF) | Chun forbairt agus soláthar an tionscadail 'Gníomhú ar son na hAeráide agus Bia Áitiúil' (CALF) a chistiú, rud a bhunóidh líonra piaraí ó thaithí a bheidh comhdhéanta de mhoil réigiúnacha bhia ó chontaetha difriúla in Éirinn. Forbróidh sé acmhainn na mol bia atá ag teacht chun cinn agus atá bunaithe trí úsáid a bhaint as ardán Open Food Ireland atá faoi úinéireacht an úsáideora chun feirmeoirí áitiúla agus táirgeoirí áitiúla a cheangal lena bpobal áitiúil agus chun sraith acmhainní a fhorbairt do ghrúpaí pobail, do chomharchumainn, d’fhiontair shóisialta, d’fheirmeoirí beaga agus do dhaoine eile chun pobail áitiúla bhia a bhunú. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt le Open Food Ireland agus le Feirm Phobail Chloch Shiurdáin. |
Space Engagers Company Limited by Guarantee | Pobail Nua Fuinnimh | Chun dearadh agus soláthar Creat 'Pobal Nua Fuinnimh' a chistiú – is é a bheidh ansin ná plean oibre ar féidir tacaíocht a thabhairt dó agus ar féidir é a úsáid ar leibhéil dhifriúla chomharsanachta agus phobail chun forbairt acmhainne a éascú i dtreo an aistrithe fuinnimh. Forbróidh sé straitéisí le haghaidh gníomhaíocht áitbhunaithe áitiúil baile agus comhshaoil chun saoránaigh a chumhachtú chun páirt ghníomhach a ghlacadh i bpróisis an athraithe, agus tacóidh sé le pobail teacht ar bhealaí nua, ábhartha agus éifeachtacha le haghaidh dul i ngleic leis na dúshláin atá tábhachtach dóibh. |
Sustainable Ireland Cooperative Society Ltd | Cóitseálaithe Aeráide le haghaidh Aistriú Cóir agus Pobail Athléimneacha | Forbairt an tionscadail 'Cóitseálaithe Aeráide le haghaidh Aistriú Cóir agus Pobail Athléimneacha' a chistiú, rud a chruthóidh Pobal Cleachtais chun clár oiliúna saincheaptha agus foireann uirlisí a chomhfhorbairt chun gníomhú ar son na haeráide agus aistriú cóir a spreagadh, a scálú agus a luasghéarú trí fhorbairt áitiúil inbhuanaithe atá faoi stiúir an phobail. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt le Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Thuaidh agus Theas agus le Líonraí Rannpháirtíochta Pobail Thiobraid Árann agus Phort Láirge. |
Sustainable Projects Ireland CLG | Ionaid Sármhaitheasa a Chruthú le haghaidh Gníomhú Pobail ar son na hAeráide | Chun soláthar an tionscadail um 'Ionaid Sármhaitheasa a Chruthú le haghaidh Gníomhú Pobail ar son na hAeráide' a chistiú, rud a fhéachfaidh le hIonaid Inbhuanaithe Oideachais agus Taispeána a fhorbairt agus a chur ar aghaidh mar phointí fócais le haghaidh gníomhú pobail ar son na haeráide agus le haghaidh inbhuanaitheachta. Déanfar é sin trí thaithí ar an dea-chleachtas a chomhroinnt, trí threoirlínte coiteanna a fhorbairt ó phróiseas comhoibríoch agus trí Threoir agus Foireann Uirlisí Dea-Chleachtais a chruthú, agus an fhoghlaim sin á taifeadadh chun go mbeidh daoine eile in ann í a leanúint. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt leo seo: Coláiste Ealaíne Bhoirne, Green Skibbereen agus Sonairte. |
The Bohemian Football Club Company Limited by Guarantee | The Spark – Forbairt acmhainne le haghaidh gníomhú ar son na haeráide atá faoi stiúir an phobail | Chun forbairt thionscadal ‘The Spark’ a chistiú, rud a chruthóidh curaclam inláimhsithe, gníomhaíochtaí agus modhanna idirchaidrimh dea-chleachtais le haghaidh raon leathan geallsealbhóirí chun go mbeifear in ann comharchumann féinchothabhálach aeráide a chruthú chun astaíochtaí áitiúla a laghdú agus chun an acmhainn áitiúil chun oiriúnú a fhorbairt. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt leis an Bohemian Foundation, le Connecting Cabra, le Cosybatter, le Cumann Peile na hÉireann, le Gníomhaireacht Forbartha Ghráinseach Gormáin, le Príosún Mhuinseo, le Neighbourhood Network, le Club Aeráide Shráidbhaile Bhaile Phib, le Rothar, le hÓmós Áite Bhóthar na gCloch agus le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. |
The Irish Local Development Network Company Limited by Guarantee | Múscailt Feasachta ar Iarfheistiú Tí atá faoi Stiúir an Phobail agus Oiliúint ann | Chun forbairt an tionscadail 'Múscailt Feasachta ar Iarfheistiú Tí atá faoi Stiúir an Phobail agus Oiliúint ann' a chistiú, rud a fhorbróidh seirbhís iarfheistithe pobail, curaclam oiliúna agus uirlisí a thacóidh le húinéirí tí an lámh in uachtar a fháil ar bhacainní le scéimeanna deontas a rochtain. Comhcheanglaíonn an tseirbhís Aistriú Eolais agus Tacaíocht Theicniúil le Cosantóirí Iarfheistithe tiomnaithe a oibreoidh le struchtúir phobail amhail Pobail Fuinnimh Inmharthana. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt le Cuideachta Forbartha Áitiúla an Chabháin, le Cuideachta Forbartha Áitiúla Liatroma, leis an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, le Forbairt Chomhtháite Mhuineacháin, le Plan Energy, agus le Comhpháirtíocht Leader, Sligeach. |
The Rediscovery Centre Company Limited by Guarantee | Deiseanna Geilleagair Chiorclaigh a Thógáil i bPobail | Chun forbairt an tionscadail 'Deiseanna Geilleagair Chiorclaigh i bPobail' a chistiú, rud ar clár saincheaptha oiliúna agus meantóireachta é a fhorbróidh acmhainn i bpobail chun tionscadail nó fiontair nua Gheilleagair Chiorclaigh a fhorbairt. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt le hIonad Fostaíochta, Forbartha agus Eolais an Longfoirt, le Líonra Ban Ros Comáin agus le Fiontar Pobail Tait House. |
Voice of Irish Concern for the Environment | Cineálacha ciorclacha cur chuige i leith bainistíocht bia agus dramhaíola ar leibhéal an phobail | Forbairt an tionscadail 'Cineálacha Ciorclacha Cur Chuige i leith Bainistíocht Bia agus Dramhaíola ar Leibhéal an Phobail' a chistiú, rud a dhéanfaidh forbairt agus triail ar fhoireann uirlisí le haghaidh eagraíochtaí ar leibhéal an phobail chun dul i ngleic le dramhaíl bhia ón bhfeirm go dtí an forc trí chineálacha cur chuige atá comhairleach agus bunaithe ar ghníomhaíocht. Is tionscadal é seo atá á dhéanamh i gcomhpháirt le Transition Kerry. |