Iarrtar tairiscintí maidir le Straitéis Athchóirithe Fhadtéarmach na hÉireann 2020
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Éire a Straitéis Athchóirithe Fhadtéarmach 2020 agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh é, mar a éilítear faoin Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (2018/844/AE) (Athmhúnlú).
Cuimsíonn Straitéis Athchóirithe Fhadtéarmach 2020 na beartais agus na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair nó atá á bhforbairt chun athchóiriú an tsoláthair náisiúnta foirgneamh a spreagadh agus chun tacú leis chun a chinntiú go mbeidh stoc foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh agus dícharbónaithe ag Éirinn faoi 2050.
Gealltar sa Chlár don Rialtas go laghdófar 7% in aghaidh na bliana ar an meán in astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa ó 2021 go 2030 (laghdú 51% laistigh de dheich mbliana) agus chun glan-astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050. Chuige sin beidh méadú suntasach riachtanach ar leibhéal agus ar dhoimhneacht an iarfheistithe a dhéanfar ar fhoirgnimh. D’fhonn tacú leis an méadú seo, caithfear beartais agus bearta breise a fhorbairt.
I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh ar an uaillmhian atá leagtha amach sa Chlár don Rialtas agus na beartais agus na bearta a fhorbrófar chun tacú lena baint amach, tá sé beartaithe an Straitéis Athchóirithe Fhadtéarmach a nuashonrú ar bhealach a bheidh ag teacht leis na nuashonruithe a dhéanfar amach anseo ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus ar an bPlean Náisiúnta Fuinnimh & Aeráide. Cuirfidh toradh an chomhairliúcháin phoiblí seo leis na nuashonruithe sin.
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag lorg tuairimí anois faoin Straitéis Athchóirithe Fadtéarmaigh (LTRS) chun bonn eolais a sholáthar d’fhorbairt an bheartais sin sa todhchaí.
Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a sheoladh isteach anseo
Is é 5pm an 3 Nollaig 2020 an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil ar an gcomhairliúchán poiblí seo.
CRÍOCH